Gaeilge

Search gov.ie

Press release

Léirithe spéise á lorg ag an Aire maidir le bheith mar Chathaoirligh ar Chomhpháirtíochtaí nua Sábháilteachta Pobail Áitiúla

D’fháiltigh an tAire Dlí agus Cirt, Eiléana Nic an tSaoi, roimh sheoladh an phróisis chun Cathaoirligh a roghnú i gcomhair Comhpháirtíochtaí nua Sábháilteachta Pobail Áitiúla ar fud na tíre.

Tabharfaidh na Comhpháirtíochtaí, a reáchtáladh ar bhonn píolótach i bPort Láirge, sa Longphort agus i Lárchathair Thuaidh Bhaile Átha Cliath, réimse soláthraithe seirbhíse agus an pobal le chéile chun gníomhartha a fheabhsóidh an tsábháilteacht pobail ina gceantair a scrúdú agus a chur i gcrích.

Tá bunú Comhpháirtíochtaí ar fud an náisiúin ina ghné ríthábhachtach de bheartas sábháilteachta pobail an Rialtais, ina n-aithnítear go bhfuil dúshláin agus riachtanais éagsúla ag ceantair éagsúla agus dá bhrí sin go dteastaíonn bealaí agus idirghabhálacha saincheaptha uathu chun cuidiú le daoine bheith – agus a bhrath go bhfuil siad – níos sábháilte ina bpobail.

Déanfar Comhpháirtíochtaí a rolladh amach i ngach limistéar údaráis áitiúil níos déanaí i mbliana agus glacfaidh siad ionad na gComhchoistí Póilíneachta reatha. Is iadsan a bheidh ina bpríomhstruchtúir trína ndéanfar cur chuige nua an Rialtais i leith na Sábháilteachta Pobail a sheachadadh ag an leibhéal áitiúil.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Nic an tSaoi:

“Beidh an comhoibriú ina chuid fhíorthábhachtach dá chinntiú go ndéanfar beart de réir a mbriathair dá bpobail leis na Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla. Leagfaidh an Cathaoirleach i ngach Comhpháirtíocht amach a mbeifear ag súil leo maidir le cultúr, luachanna, agus iompar ag leibhéal na Comhpháirtíochta, agus é mar aidhm i ndeireadh báire plean saincheaptha sábháilteachta pobail a chruthú agus a chur i bhfeidhm lena ndíreofar ar shainábhair imní an phobail ó thaobh na sábháilteachta de.

“I gcroílár bheartas sábháilteachta pobail an Rialtais tá an prionsabal go bhfuil de cheart ag gach pobal a bheith – agus a bhrath go bhfuil siad – sábháilte chun déanamh go maith agus bheith faoi bhláth, agus teastaíonn freagairtí agus tacaíochtaí éagsúla uathu chun sin a dhéanamh. Chun é sin a bhaint amach, tá daoine ag teastáil uainn a thuigeann a bpobal agus atá toilteanach a gcuid eolais agus taithí a úsáid chun bheith i gceannas ar na comhpháirtíochtaí. Ba mhaith liom éinne a chreideann go mbeadh cion dearfach le déanamh acu a spreagadh chun a n-ainm a chur ar aghaidh.”

Beidh ballraíocht níos leithne ag na Comhpháirtíochtaí ná mar a bhí ag na Comhchoistí Póilíneachta agus áireofar iontu áitritheoirí, comhairleoirí áitiúla, ionadaithe pobail, ionadaithe gnó agus oideachais, chomh maith le réimse seirbhísí poiblí, lena n-áirítear Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Tusla, an Garda Síochána agus an t-údarás áitiúil.

Is é ról a bheidh ag an gCathaoirleach ná bheith i gceannas ar obair na Comhpháirtíochta Shábháilteachta Pobail Áitiúla agus comhaontú a aimsiú i measc na mball ionas gur féidir plean saincheaptha sábháilteachta pobail áitiúla a fhorbairt. Beidh siad freagrach, freisin, as cur i bhfeidhm an phlean sábháilteachta pobail a thiomáint ar aghaidh ionas go mbainfear amach buntáistí inbhraite sa phobal leis.

Déanfaidh gach Údarás Áitiúil an próiseas Léirithe Spéise a gabháil air féin chun Cathaoirleach oiriúnach a aithint. Beidh an Cathaoirleach freagrach as ceannasaíocht na Comhpháirtíochta agus as a héifeachtacht i leith gach gné dá ról a chinntiú.

Is féidir rochtain a fháil ar thuilleadh eolais ar an Léiriú Spéise anseo.

CRÍOCH../

Nótaí i gcomhair an Eagarthóra

Déantar socrú maidir leis na Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla i gCuid 3 den Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, a shínigh an tUachtarán ina dhlí mí Feabhra seo caite.

Tabharfaidh na Comhpháirtíochtaí na seirbhísí stáit iomchuí go léir agus an pobal le chéile ag leibhéal údaráis áitiúil. Tógfaidh sé seo ar an obair a rinneadh trí Chomhchoistí Póilíneachta agus cuirfidh sé léi trína chinntiú go mbeidh na páirtithe leasmhara iomchuí eile go léir i láthair is gá chun fóram níos iomlánaíche a bheith ann le haghaidh plé, cinntí agus gnímh ar thosaíochtaí pobail.

Bhí comhpháirtíochtaí píolótacha á reáchtáil i bPort Láirge, sa Longphort agus i Lárchathair Thuaidh Bhaile Átha Cliath, agus d’fhorbair agus d’fhoilsigh gach ceann acu plean sábháilteachta pobail áitiúla, atá le fáil ar shuímh ghréasáin na n-údarás áitiúil.

Ba é tátal ar foghlaimíodh ó mheastóireacht neamhspleách na gComhpháirtíochtaí píolótacha go bhfuil ról an Chathaoirligh, go háirithe i dtéarmaí cumais agus taithí ceannaireachta, lárnach don Chomhpháirtíocht. Is mór-ról saorálaíochta ardleibhéil atá ann, laistigh dá bpobal/gcontae féin, a dteastóidh tiomantas agus am chuige.

Déanfaidh gach Údarás Áitiúil an próiseas Léirithe Spéise a gabháil air féin chun iarrthóir oiriúnach nó iarrthóirí oiriúnacha a aithint chun dul ar aghaidh lena roghnú mar Chathaoirleach ag an Aire Dlí agus Cirt. Cinnteoidh an próiseas seo go mbeidh daoine aonair a mbeidh taithí acu i gceannas ar gach Comhpháirtíocht, ar daoine iad a bheidh muiníneach agus iad ag déanamh éascaíochta ar an gComhpháirtíocht agus ag tabhairt isteach rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara go léir ag gach leibhéal d’fhonn fíorathrú a bhaint amach i bpobail áitiúla.

Trí bliana atá mar théarma ceapacháin don Chathaoirleach.