D’eisigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit torthaí na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí chuig iarrthóirí Dé hAoine, an 25 Lúnasa 2023.
Beidh líne chabhrach na Tairsí d’Iarrthóirí de chuid Choimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil ag 1800 111 135 nó 1800 111 136 ó 9 am go 5 pm ó Dé hAoine, an 25 Lúnasa go dtí Dé Luain, an 4 Meán Fómhair. Tá sé ar fáil le haghaidh fiosruithe a bhaineann leis an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí agus leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil tríd an tairseach. Lasmuigh de na huaireanta seo is féidir fiosruithe a chur ar ríomhphost chuig candidateportal@examinations.ie
Beidh Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus Scoláirí 1800 265 165 ag feidhmiú ó Dé hAoine, an 25 Lúnasa go dtí Dé Sathairn, an 2 Meán Fómhair, ó 10 am go 6 pm gach lá, seachas Dé Domhnaigh, an 27 Lúnasa, nuair a bheidh sí oscailte ó 10 am go 4 pm.
Is seirbhís saorghlao í an Líne Chabhrach seo a chuirtear ar fáil do scoláirí na hArdteistiméireachta agus a dtuismitheoirí agus a gcaomhnóirí. Is iad treoirchomhairleoirí atá oilte agus a bhfuil taithí acu atá mar bhaill foirne den Líne Chabhrach a chuirfidh tacaíocht duine le duine ar fáil do thuismitheoirí agus do scoláirí. Is iad na treoirchomhairleoirí atá bainteach leis an líne chabhrach ná baill d’Institiúid na dTreoirchomhairleoirí (IGC).
Faigheann Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus Scoláirí tacaíocht ó Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí, atá urraithe ag an Roinn Oideachais agus ag an Irish Independent/Independent.ie agus atá tacaithe ag Eir agus an ISSU (Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann).
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach ar 1800 265 165.
Tá réimse acmhainní folláine a d’fhorbair an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil freisin ag: Tacaíocht folláine do scoláirí Ardteistiméireachta, do thuismitheoirí agus d'fhoireann na scoile .
Beidh FSS/ soláthraithe seirbhíse a fhaigheann maoiniú ó FSS ar fáil chun tacú le scoláirí trí sheirbhísí meabhairshláinte a chur ar fáil. Cliceáil ar an nasc seo a leanas le haghaidh tuilleadh eolais: [external-link https://www2.hse.ie/mental-health/services-support/ | HSE/Mental Health Supports ]
Tá síceolaithe SNSO ar fáil chun tacú le múinteoirí agus le treoirchomhairleoirí i scoileanna mar go dtacaíonn siad le scoláirí na hArdteistiméireachta, 2023, de réir mar a eisítear na torthaí agus de réir mar a smaoiníonn scoláirí faoina roghanna amach anseo.
Ní mór iarratais ar achomharc a dhéanamh tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí idir 10 am Dé Domhnaigh, an 3 Meán Fómhair 2023 agus 5 pm Dé Luain, an 4 Meán Fómhair 2023.
Beidh táille achomhairc i bhfeidhm ag ráta €40 do gach ábhar Ardteistiméireachta agus €15.50 do gach ábhar Ardteistiméireachta Feidhmí. Is é a bheidh i gceist le hiarratas bailí an t-iarratas ar achomharc agus íocaíocht na táille achomhairc araon. Aisíoctar an táille sa chás go n-éiríonn leis an achomharc.
Má tá iarrthóir míshásta le toradh na n-achomharc, d’fhéadfaidís ceann amháin, nó dhá cheann de na próisis seo a roghnú, nó gan aon cheann de na próisis seo a roghnú;
a) Breathnú ar na Scripteanna Scrúdaithe Athmharcáilte.
b) Rochtain a dhéanamh ar Scrúdanóirí Achomharc Neamhspleácha – Achomhairc Scrúdaithe
Beidh tuilleadh sonraí faoi bhreathnú ar scripteanna a ndéanta achomharc orthu agus próiseas na SAN ar fáil tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí ar fáil nuair a eisítear Torthaí na nAchomharc.
Má cheapann iarrthóir nár próiseáladh a c(h)ás i gceart, sa phróiseas achomharc agus san athbhreithniú a dhéanann na Scrúdanóirí, is féidir gearán a dhéanamh leis an Ombudsman nó, má tá an t-iarrthóir faoi bhun 18 mbliana d’aois, leis an Ombudsman do Leanaí.
Chuir scoláirí a rinne Ardteistiméireacht 2023 in iúl go raibh imní orthu faoi ‘boilsciú grád’, agus go mbeadh scoláirí faoi mhíbhuntáiste dá mbeidís ag dul in iomaíocht le cohórt na bliana roimhe sin le haghaidh áiteanna san ardoideachas.
I gcomhréir le gealltanas an Aire nach mbeadh aon “éifeacht aille” ann do scoláirí na bliana seo maidir leis na gráid, rinne an CSS coigeartú i ndiaidh na marcála ar thorthaí scrúduithe na bliana seo. Mar thoradh air seo, cinntíodh go bhfuil na gráid sa chomhiomlán i gcomhréir le gráid na bliana seo caite. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh rang 2023 faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le rang 2020, 2021 ná 2022.
Is í an Lár-Oifig Iontrála a reáchtálann an iontráil go dtí an t-ardoideachas in Éirinn trí phróiseas iarratais. Is féidir teacht ar eolas faoi conas a dhéantar na pointí a ríomh chun iontráil a dhéanamh go dtí cúrsaí ardoideachais ar CAO.ie
Scríobh an tAire Oideachais chuig Airí Oideachais uile an AE agus chuir sí in iúl dóibh faoi dháta eisiúna thorthaí na hArdteistiméireachta agus d’iarr an tAire freisin go gcuirfeadh an AE san áireamh scoláirí na hÉireann nach mbeadh torthaí a nArdteistiméireachta acu in am chun a n-iontrálacha a phróiseáil i dtíortha áirithe.
