€1.5 milliún sa bhreis d'Ionaid Acmhainne Teaghlaigh in 2019 | Ráiteas ón Aire Katherine Zappone
-
From: Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
- Published on: 23 April 2019
- Last updated on: 19 November 2019
Tá sé fógartha ag an Aire Zappone go bhfuil €1.5 milliún sa bhreis in aghaidh na bliana ar fáil d'Ionaid Acmhainne Teaghlaigh (nó FRCanna) in 2019.
Mar gheall ar an maoiniú breise seo, is é €18 milliún an leithdháileadh iomlán don Chlár um Ionaid Acmhainne Teaghlaigh. Seo an leithdháileadh is mó atá curtha ar fáil do FRCanna le deich mbliana anuas. Bainfear úsáid an an maoiniú breise seo chun go mbeadh sé de chumas ag FRCanna cabhair a thabhairt do níos mó leanaí leochaileacha agus a dteaghlaigh ina bpobal féin.
Úsáidfear an €1.5 milliún maoiniú sa bhreis chun an méid seo a leanas a bhaint amach:
- Cuirfear méadú de 5% ar an mbunmhaoiniú do na 110 FRC a bhí ar an bhfód roimh 2018.
- Fostófar 17 Oibrí Tacaíochta Teaghlaigh sa bhreis - cuirfear maoiniú ar fáil do FRC amháin i ngach ceann de na 17 ceantar geografach Tusla chun Oibrí Tacaíochta Teaghlaigh a fhostú.
- Cuirfear maoiniú ar fáil don Clár chun Féinmharú a Chosc agus don Chlár chun Meabhairshláinte a Chur Chun Cinn atá ag Ionaid Acmhainne Teaghlaigh.
Dúirt an tAire Zappone:
"Is acmhainní tábhachtacha iad na hIonaid Acmhainne Teaghlaigh chun teaghlaigh agus pobail láidre a fhorbairt. Dearadh an Clár um Ionaid Acmhainne Teaghlaigh chun go mbeadh pobail agus baill fhoirne áitiúil de chuid Tusla in ann na riachtanais agus na seirbhísí a bhfuil gá leo a aithint ina gceantar áitiúil. Cuirtear FRCanna réimse de sheirbhísí uilíocha agus seirbhísí saincheaptha ar fáil dá bpobail. Tá áthas orm go bhfuil muid in ann a mbunmhaoiniú a mhéadú 5%.
"Chomh maith leis sin, tá áthas orm maoiniú do 17 Oibrí Tacaíochta Teaghlaigh do FRCanna a fhógairt - oibrí amháin i ngach aon cheann de na 17 ceantar Tusla. Tugann Oibrí Tacaíochta Teaghlaigh tacaíocht do leanaí agus teaghlaigh trí chláir phobail agus gréasáin shóisialta. Dá luaithe a aithnítear go bhfuil tacaíocht ag teastáil ó leanaí agus teaghlaigh, is ea is fearr an seans é go bhfaighidh siad an chabhair atá uathu."
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí:
Is eagraíochtaí neamhspleácha iad na hIonaid Acmhainne Teaghlaigh (FRCanna). Déantar Boird Bhainistícohta Deonacha iad a bhainistiú. Déanann na boird sin ionadaíocht do phobail áitiúla. Tá siad neamhspleách ó Tusla.
Is cuid den Chlár Tusla um Ionaid Acmhainne Teaghlaigh iad na 121 FRC. Áirítear leis sin 11 FRC sa bhreis a chuireadh ar an gClár in 2018. (Tá liosta de na 121 Ionad Acmhainne Teaghlaigh ar fáil thíos). Cuirfear maoiniú sa bhreis ar fáil do na FRCanna a thosaigh leis an gclár roimh 2018. Tá sé sin mar chuid den chur chuige chun maoiniú don earnáil FRC a mhéadú agus chun inbhuanaitheacht FRCanna timpeall na tíre a chinntiú.
- In 2018 - méadú €3.0m ar mhaoiniú
- In 2019 – méadú €1.5m ar mhaoiniú
Is é an clár FRC an clár tacaíochta teaghlaigh is mó in Éirinn. Cuireann sé seirbhísí uilíocha ar fáil do theaghlaigh i limistéir faoi mhíbhuntáiste ar fud na tíre bunaithe ar chur chuige saolré. Is é is cuspóir don chlár FRC ná dul i ngleic le míbhuntáiste agus feabhas a chur ar fheidhmiú an aonaid theaghlaigh. Feidhmíonn gach FRC go neamhspleách agus oibríonn siad go hionchuimsitheach le daoine aonair, teaghlaigh, pobail agus le gníomhaireachtaí reachtúla agus neamhreachtúla. Sa chlár, cuirtear béim ar obair i gcomhpháirt le pobail áitiúla chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá acu, agus ar chomhpháirtíochtaí rathúla a chruthú idir gníomhaireachtaí deonacha agus reachtúla ag leibhéal an phobail.
Is é príomhról an chláir FRC ná cosc agus luathidirghabháil. Mar gheall ar an ról sin, níl aon dímheas ag beint leis an gclár sin, agus cuirtear 'doras oscailte' ar fáil do gach teaghlach ina bpobal.
Cuireann FRCanna réimse de sheirbhísí uilíocha agus spriocdhírithe ar fáil, chomh maith le deiseanna forbartha atá ag teastáil ó theaghlaigh. Bíonn na seirbhísí seo a leanas san áireamh:
- Eolas, comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil do spriocghrúpaí agus teaghlaigh.
- Cúrsaí oiliúna agus deiseanna traenála a chur ar fáil.
- Grúpaí pobail nua a bhunú agus a choinneáil chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais áitiúla agus seirbhísí a chur ar fáil ag leibhéal áitiúil (ar nós áiseanna cúraim leanaí, clubanna iar-scoile, grúpaí d'fhir, etc.).
- Comhairleoireacht agus tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine aonair agus grúpaí.
- Cúnamh praiticiúil a thabhairt do dhaoine aonair agus grúpaí pobail ar nós rochtain ar theicneolaíocht faisnéise agus áiseanna oifige.
- Cúnamh praiticiúil a thabhairt do ghrúpaí pobail atá ann cheana féin ar nós cabhair le struchtúir eagrúcháin, cúnamh le maoiniú a fháil nó comhairle maidir le ceisteanna sóisialta faoi leith.
- Tacaíocht a thabhairt do líonrú sa phobal.
Chun teacht ar bhreis eolais faoi Ionaid Acmhainne Teahlaigh, cliceáil anseo.