Gaeilge

Search gov.ie

Publication

Coireacht


Ról an rannáin Choireachta agus Shlándála

Is é ról an Rannáin Choireachta agus Slándála sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais treorú comhordaithe maidir le beartais a sholáthar chomh maith le creataí comhordaithe dlí chun an choireacht a laghdú agus a chosc, chun dul i ngleic le hathchoireacht agus pobail níos sábháilte a fhorbairt.

Treoraítear obair le dul i ngleic leis an gcoireacht trí anailís ar threochtaí coireachta agus áireofar na nithe seo a leanas:

  • bearta chun an baol, go mbeidh duine i mbun coireachta, a laghdú in éineacht le tionscnaimh chun an choireacht a chosc;
  • póilíneacht éifeachtach atá bunaithe ar an gcomhpháirtíocht idir pobail, An Garda Síochána, údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí eile;
  • bearta chun seasamh na n-íospairteach agus a gcuid riachtanas a fheabhsú;
  • freagairtí ó ghníomhaireachtaí, a oibríonn i gcomhar le chéile, ar chineálacha casta coireachta – an choireacht eagraithe, gáinneáil, smuigleáil, cibearchoireacht agus coireacht an bhóna bháin;
  • raon smachtbhannaí coiriúla a fheidhmiú chun éascú le laghdú ar choireacht agus leis an gcosaint phoiblí a éascú.

Tá a shainchúram leathan agus clúdaítear na nithe seo a leanas:

  • Breabaireacht agus Caimiléireacht
  • Coimisiúin na nImscrúduithe agus na bhFiosrúchán
  • Cosc na Coireachta sa Phobal
  • Tionscnaimh um Chosc na Coireachta
  • Staidreamh Coireachta
  • Cosc
  • Drugaí
  • Barántais Ghabhála Eorpach
  • Eiseachadadh
  • Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann
  • Gáinneáil Daoine
  • Sciúradh Airgid
  • Cúnamh Dlí Frithpháirteach
  • Lá Náisiúnta Daoine ar Iarraidh
  • Oifig an Paiteolaí Stáit
  • Gnóthaí Tráchta ar Bhóithre
  • Binsí Fiosrúcháin
  • Íospartaigh Choireachta
  • Páipéar Bán um Choireacht
  • Ceartas i leith an Aosa Óig

Chun níos mó a fháil amach, tabhair cuairt ar an leagan Béarla dár suíomh gréasáin – táimid ag obair ar an leagan Gaeilge faoi láthair.