Gaeilge

Search gov.ie

Press release

Tús curtha le comhairliúchán maidir le hUchtú Oscailte nó Leath-Oscailte a thabhairt isteach in Éirinn

Iarrtar ar bhaill an phobail agus ar pháirtithe leasmhara ceistneoir ar líne a chríochnú faoi 7 Mheitheamh 7

Eagróidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige Díospóireacht Polasaí Oscailte le páirtithe leasmhara ar 13 Bealtaine

Inniu, sheol Katherine Zappone, an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, próiseas comhairliúcháin leis an bpobal agus páirtithe leasmhara maidir le huchtú oscailte nó leath-oscailte. Tá an seans ann go dtabharfar isteach an cineál uchtála sin in Éirinn.

Agus an tAcht Uchtála (Leasú) 2017 á chur tríd an Seanad, ghlac an tAire le leasú a rinne foráil le haghaidh athbhreithnithe agus comhairliúchán poiblí maidir leis an gceist seo. Chuir an tAire tús leis an athbhreithniú i mBealtaine 2018, agus beidh roinnt gnéithe ag baint leis, lena n-áirítear ceisteanna dlíthiúla agus bunreachtúla maidir le stádas an teaghlaigh faoin mBunreacht, tionchar an reifrinn ar chearta an linbh a tharla in 2012 agus fianaise idirnáisiúnta maidir le torthaí do leanaí agus do theaghlaigh.

Dúirt an tAire:

"Bíonn tuiscintí éagsúla ann maidir leis an mbrí atá le huchtú oscailte nó leath-oscailte ach de ghnáth tagraíonn na téarmaí seo do shocrúcháin chun faisnéis a roinnt idir theaghlaigh uchtála agus teaghlaigh breithe chomh maith le rogha a bheith ann chun teagmháil a dhéanamh. Ceist chasta agus chigilteach í seo. Nílimid ach ag tosú leis an gceist seo a phlé in Éirinn, agus mar sin tá sé ríthábhachtach go bhfaighidh muid tuairimí ó dhaoine a bhfuil baint acu leis an gceist seo, chomh maith le páirtithe leasmhara eile, chun fáil amach faoi céard a oibreoidh go maith do leanaí agus do theaghlaigh".

Ó inniu go dtí tús mhí an Mheithimh, beidh páirtithe leasmhara agus baill an phobail in ann ceistneoir a líonadh amach. Tá an cheistneoir ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne. Sa cheistneoir, tá ceisteanna ann chun eolas agus tuairimí a fháil maidir le réimsí faoi leith. Tá spás ann freisin chun seans a thabhairt do dhaoine agus d'eagraíochtaí a dtuairimí ginearálta maidir le huchtú oscailte nó leath-oscailte a chur ar fáil.

Ar 13 Bealtaine, eagróidh an Roinn Díospóireacht Polasaí Oscailte agus tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear saineolaithe ar uchtú, soláthróirí seirbhíse agus grúpa a chuireann cearta agus tuairimí leanaí chun cinn.

"Is eachtra thar a bheith tábhachtach é uchtú i saol linbh", arsa an tAire. "Nuair atá athrú ar pholasaí uchtála á mheas againn, caithfimid tús áite a thabhairt do leas an linbh."

CRÍOCH