Gaeilge

Search gov.ie

Press release

Méadú ar Chistiú Deontais Caipitil 2019 i gcomhair Súgartha agus Caithimh Aimsire

Inniu, d'fhógair an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone TD, go mbeidh méadú ar mhaoiniú d'áiseanna súgartha agus caithimh aimsire ar fud na hÉireann. Cuirtear maoiniú ar fáil d'Údaráis Áitiúla gach bliain chun clóis shúgartha a fhorbairt timpeall na tíre. I mbliana, is féidir le hÚdaráis Áitiúla cur isteach ar mhaoiniú ar thionscadail faoin Scéim Deontais Caipitil i gcomhair Súgartha agus Caithimh Aimsire do suas le €30,000.

Is é is cuspóir na Scéime ná tacaíocht a thabhairt chun áiseanna súgartha agus caithimh aimsire do leanaí agus do dhaoine óga a athchóiriú. Áirítear leis seo trealamh nua a chur ar fáil, áiteanna nádúrtha súgartha a fhorbairt agus áiseanna súgartha atá ann cheana féin a athchóiriú. Faoin scéim, ní foláir don chlós súgartha a bheith inrochtana do gach leanbh.

"Tá mo Roinn an-sásta a fhógairt go bhfuil méadú ar mhaoiniú do 2019 ó €250,000 go €450,000", a dúirt an tAire Zappone.

"Tá an maoiniú sin ann chun áiseanna súgartha atá ann cheana féin a athchóiriú. Tá mo Roinn ag obair go dlúth le Líonra Súgartha agus Áineasa na nÚdarás Áitiúil chun tosaíochtaí agus critéir a shocrú maidir le leithdháileadh maoinithe.

"Chuir mo Roinn maoiniú ar fáil do chlóis shúgartha i 26 chontae in 2018 agus mar sin rinneadh áiseanna cuimsitheacha súgartha a fheabhsú agus a fhorbairt timpeall na tíre. Táim ag súil go mór le háiseanna súgartha agus láithreáin shúgartha a fheiceáil agus iad feabhsaithe go mór mar gheall ar an maoiniú seo. Déanfar sin saol leanaí a fheabhsú freisin."

Is féidir teacht ar tuilleadh eolais maidir leis an maoiniú seo ó na hÚdaráis Áitiúla. Má éiríonn le hiarratas, cuireann an tÚdarás Áitiúil maoiniú sa bhreis ar fáil, 25% den méid a bhronnadh.

CRÍOCH