Gaeilge

Search gov.ie

Press release

An Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí

Inniu, d'fhógair Dr. Katherine Zappone, T.D., an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, go seolfar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí; an chonair chun Luathfhoghlaim agus Cúram, agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile, atá inrochtana, inacmhainne agus d'ardchaighdeán a bhaint amach in Éirinn. Agus í ag fógairt na Scéime, dúirt an tAire Zappone:

"In 2017, chuireamar tús leis obair chun córas radacach nua de thacaíocht airgeadais le haghaidh costais cúraim leanaí a fhorbairt. An teideal oibre a bhí air ná an Scéim Inacmhainne Cúraim Leanaí. Is gearr uainn anois go mbeidh an scéim i bhfeidhm agus inniu táimid á seoladh faoi ainm nua - an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí.

"Céim mhór chun cinn d'Éirinn is ea an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí. Den chéad uair riamh, tá teidlíocht reachtúil ann chun tacaíocht airgeadais do chúram leanaí. Tríd an teidlíocht seo, is é is cuspóir don Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí ná torthaí leanaí a fheabhsú, foghlaim fad saoil a thacú, bochtaineacht i measc leanaí a laghdú agus laghdú follasach a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le cúram leanaí d'ardchaighdeán do na mílte teaghlach ar fud na hÉireann."

D'fhógair an tAire freisin go mbeidh Feachtas náisiúnta Cumarsáide ann don Scéim chun feasacht a ardú agus chun cabhair le tuismitheoirí agus soláthróirí agus iad ag ullmhú i gcomhair thús na Scéime i mí Dheireadh Fómhair. Tá an méid seo i leanas beartaithe don fheachtas seo:

  • Suíomh gréasáin nua a sheoladh - www.ncs.gov.ie
  • Réimse d'acmhainní eolais a fhoilsiú, lena n-áirítear bileoga eolais ginearálta, bileoga mionsonraithe agus Ceisteanna Coitianta. Beidh tuilleadh acmhainní, mar shampla físeáin ar líne, treoracha agus áireamhán úsáideach le haghaidh fóirdheontas cúraim leanaí ar fáil sna míonna atá amach romhainn.
  • Beidh líne chabhrach ar fáil ó mhí Aibreáin ar aghaidh do thuismitheoirí a bhfuil ceisteanna acu maidir leis an Scéim nua
  • Beidh clár náisiúnta oiliúna ar fáil do sholáthróirí, le breis agus 12,500 áit oiliúna i 600 ionad, agus beidh seimineáir ghréasáin agus roghanna ríomhfhoghlama ar fáil chomh maith (is féidir áit a chur in áirithe ar Eventbrite ón lá inniu)
  • Feachtas ar na meáin i mí na Bealtaine chun tuismitheoirí a spreagadh chun cuntas fíoraithe MyGovID a fháil. Leis an gcuntas sin, beidh siad in ann teacht ar an Scéim sa bhealach is tapa agus is furasta le húsáid
  • Feachtas mór eolais i mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair

Is féidir teacht ar amlíne ina leagtar amach na céimeanna móra idir Márta agus Deireadh Fómhair 2019 ar an suíomh gréasáin nua www.ncs.gov.ie.

Mar aon leis an Aire, bhí An Taoiseach, Leo Varadkar T.D., ag an seoladh. Agus é ag labhairt ag an seoladh, dúirt an Taoiseach:

“Déanann an Rialtas seo an saol níos éasca do theaghlaigh. Tá saoire atharthachta íoctha tugtha isteach againn, tá sochar máithreachais méadaithe, tá réamhscoil saor in aisce ar fáil ar feadh 2 bhliain do gach leanbh, tá suim na cánach ioncaim a íocann teaghlaigh ar meánioncam laghdaithe, tá cúram GP saor in aisce ar fáil do níos mó teaghlach agus níos déanaí i mbliana beimid ag tabhairt isteach sochar tuismitheoireachta íoctha den chéad uair riamh.

“Tuigimid go gcuireann na costais a bhaineann le cúram leanaí ualach airgeadais ollmhór ar theaghlaigh, agus táimid ag iarraidh é a dhéanamh níos éasca agus níos saoire teacht ar chúram leanaí d’ardchaighdeán. Is minic gur constaic í an costas sin do thuismitheoirí ar mian leo filleadh ar obair, ach atá buartha faoi na costais a bhaineann leis sin. Is constaic í do thuismitheoirí ar mian leo cúrsa oideachais nó oiliúna a dhéanamh freisin.

“Mar gheall ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, beidh athrú ar an scéal agus cuirfear fóirdheontais uilíocha agus ioncam-coibhneasta ar fáil. Chomh maith le cabhair a thabhairt do thuismitheoirí, beidh sé ina chabhair dúinne chun torthaí níos fearr do leanaí a bhaint amach.”

Agus í ag aithint an ról lárnach atá ag soláthróirí cúraim leanaí, d'fhógair an tAire an Íocaíocht Tacaíochta (Aistriú). Íocaíocht aonuaire a bheidh ann, a íocfar chuig gach sóláthróir a ghlacfaidh páirt sa Scéim. Aithníonn an íocaíocht go mbeidh obair i gceist sa tréimhse aistriúcháin nuair a bheidh an Scéim nua agus na seanchláir araon i bhfeidhm ar feadh tamaill. Nuair a d'fhógair sí an íocaíocht, ghabh an tAire buíochas as an díograis agus as an tiomantas a léirigh dóibh siúd atá ag obair in earnáil Luathfhoghlama agus Cúraim agus Cúraim Leanaí in Aois Scoile.

Faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, tacófar le teaghlaigh chun íoc as cúram leanaí d'ardchaighdeán trí chóras d'fhóirdheontais uilíocha agus ioncam-coibhneasta. Mar gheall ar mhaoiniú breise atá curtha ar fáil faoi Bhuiséad 2019, cinntítear go mbeidh níos mó teaghlach ábalta leas a bhaint as an Scéim nuair a gcuirfear tús leis. Cuireadh méadú suntasach ar an tairseach glanioncaim is airde go €60,000 glanionacam sa bhliain. Ciallaíonn sé sin go mbainfidh thart faoi 7,500 leanbh sa bhreis leas as an Scéim, agus méadófar na fóirdheontais a fhaigheann níos mó ná 40,000 leanbh eile atá incháilithe cheana féin.

Tá an bealach á réiteach ag an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí chun an córas cúraim leanaí in Éirinn a athrú ó cheann de na córais is costasaí ar domhan go ceann de na córais is fearr. Is é seo ár n-infheistíocht i leanaí. Is é seo ár ngealltanas do theaghlaigh.

CRÍOCH


Nótaí d'eagarthóirí

In ionad na scéimeanna cúraim leanaí uile a bhí dírithe roimhe seo, beidh an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí amháin ann a bheidh sruthlínithe agus éasca le húsáid. Beifear ag glacadh le hiarratais don Scéim i mí Dheireadh Fómhair agus seo a leanas cuspóirí na Scéime:

  • Torthaí do leanaí a fheabhsú
  • Bochtaineacht a laghdú
  • Ghníomhachtú an Mhargaidh Saothair a éascú
  • Laghdú follasach a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le cúram leanaí in Éirinn do na mílte teaghlach.

Féach ar na teaghlaigh shamplacha a dtugtar cur síos orthu thíos atá go léir incháilithe do 40 uair an chloig de chúram leanaí fóirdheonaithe in aghaidh na seachtaine.

Déantar an t-ioncam inríofa a ríomh trí aon mhíreanna atá inghlactha de réir na Scéime a bhaint ón nglanioncam teaghlaigh. Is é sin le rá, is éard atá ann ná an t-ioncam teaghlaigh atá agat, lúide íocaíochtaí coimirce sóisialta, lúide an cháin, an ÁSPC, an MSU, agus aon mhíreanna atá ceadaithe de réir na Scéime.

Teaghlach A:

Tá leanbh amháin ag Jenny atá 2 bhliain d'aois agus tá 40 uair an chloig de chúram leanaí in aghaidh na seachtaine ag teastáil uaithi. Is tuismitheoir aonair í, ag obair go lánaimseartha agus tá ollioncam de € 26,500 sa bhliain aici. Faoin Scéim, is ionann a ioncam teaghlaigh ináirithe agus € 26,000 agus tá sí incháilithe le haghaidh fóirdheontais de € 175 sa tseachtain nó € 9,100 in aghaidh na bliana.

Teaghlach B:

Tá beirt leanbh ag Siobhán agus Jack; leanbh de dhá bhliain d'aois a bhfuil 40 uair an chloig de chúram leanaí ag teastáil uaidh agus leanbh 5 bliana d'aois a dteastaíonn 17 uair an chloig de chúram iarscoile sa tseachtain uaidh. Tá Siobhán ag obair go lánaimseartha agus tá Jack i mbun staidéir. Tá ollioncam de € 64,000 acu in aghaidh na bliana. Faoin Scéim, is ionann a n-ioncam teaghlaigh ináirithe agus €43,200 agus tá siad incháilithe le haghaidh fóirdheontais de €128 sa tseachtain nó €6,656 in aghaidh na bliana.

Teaghlach C:

Tá triúir leanbh ag Charlie agus Sam; leanbh atá bliain amháin d'aois agus cúpla de 2 bhliain d'aois a dteastaíonn 40 uair an chloig de chúram leanaí sa tseachtain uathu go léir. Oibríonn Charlie go lánaimseartha, agus oibríonn Sam go páirtaimseartha. Tá ollioncam de €90,000 acu in aghaidh na bliana. Faoin Scéim, is ionann a n-ioncam teaghlaigh ináirithe agus €51,400 agus tá siad incháilithe le haghaidh fóirdheontais de €176 sa tseachtain nó €9,152 in aghaidh na bliana.

Feachtas Cumarsáide agus Oiliúna

Mar chuid den Fheachtas náisiúnta Cumarsáide, tá ábhair chuimsitheacha eolais agus tacaíochtaí do thuismitheoirí, do sholáthróirí agus do pháirtithe leasmhara ar fáil ón lá inniu ar shuíomh gréasáin na Scéime www.ncs.gov.ie. Tá réimse treoracha agus acmhainní i bhformáidí éagsúla ar fáil, Ceisteanna Coitianta, leabhráin eolais agus bileoga san áireamh.

Cuirfear tús sa mhí seo (Márta) le breis agus 600 seisiún oiliúna do sholáthróirí. Eagrófar na seisiúin sin ar fud na tíre agus i rith na bliana seo. Tabharfar eolas mionsonraithe sna seisiúin sin do sholathróirí ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí. Beidh sraith iomlán d'ábhair oiliúna agus eolais ar fáil ar líne. Is féidir áiteanna a chur in áirithe do na seisiúin sin ar an leathanach Eventbrite ar an suíomh gréasáin. Cuirfear pacaí acmhainní le leabhráin eolais agus bileoga chuig soláthróirí tríd an bpost.