Gaeilge

Search gov.ie

Press release

An Cheathrú Tuarascáil Eatramhach

Tá an Cheathrú Tuarascáil Eatramhach ón gCoimisiún imscrúdúcháin in Árais Mháithreacha agus Naíonán foilsithe inniu (22ú Eanáir 2019) ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone.

Sa Tuarascáil, cuireann an Coimisiún an scéal is déanaí ar fáil maidir lena obair. Díríonn sé go sonrach ar na dúshláin phraiticiúla agus lóistíochtúla nach foláir a bheith curtha san áireamh nuair atá fiosrúchán reachtúil atá chomh mór agus chomh casta le seo á bhainistiú.

Bhí cruinniú ag an Rialtas inniu agus ghlac siad le hiarratas ón gCoimisiún a bhaineann le síneadh ama bliana chun go mbeidís in ann an tuarascáil dheireanach a chríochnú. Mar gheall ar an mbreis ama seo, beidh an fiosrúchán ábalta anailís ar fhoinsí éagsúla faisnéise a thabhairt chun críche agus é ag iarraidh dul i ngleic leis an réimse leathan d'ábhair bhuartha a cuireadh faoina bhráid.

Agus í ag labhairt tar éis chruinniú an Rialtais, dúirt an tAire Zappone,

“Tuigim nach raibh na daoine a tháinig slán ó na hÁrais agus a dteaghlaigh ag iarraidh é sin a chloisteáil. Tuigim go bhfuil díomá orthu ach tá an Coimisiún muiníneach go mbeidh siad ábalta tuarascáil chuimsitheach ar a théarmaí tagartha a chur le chéile mar gheall ar an am breise seo. Ghlac an Rialtas le hamlíne níos faide dá thuarascáil dheireanach, agus cuirfidh an Comisiún tuarascáil ar fáil maidir leis an gceist thábhachtach a bhaineann le socrúcháin adhlactha ag na príomhinstitiúidí faoi 15ú Márta 2019.

Agus cíoradh á dhéanamh ar an riachtanas do níos mó ama, tá sé ríthábhachtach a aithint go gcuimsíonn an fiosrúchán seo go leor gnéithe éagsúla a bhaineann le hinstitiúidí éagsúla thar tréimhse ama níos faide ná cúig bliana is seachtó. Tá sé ar leas an phobail, agus - rud atá níos tábhachtaí fós - ar leas na n-iarchónaitheoirí, an Coimisiún a éascú chun an anailís chuimsitheach a dhéanamh. Tá an anailís sin ag teastáil chun go mbeadh an Coimisiún in ann a thorthaí agus a mholtaí a dhéanamh".

Chuir an Coimsiún an scéal is déanaí ar fáil maidir lena rannpháirtíocht le hiarchónaitheoirí chomh maith le daoine eile a bhfuil baint acu leis na hinstitiúidí sin. Tá eispéiris phearsanta 519 bhfinné faighte ag an gCoimisiún trí obair a Choiste Faoi Iontaoibh agus táthar ag súil go gcuirfear an próiseas seo i gcrích roimh dheireadh mhí Eanáir.

Tá an Coimisiún fós ag tógáil fianaise faoi choinníollacha sna hinstitiúidí ó iarchónaitheoirí, oibrí agus na húdaráis a rith na hinstitiúidí. Níl an obair seo críochnaithe go fóill. Nuair a bheidh na taifid ar fad crostagartha, dúirt an Coimisiún go mbeidh siad in ann cuntas chomh cuimsitheach agus is féidir a chur ar fáil maidir le saoil na leanaí seo.

Agus í ag labhairt faoin tuarascáil, dúirt an tAire,

"Is ábhar misnigh dom go bhfuil an Coimisiún ag iarraidh faisnéise a chur i dtoll a chéile agus anailís a dhéanamh uirthi ag leibhéal nach raibh indéanta riamh roimhe seo. Tá deis faoi leith againn chun ár dtuiscint náisiúnta a neartú go suntasach agus aitheantas a thabhairt do na heispéiris chrua a d'fhulaing máithreacha agus leanaí sna hinstitiúidí seo".

Maidir le hadhlacthaí, athdhearbhaíonn an Coimisiún go bhfuil dúshláin shuntasacha maidir le fiosrúchán a dhéanamh ar shocrúcháin adhlactha i roinnt institiúidí. Deirtear sa tuarascáil go bhfuil daoine tagtha chun tosaigh le déanaí le faisnéis bhreise agus tá an Coimisiún ag seiceáil na faisnéise seo faoi láthair. Anuas air sin, chuir an Coimisiún in iúl don Aire go bhfuil sé beartaithe acu suirbhéanna geoifisiceach a dhéanamh ar ionaid adhlactha a bhaineann leis an institiúid Mainistreach Seán Ross i Co. Thiobraid Árann. Tá sé sin mar chuid dá scrúdú ar shocrúcháin adhlactha ag an áit sin.

Ach an rud is suntastasaí a dúirt an Coimisiún don Aire ná go bhfuil sé beartaithe aige tuarascáil shubstaintiúil a sholáthar maidir le socrúcháin adhlactha do dhaoine a cailleadh agus iad ina gcónaí sna hinstitiúidí sin. Tá sé aontaithe ag an gCoimisiún go gcuirfidh sé tuarascáil mhionsonraithe eatramhach ar fáil ar an ngné sin dá théarmaí tagartha faoi 15 Márta 2019. Aireofar sa tuarascáil seo tuairiscí forleathana teicniúla a ullmhaíodh le linn obair an Choimisiúin ar an láithreán ar a raibh Áras Máithreacha agus Naíonán i dTuaim, Co. na Gaillimhe chomh maith le measúnú an Choimisiúin ar shocrúcháin adhlactha ag institiúidí móra eile.

Dhearbhaigh an tAire nach gcuirfidh an síneadh ama isteach ar an tochailt fhóiréinseach atá beartaithe ar an láithreán i dTuaim. Táthar ag súil go gcuirfidh tuarascáil adhlactha an Choimisiúin bonn eolais faoin obair atá ar siúl faoi láthair, agus go mbeidh sé ina cabhair di, chun na socrúcháin reachtaíochta agus oibriúcháin a chur chun cinn don tionscadal tábhachtach seo.

CRÍOCH