Gaeilge

Search gov.ie

Press release

Fógra maidir le Cistiú Caipitil

  • Cistiú caipitil fógartha ag an Aire do sholáthróirí a chláróidh don Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí
  • Leis an maoiniú seo, beidh soláthróirí in ann tacaíocht ICT a cheannach chun tinreamh leanaí a thaifeadadh agus a thuairisciú
  • Beidh teimpléad ar fáil do sholáthróirí ar a mbeidh siad in ann gach sonra a chur isteach chun taifid tinrimh a choinneáil
  • Cuireann an tionscnamh seo le tacaíochtaí eile na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí, an Íocaíocht Tacaíochta (Aistriú), an feachtas náisiúnta cumarsáide agus an clár náisiúnta oiliúna do sholathróirí san áireamh

D'fhógair an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone TD, go mbeidh cistiú caipitil ar fáil do sholáthróirí seirbhíse a chláróidh don Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí. Mar thoradh ar an maoiniú seo, beidh solathróirí seirbhíse in ann tacaíocht ICT a cheannach agus tinreamh leanaí a thaifeadadh agus a thuairisciú. Agus í ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire Zappone:

“Nuair a bhí an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí á dearadh, cinntíodh gur Scéim sholúbtha agus shofhreagrach a bheadh inti, agus cuireadh riachtanais teaghlach agus na riachtanais gnó atá ag soláthróirí cúraim leanaí san áireamh. Tuigimid nach féidir gach rud a phleanáil i saol teaghlaigh, agus aithnítear sin, agus téitear i ngleic leis, i rialacha thinreamh na Scéime.

"Chomh maith leis sin, táim ag iarraidh é a dhéanamh chomh éasca agus chomh éifeachtúil agus is féidir do sholathróirí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, maidir le tinreamh a thaifeadadh agus a thuairisciú. Bainfear sin amach leis an deontas tacaíochta ICT, chomh maith leis an teimpléad nua atá againn, agus cinnteofar go ndéanfar riarachán ar bhealach níos éifeachtaí. Beidh níos mó ama ag soláthróirí chun an obair thábhachtach a dhéanamh - Luathfhoghlaim agus Cúram, agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile, a chur ar fáil do leanaí na tíre."

Cuirfear teimpléad caighdeánach ar fáil do sholathróirí freisin chun taifid tinrimh a choinneáil. Ní don Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí amháin a bheidh an teimpléad seo oiriúnach ach don chlár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) agus clárúcháin Tusla freisin. Maidir le forbairt an teimpléid seo, dúirt an tAire Zappone:

"Seo céim thábhachtach eile chun tacaíocht a thabhairt do sholáthróirí agus iad ag iarraidh ceanglais a chomhlíonadh. Is gá na ceanglais sin a bheith ann chun a chinntiú go bhfuil cistí poiblí á úsáid chun an líon is mó teaghlach agus is féidir a thacú. Den chéad uair riamh, tá doiciméad soiléir amháin ann gur féidir leo brath air chun a n-oibleagáidí maidir le taifead timrimh a chomhlíonadh."

Glacfar le hiarratais ar chistiú caipitil ó mhí an Mheithimh agus foilseofar treoirlínte mionsonraithe ar an bpróiseas iarratais ar www.ncs.gov.ie faoi cheann cúpla lá.

Is féidir le soláthróirí tacaíocht ICT a cheannach a chomhlíonann na critéir cháilitheachta agus déanfar iad a chúiteamh as an méid airgid a chaithfear, suas don uasmhéid atá ceadaithe. Leagfar amach liosta iomlán de chritéir cháilitheachta sna treoirlínte iarratais.

Ní hionann uasmhéid na ndeontas do gach seirbhís, braitheann sé ar cé chomh mór is atá an tseirbhís atá ag fáil tacaíochtaí Stáit. Beidh an uasmhéid idir €500 agus €2,500.

CRÍOCH


Nótaí d'eagarthóirí

Beidh deontais le haghaidh crua-earraí agus bogearraí ICT idir €500 agus €2,500 ar fáil do sheirbhísí atá ag glacadh páirt sa Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí.

Cuirfidh an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí tacaíocht airgeadais ar fáil do theaghlaigh le haghaidh an chostais a bhaineann le cúram leanaí d'ardchaighdeán. Glacfar le hiarratais don Scéim i mí Dheireadh Fómhair 2019 agus is é is cuspóir don Scéim:

  • Torthaí do leanaí a fheabhsú
  • Bochtanas a laghdú
  • Ghníomhachtú an Mhargaidh Saothair a éascú agus
  • Costas cúraim leanaí in Éirinn do na mílte teaghlach