Gaeilge

Search gov.ie

Publication

Bainistíocht na Roinne



Ról an Ard-Rúnaí

Is í Oonagh McPhillips ár nArd-Rúnaí (gníomhach).

Státseirbhíseach sinsearach na Roinne, agus a ceannasaí neamhpholaitiúil, atá san Ard-Rúnaí. Bainistiú ó lá go lá agus pleanáil is treorú straitéiseach neamhpholaitiúil an cúram atá air.

Is í an tArd-Rúnaí an tOifigeach Cuntasaíochta. Tá sí freagrach as na cistí faoi rialú na Roinne a ráthú agus as an mbarainneacht agus an éifeachtúlacht a chinntiú ó thaobh reáchtáil na Roinne de.


Ról an Leas-Ard-Rúnaí – Folamh

I measc fhreagrachtaí an Leas-Ard-Rúnaí tá an córas dlí choiriúil agus maoirseacht a dhéanamh ar ghnéithe d’obair na Roinne a mbíonn tionchar díreach acu ar an gcóras sin.


Ról an Bhoird Bhainistíochta

Faigheann an tArd-Rúnaí cúnamh ón mBord Bainistíochta a bhfuil sise ina cathaoirleach air.

Is príomhghné de rialachas na Roinne an Bord Bainistíochta. Bíonn ról ar leith aige maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Roinn agus leis an Earnáil Dlí agus Cirt agus Comhionannais níos leithne, go háirithe sa chás go dtrasnaíonn saincheisteanna teorainneacha eagraíochtúla.

Is iad seo baill an Bhoird Bhainistíochta:

  • Oonagh McPhillips, Ard-Rúnaí Gníomhach
  • Michael Donnellan, Ard-Stiúrthóir, Seirbhís Phríosúin na hÉireann
  • Michael Flahive, Rúnaí Cúnta, Rannán Dlí Coiriúil
  • James Martin, Rúnaí Cúnta, Rannán Beartais Idirnáisiúnta agus Beartais na bPríosúin agus Promhadh
  • Conan McKenna, Rúnaí Cúnta, Stiúrthóireacht um Athchóiriú Dlí Sibhialta agus Beartas na gCúirteanna
  • John O’Callaghan, Rúnaí Cúnta, Póilíneacht
  • Carol Baxter, Ceannasaí: Seirbhísí Tearmainn, Imeascadh agus Comhionannas
  • Peter Mullan, Rúnaí Cúnta, Coireacht agus Slándáil
  • Doncha O'Sullivan, Rúnaí Cúnta, Seirbhísí Corparáideacha
  • Michael Kirrane, Ard-Stiúrthóir Gníomhach Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS)
  • Vivian Geiran, Stiúrthóir, An tSeirbhís Phromhaidh
  • Marion Walsh, An Stiúrthóir ar ‘Cosc’ agus Oifigí Íospartaigh na Coireachta agus an Choireacht (Airm thine, Pléascáin agus an beartas um Shlándáil Phríobháideach)
  • Richard Fallon, Príomhoifigeach, Athchóiriú an Dlí Choiriúil
  • Patrick Forsyth, Príomhoifigeach, Ceannasaí Cumarsáide & Rúnaíocht Chorparáideach
  • Martina Colville, Príomhoifigeach, Acmhainní Daonna
  • Eileen Leahy, Príomh-Oifigeach, Seirbhísí Corparáideacha
  • Yvonne Furey, Príomh-Oifigeach, Athchóiriú agus Forbairt

Tá ról tábhachtach lárnach leis an mBord Bainistíochta maidir leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, chomh maith le hearnáil an dlí agus an chomhionannais níos ginearálta ná sin, a threorú, a stiúradh agus a rialú.

Is é cuspóir atá leis an mBord Bainistíochta ceannaireacht, léargas agus treoir straitéiseach a chur ar fáil d'fhoireann na Roinne agus do na gníomhaireachtaí; oibriú mar chomhairleoir iontaofa ag an Aire; agus a chinntiú go ndéantar rialachas agus maoirseacht éifeachtúil docht a dtagann Éire níos sábháilte cothroime dá mbarr ag daoine le maireachtáil agus oibriú inti agus dul i mbun gnó.

Cúraimí an Bhoird Bhainistíochta:

  • Ceannaireacht agus treoir straitéiseach a chur ar fáil don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus d’earnáil an dlí agus an chomhionannais go ginearálta, de réir chultúr agus luachanna na Roinne
  • Polasaithe agus cláir thábhachtacha a thagann le haidhmeanna straitéiseacha na Roinne a fhorbairt agus a chur chun cinn agus maoirseacht a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm
  • Ceannaireacht agus cúnamh taca a chur ar fáil do lucht foirne na Roinne
  • Comhairle ar ardchaighdeán a chur ar fáil go tráthúil ar bhealach comhordaithe don Aire, do na hAirí Stáit agus don Rialtas faoi cheisteanna straitéiseacha a bhaineann le gnó na Roinne
  • An cheannaireacht, an mhaoirseacht, an bhainistíocht agus an t-athbhreithniú is cuí a chur ar fáil maidir le Ráitis Straitéise agus Pleananna Gnó agus beartaíocht uile na Roinne agus, de réir mar is cuí, maidir leis an mbeartaíocht go léir ar fud na hearnála ar fad a bhaineann le hábhar
  • Monatóireacht a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht i gcomórtas leis na pleananna corparáide, na buiséid agus na spriocanna
  • Maoirseacht a dhéanamh ar an mbainistíocht straitéiseach agus ar an leithdháileadh a thugtar ar acmhainní na Roinne agus acmhainní a chur i leith bhearta de réir ord tábhachta
  • Ceannaireacht agus maoirseacht a dhéanamh maidir le próiseas an athraithe, nuáil a spreagadh, ionas go gcuirtear le hacmhainn na Roinne freastal do riachtanais na linne seo agus na linne seo romhainn
  • A chinntiú go mbíonn an córas rialachais cuí ar bun a fhóireann don Roinn agus don earnáil, go háirithe

- cúnamh a thabhairt don Ard-Rúnaí na feidhmeanna a leagtar ar an Oifigeach Cuntasaíochta a chomhlíonadh

- a chinntiú go bhfeidhmíonn an Roinn taobh istigh de na teorainneacha a leagtar síos maidir le leibhéal riosca atá aontaithe inghlactha agus deimhniú réasúnach go bhfuil na coinníollacha airgeadais agus rialúcháin ar fad a bhaineann le hábhar á sásamh

- a chinntiú go bhfuil socruithe éifeachtúla rialachais agus cuntasaíochta ar bun idir an Roinn agus na gníomhaireachtaí agus comhlachtaí a thagann faoina scáth.