AE/Idirnáisiúnta
-
From: Department of Justice
- Published on: 24 March 2023
- Last updated on: 24 March 2023
Tá ról tábhachtach agus dúshlánach ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais go hidirnáisiúnta.
Ó thaobh téarmaí ama agus acmhainne, is iad Gnóthaí AE an tiomantas is mó atá againn ina leith seo. Tá baint againn freisin le comhlachtaí idirnáisiúnta eile mar [external-link Chomhairle na hEorpa | https://www.coe.int/en/ ] agus [external-link na Náisiúin Aontaithe. | http://www.un.org/en/index.html ]
Téann tionscnaimh agus cláir a eascraíonn ag leibhéal AE agus ag an leibhéal idirnáisiúnta i bhfeidhm ar ár straitéisí maidir le coiriúlacht, le comhoibriú na bpóilíní, athchóiriú dlí i gcúrsaí sibhialta agus coiriúlachta araon, tearmann agus inimirce, mar aon le comhionannas agus frith-idirdhealú.
Go deimhin, tá baint éigin ag beagnach gach rannán sa Roinn le cúrsaí idirnáisiúnta agus AE a thagann faoinár réimse beartais leathan.
Cé go mbíonn freagracht ar rannáin aonaracha as obair AE agus idirnáisiúnta atá ábhartha dá réimsí faoi seach, féadfaidh cúrsaí beartais teorainneacha rannáin chomh maith le teorainneacha Rannacha a thrasnú go minic, agus bíonn saincheisteanna nó imeachtaí áirithe a dteastaíonn ardleibhéal comhairliúcháin agus comhordaithe uathu, taobh istigh den Roinn agus idir ranna rialtais araon.
Bíonn ról lárnach ag ár Rannán Beartais Idirnáisiúnta, a bhfuil baill foirne aige i mBaile Átha Cliath, sa Bhruiséil agus i Strasbourg, ina leith seo.
Féadfaidh tú tuilleadh a fhoghlaim faoin Rannán Beartais Idirnáisiúnta agus Gnóthaí AE trí chuairt a thabhairt ar an leagan Béarla dár suímh gréasáin.