Tá sé tábhachtach go gcuireann iarratasóirí in iúl d’Oifig Iontrálacha den institiúid ardoideachais ábhartha a bhfuil siad ag déanamh iarratais chuici faoi dháta na dtorthaí den 25 Lúnasa 2023.
Is féidir leat aon fhiosruithe a chur ar aghaidh go dtí an ríomhphost seo a leanas: undefined
Ar an 2 Meán Fómhair 2022, d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley go raibh coigeartuithe le déanamh ar na socruithe measúnaithe do scoláirí a bhí leis na scrúduithe Stáit a dhéanamh in 2023, chun an cur isteach ar a gcuid foghlama a chur san áireamh i rith phaindéim COVID-19. Léigh an preasráiteas ina iomláine .
Eisíodh doiciméad ina bhfuil mionsonraí faoi na socruithe measúnaithe coigeartaithe do chláir na hArdteistiméireachta Seanbhunaithe, na Ardteistiméireachta Feidhmí, Ghairmchlár na hArdteistiméireachta agus na Sraithe Sóisearaí chuig scoileanna agus is féidir teacht orthu anseo . Iarradh ar scoileanna a chinntiú gur cuireadh na scoláirí uile ar an eolas faoi na hathruithe seo.
Bhí an leibhéal coigeartaithe mar an gcéanna leis an leibhéal a fógraíodh i mí Lúnasa 2021 ach tugadh é suas chun dáta de réir mar ba chuí. Bhí na coigeartuithe seo ann mar leas do láidreachtaí na scoláirí trí struchtúr foriomlán na scrúduithe a bhfuiltear ar an eolas faoi a fhágáil slán, agus ag an am céanna rogha bhreise a chur san áireamh do scoláirí sna scrúduithe. I roinnt cásanna, chuir na bearta coigeartaithe níos mó ama ar fáil trí, mar shampla, an obair ullmhúcháin le haghaidh scrúduithe praiticiúla a laghdú.
Chuir siad soiléireacht, cinnteacht agus athdhearbhú ar fáil do na scoláirí, dár dtuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí agus scoileanna ag tús na scoilbhliana 2022/2023.
Thángthas ar na coigeartuithe seo trí phlé idir an Roinn Oideachais, Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, agus na príomhpháirtithe leasmhara.
Rinneadh na hathruithe ag féachaint go cuí do phrionsabail an chothromais, na córa agus na slánchúise, maidir le comparáidí ó scoláire go scoláire, ó ábhar go hábhar agus ó bhliain go bliain.
Níor iarradh aon táillí iontrála scrúdaithe do scrúdú na hArdteistiméireachta agus na Sraithe Sóisearaí, 2023. Ní raibh ar scoláirí a rinne na scrúduithe in 2023 na táillí seo a íoc a bheadh €116 agus €109 do scrúduithe na hArdteistiméireachta agus na Sraithe Sóisearaí faoi seach.
Reáchtáladh sraith eile de scrúduithe na hArdteistiméireachta díreach i ndiaidh phríomhshraith na scrúduithe chun freastal ar scoláirí, ar chúiseanna ar nós bás duine muinteartha nó tinneas, COVID-19 san áireamh, nach raibh in ann an chéad sraith páipéar a dhéanamh. Tar éis do Choimisiún na Scrúduithe Stáit athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim, bhí an scéim do 2023 á cur ar fáil ar na forais chéanna le 2022 agus bhí athrú amháin ann chun soláthar a dhéanamh d’iarrthóir a mbíonn fíoréigeandáil leighis aige/aici i rith scrúdaithe.
Bhí mionathrú ann freisin maidir leis an méid ama a bheadh i gceist le bheith cáilithe chun rochtain a dhéanamh mar gheall ar bhás duine muinteartha. Cuireadh leis an amlíne freisin le hiarratas a chomhlánú ó cheithre lá oibre go dtí cúig lá oibre.
Eisíodh na torthaí uile, cibé acu ón suí iarchurtha nó ón bpríomhshuí i mí an Mheithimh, ar an 25 Lúnasa 2023.
Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit, undefined
Ba chóir d’údaráis scoileanna a thabhairt faoi deara, in am trátha, go gcuirfear torthaí na Sraithe Sóisearaí, 2023, ar fáil do scoileanna i mbliana trí Thairseach na Scoileanna. Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil faoi na socruithe do thorthaí na Sraithe Sóisearaí, lena n-áirítear an dáta leis na torthaí a eisiúint, chomh luath agus is féidir tar éis dheimhniú an dáta eisiúna do thorthaí achomhairc na hArdteistiméireachta a fháil.
I mí na Bealtaine i mbliana, d’fhógair an tAire Foley go ndéanfar coigeartuithe ar na socruithe measúnaithe do scoláirí atá leis na scrúduithe Stáit a dhéanamh in 2024. Beidh siad seo mar an gcéanna leis na coigeartuithe measúnaithe a cuireadh i bhfeidhm do scoláirí a rinne scrúduithe 2023.
Assessment Document Gaeilge 2023
Is nóta comhairleach achomair é seo ina leagtar amach na príomhshocruithe curaclaim agus measúnaithe do scoláirí ATF Bliain 1 agus Bliain 2 don bhliain acadúil 2022/23.