Dearbhaíonn Zappone go mbeidh níos mó ná €19m d'Íocaíochtaí Tacaíochta do Chláir Chúraim Leanaí ar fáil
-
From: Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
- Published on: 21 March 2019
- Last updated on: 11 April 2025
Inniu, d'fhógair an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone T.D. mionsonraithe maidir leis an Íocaíocht Tacaíochta Clár (nó PSP) a bheidh ar fáil ag gach soláthraí luathfhoghlama agus cúraim an samhradh seo.
Cuirfear os cionn €19m ar fáil do gach seirbhís luathfhoghlama agus cúraim faoin mbeartas ó Mheitheamh 2019.
Déanfar an íocaíocht a ríomh mar seo: is ionann í agus 7 lá (1.4 seachtain) de chlárúcháin ar ECCE ag Caipitíocht Chaighdeánach agus 14 lá (2.8 sheachtain) de chlárúcháin ar CCS(P) agus TEC.
Glacfar le hiarratais ar PSP ar feadh sé seachtaine ó Dé Luain 13ú Bealtaine go Dé hAoine 21ú Meitheamh 2019 agus is féidir teacht ar an bhfoirm iarratais tríd an Ardán um Chur i bhFeidhm Clár (PIP).
Cuirfear íocaíochtaí ar fáil an tseachtain ina dhiaidh.
Tríd an Íocaíocht Tacaíochta Clár, tugtar aitheantas don am breise a éilítear ar sholáthraithe na gclár atá maoinithe ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, idir clár luathfhoghlama agus cúraim agus clár cúraim leanaí ar aois scoile, chun an obair riaracháin a bhaineann leis an scéim a chur i gcrích. Aithnítear chomh maith go bhfuil am ag teastáil chun gníomhaíochtaí a dhéanamh lasmuigh d'uaireanta teagmhála le leanaí, gníomhaíochtaí ar nós ábhar i gcomhair seisiún luathfhoghlama agus cúraim a ullmhú agus cúnamh a thabhairt do thuismitheoirí chun a chur in iúl dóibh conas gur féidir leo leas a bhaint as scéimeanna cúraim leanaí an Stáit.
Agus í ag fógairt na híocaíochta, dúirt an tAire Zappone:
"Bliain thar a bheith tábhachtach is ea 2019 do leanaí, tuismitheoirí agus soláthraithe mar gheall ar sheoladh na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí. Agus Deireadh Fómhair ag teannadh linn, tá sé tábhachtach go dtacófar le soláthraithe chun a chinntiú go mbainfear amach an t-athrú is mó riamh i luathfhoghlaim agus cúram leanaí. Beidh an infheistíocht seo, atá mar chuid den mhéadú 117% i maoiniú an Rialtais ó 2015, ina chabhair dúinn chun scéim a fhorbairt a bheidh ann do theaghlaigh in Éirinn ar feadh i bhfad. Tá bóthar fada siúlta againn - ní chasfaidh muid ar ais go deo!"
Mar a d’fhógair an tAire cheana féin, beidh “Íocaíocht Tacaíochta (Aistriú)” de €2m ar fáil a bhaineann leis an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, chomh maith leis an Íocaíocht Tacaíochta Clár, níos déanaí in 2019. Eiseofar tuilleadh mionsonraithe maidir leis an €2m seo go luath.
NB: Tabhair do d'aire, le do thoil, nach nglacfar le hiarratais ar PSP faoi aon chúinsí ó Dé hAoine 21ú Meitheamh 2019.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
ECCE: Clár uilíoch is ea ECCE agus tá sé ar fáil do gach leanbh atá laistigh den raon aoise incháilithe. Faoin gclár seo, faigheann leanaí an chéad taithí fhoirmiúil ar luathfhoghlaim roimh bhunscoil. Cuirtear an clár ar fáil trí huaire sa lá, cúig lá sa tseachtain ar feadh 38 seachtaine sa bhliain agus bíonn an clár sin ar siúl ó Mheán Fómhair go Meitheamh gach bliain.
CCS: Is clár cúram leanaí é an Clár Fóirdheontais um Chúram Leanaí Pobail (CCS) atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí ar ioncam íseal chun go mbeidís in ann leas a bhaint as costais laghdaithe chúraim leanaí ag seirbhísí cúraim leanaí pobail atá ag glacadh páirt. Íocann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (RLGÓ) as cuid de na costais chúraim leanaí ar son leanaí incháilithe, tugtar íocaíocht fhóirdheontais ar an íocaíocht sin, agus íocann an tuismitheoir as an méid atá fágtha.
CCSP: Faoin gClár Fóirdheontais Plus um Chúram Leanaí Pobail (CCSP), tugtar tacaíocht do thuismitheoirí atá ar ioncam íseal chun go mbainfidís leas as cúram leanaí ar phraghas níos ísle ag seirbhísí cúraim leanaí príobháideacha agus ag seirbhísí cúraim leanaí pobail atá ag feidhmiú ar bhonn neamhbhrabúis.
TEC: Is é is cuspóir na gClár Cúraim Leanaí um Oiliúint agus Fostaíocht ná tacú le tuismitheoirí atá ar chúrsaí oiliúna incháilithe agus le cineálacha incháilithe de thuismitheoirí ata ag filleadh ar obair, agus cuirtear áiteanna fóirdheontais cúraim leanaí ar fáil chun na críche sin.
NCS: Cuirfear an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (nó NCS) in áit na cláir chúraim leanaí spriocdhírithe atá ann cheana le scéim aonair atá sruthlínithe agus éasca le húsáid. Glacfar le hiarratais don Scéim i nDeireadh Fómhair 2019. Nuair a sheolfar an scéim seo:
- cuirfear feabhas ar torthaí leanaí
- déanfar bochtaineacht a laghdú,
- beidh seans ag tuismitheoirí dul ar ais ag obair, agus,
- beidh laghdú follasach ar an gcostas cúraim leanaí do na mílte teaghlach.