Gaeilge

Search gov.ie

Press release

Díospóireacht Polasaí Oscailte seolta ag an Aire Zappone maidir le hUchtú Oscailte nó Leath-Oscailte a chur ar fáil in Éirinn

Sheol an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige Díospóireacht Polasaí Oscailte maidin inniu maidir le hUchtú Oscailte nó Leath-Oscailte a chur ar fáil in Éirinn.

I ndíospóireacht an lae inniu, dírítear ar na ceisteanna a bhaineann le huchtú oscailte nó leath-oscailte a chur ar fáil in Éirinn. Tá athbhreithniú agus comhairliúchán á dhéanamh ag an Roinn maidir leis seo, faoi leasú ar an Acht Uchtála (Leasú) 2017.

Tá ionadaithe ó ghrúpaí éagsúla i láthair ag an ndíospóireacht; ó Ranna Rialtais, Tusla - An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, Údarás Úchtála na hÉireann, an earnáil pobail agus dheonach, grúpaí ionadaíocha lena n-áirítear eagraíochtaí a chuireann cearta agus tuairimí leanaí chun cinn agus an saol acadúil. Is í an tOllamh Elsbeth Neil ón Ollscoil East Anglia an príomhchainteoir. Rinne sí maoirseacht ar staidéar fadaimseartha ar theagmháil iar-uchtú. Sa staidéar sin, leanadh grúpa de theaghlaigh uchtála agus breithe a bhí os cionn 18 mbliana d'aois.

Tá an díospóireacht seo ar cheann amháin de réimse bearta atá pleanáilte chun dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara faoin gceist seo. Chomh maith leis an Díospóireacht Polasaí Oscailte, tá ceistneoir comhairliúcháin poiblí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Dúirt an tAire:

"Ba chóir go mbeadh cur chuige leanbhlárnach i bhfeidhm agus ceist an uchtaithe oscailte nó leath-oscailte á plé againn; is dóigh liom go bhfuil gach duine ar aon intinn faoi sin. Is eachtra thar a bheith tábhachtach é uchtú i saol linbh. Nuair atá cinntí á ndéanamh, tá sé tábhachtach go dtugtar tús áite do leas an linbh. Nílimid ach ag tosú leis an gceist seo a phlé in Éirinn, agus mar sin tá sé ríthábhachtach go bhfaighidh muid tuairimí ó pháirtithe leasmhara, chun fáil amach faoi céard a oibreoidh go maith do leanaí agus do theaghlaigh".

Déanfar tuarascáil ar uchtú oscailte nó leath-oscailte a chur ar fáil in Éirinn a chur i gcrích agus a chur os comhair Thithe an Oireachtais i Samhain 2019.

CRÍOCH