Fógraíonn an tAire Zappone Cistiú Caipitil €2.4m don Aos Óg in 2019
-
From: Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
- Published on: 29 April 2019
- Last updated on: 19 November 2019
Inniu, d'fhógair an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone TD, go bhfuil €2.4m i gcistiú deontais caipitil ar fáil do chlubanna óige, do sheirbhísí atá dírithe ar an aos óg agus atá faoi threoir foirne, agus d'ógeagraíochtaí náisiúnta ar fud na tíre chun trealamh agus tionscadail bheaga caipitil a mhaoiniú.
Beidh trí scéim cistiú caipitil don aos óg ar fáil in 2019, agus tacóidh na scéimeanna seo le trealamh a cheannach do chlubanna áitiúla óige agus le maoiniú a chur ar fáil do thionscadail bheaga caipitil a bhaineann le hathchóiriú; lena n-áirítear seomraí folctha agus cistineacha a uasghrádú agus trealamh oifige a cheannach do sheirbhísí atá dírithe ar an aos óg agus ógeagraíochtaí náisiúnta.
Beidh os cionn 1,500 club óige pobail a fheidhmíonn ar bhonn deonach, i ngach mór gach pobal sa tír, incháilithe chun iarratas a chur isteach fá choinne maoiniú trealaimh.
Dúirt an tAire Zappone:
"Is cúis áthais dom go bhfuil mé in ann seoladh na scéimeanna seo a fhógairt inniu. Mar aon le blianta eile, táim cinnte go gcabhróidh na deontais seo le caighdeán na seirbhísí a fheabhsú chun leasa na ndaoine óga a bhfuil baint acu leo. Cuirfear feabhas go háirithe ar na háiseanna fisiciúla, a bhfuil cuid mhór acu i limistéir faoi mhíbhuntáiste.
"Iarrfaidh na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOO) ar chlubanna áitiúla óige agus seirbhísí óige atá incháilithe cuir isteach ar mhaoiniú. Iarrfar ar Ógeagraíochtaí Náisiúnta a n-iarratais ar mhaoiniú a chur go díreach chuig an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
"Mar gheall ar an €2.4m i gcistiú caipitil seo, is léir go bhfuil an Rialtas tiomanta do chaighdeán na seirbhísí don aos óg a neartú. Tá na seirbhísí seo thar a bheith luachmhar dúinn agus dár bpobail. Tá sé thábhachtach don Rialtas go bhfuil muid ag infheistiú i ndaoine óga. Fógraíodh €2m i maoiniú reatha do chlubanna óige a fheidhmíonn ar bhonn deonach níos luaithe i mbliana faoin scéim deontais do chlubanna óige áitiúil.
"Tá an cistiú caipitil seo ar fáil le cois an €60.4m i maoiniú reatha a cuireadh ar fáil in 2019 do chlubanna, seirbhísí agus tacaíochtaí do dhaoine óga".
Ghabh an tAire buíochas le hOifigigh Óige sna 16 BOO as an obair a dhéanann siad chun tionscadail óige áitiúil a thacú agus as an gcúnamh a thug siad dá Roinn chun na scéimeanna seo a dhearadh agus a sheoladh. Fógrófar mionsonraithe go luath maidir leis an bpróiseas chun cuir isteach ar mhaoiniú faoi na scéimeanna seo.
Dúirt an tAire Zappone:
"Tá ról ríthábhachtach ag Oifigigh Óige chun soláthar seirbhíse óige a chomhordú do mo Roinn. Is pointe teagmhála iad ina gceantar féin agus tá ról tacaíochta acu do chlubanna óige agus do sholáthróirí seirbhísí don aos óg".
Má tá club incháilithe do mhaoiniú faoin scéim deontais do chlubanna óige áitiúil, is féidir leo cur isteach ar an scéim caipitil do chlubanna óige áitiúil a fheidhmíonn ar bhonn deonach.
Dá bhfaigheadh seirbhís maoiniú faoin scéim dhírithe don aos óg nó scéim ionaid eolais don aos óg, is féidir leo cur isteach ar an scéim caipitil do sheirbhísí óige atá faoi threoir foirne.
Má fhaigheann eagraíocht maoiniú faoi Scéim Deontas na Seirbhíse don Aos Óg, is féidir leo cur isteach ar an scéim caipitil d'ógeagraíochtaí náisiúnta.
CRÍOCH