Fógraíonn an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige Dr Katherine Zappone 'comhpháirtíocht ríthábhachtach' le Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí chun 'glór a thabhairt do thuismitheoirí i gcúram agus in oideachas na luathbhlianta'
-
From: Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
- Published on: 14 May 2018
- Last updated on: 11 April 2025
- Cuirfidh Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí tacaíochtaí tiomnaithe ar fáil do thuismitheoirí a bhfuil leanaí acu i suímh luathbhlianta
- Cuirfear tús láithreach le sraith ceardlann do thuismitheoirí a bhfuil leanaí acu atá ag aistriú ó réamhscoil go bunscoil
- Beidh tuilleadh tacaíochtaí tiomnaithe le fáil níos déanaí i mbliana.
Chuir an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige Dr Katherine Zappone fáilte roimh 'comhpháirtíocht ríthábhachtach nua' idir a Roinn agus Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí.
Agus í ag labhairt ag seoladh na comhpháirtíochta nua, dúirt Dr Zappone:
"Oibríonn mo Roinn go dlúth le soláthróirí chúram leanaí, le cleachtóirí agus leis na heagraíochtaí éagsúla atá ag obair go dian chun ionadaíocht a dhéanamh do agus chun forbairt a dhéanamh ar an earnáil chúram leanaí den chéad scoth atá tuillte ag muintir na hÉireann.
Tá Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí tar éis tacaíocht láidir a thabhairt do thuismitheoirí ag leibhéal bunscoile ar feadh na mblianta, agus cuirfidh an chomhpháirtíocht nua bealach soiléir do thuismitheoirí a bhfuil leanaí acu i réamhscoileanna, i naíonraí agus le feighlithe leanaí chun a dtuairimí a chur in iúl ag an leibhéal is airde. Sílim gur céim chun sinn suntasach agus forásach é seo."
Mar chuid de na tacaíochtaí nua atá ar fáil, beidh Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí ag cur sraith ceardlann i bhfeidhm i gcomhair tuismitheoirí a bhfuil leanaí acu atá ag aistriú ó shuímh réamhscoile go hoideachas bunscoile. Dúirt Áine Lynch, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí:
"Glacadh go dearfach le clár atá cosúil leis sin atá againn le haghaidh tuismitheoirí a bhfuil leanaí acu atá ag aistriú ó bhunscoil go hiar-bhunscoil agus sílimid gur cloch mhíle tábhachtach é an t-aistriú go bunscoil chomh maith. Trí thacaíocht a chur ar fáil le haghaidh an aistrithe seo, táimid ag súil go gcabhrófar le tuismitheoirí agus lena leanaí chun an tús is fearr agus is féídir a thabhairt dóibh agus iad ag tosú amach ar a n-aistear ag leibhéal na bunscoile".
Dúirt Ms. Lynch:
"Tá borradh ollmhór tar éis teacht ar earnáil na luathbhlianta in Éirinn le blianta beaga anuas. Tá sé go hiontach go bhfuil réimse tacaíochtaí ar fáil do leanaí, dá dtuismitheoirí agus do sheirbhísí, i gcomparáid le cúig bliana ó shin, ach, dá bharr sin, tá dúshláin ann do thuismitheoirí chun a mbealach a dhéanamh trí réimse na dtacaíochtaí atá ar fáil. Beimid ag obair go dlúth leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige san am atá le teacht chun comhairle agus faisnéise atá suas chun dáta a chur ar fáil do thuismitheoirí".
Tá tuismitheoirí in ann níos mó a fháil amach faoi Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus a cuid ceardlann trí chuairt a thabhairt ar www.npc.ie.
Is féidir teacht ar fhaisnéis maidir leis an réimse reatha de thacaíochtaí chúram leanaí atá ar fáil do theaghlaigh ag www.affordablechildcare.ie.
Críoch