Gaeilge

Search gov.ie

Publication

Gníomhaireachtaí agus oifigí


Réamhrá

Is iad na comhlachtaí a liostaítear thíos na cinn atá faoi scáth na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Beidh tú in ann teacht ar thuilleadh faisnéise faoi na comhlachtaí seo agus faoin reachtaíocht a bhaineann leo ach cliceáil ar na naisc thíos.

Comhlachtaí Feidhmeanna Bunaithe
COMHLACHTAÍ REACHTÚLA: Bunaíodh na comhlachtaí seo le dlí.
An Garda Síochána Póilíneacht agus slándáil náisiúnta sa Stát ] Achtanna an Gharda Síochána 1924-2005
An tSeirbhís Chúirteanna Na Cúirteanna a bhainistiú, tacú leis na breithiúna agus seirbhísí ardchaighdeáin ghairmiúla a sholáthar do gach duine dá n-úsáideann na cúirteanna. Acht na Seirbhíse Cúirteanna 1998
Cigireacht an Gharda Síochána Cigireacht nó fiosrúcháin a dhéanamh i ndáil le haon ghnéithe áirithe de fheidhmiú agus riaradh an Gharda Síochána An tAcht um Cheartas Coiriúil 2007
Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann Cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn An tAcht um Dhócmhainneacht. Phearsanta 2012
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine Socruithe dócmhainneachta pearsanta a fheidhmiú. Cleachtóirí Dócmhainneachta Pearsanta a Údarú Acht Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil Cúnamh agus comhairle dhlíthiúil shibhialta a sholáthar An tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995
An Bord Athbhreithnithe Meabhair-Shláinte (Dlí Coiriúil) Athbhreithniú ar choinneáil othar san Ospidéal Meabharshláinte Lárnach An tAcht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006
An tÚdarás Náisiúnta Míchumais Comhairle a sholáthar maidir le beartais agus cleachtais um míchumas An tAcht um Údarás Náisiúnta Míchumais, 1999
Cigireacht na bPríosún Cigireacht, comhairle Acht na bPríosún 2007
An tÚdarás Clárúcháin Maoine Bainistíocht agus rialú Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhnas, clárú agus úinéireacht talún a chur chun cinn agus a leathnú An tAcht um Chlárú Gníomhas agus Teideal 2006

COMHLACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA (REACHTÚLA): Comhlachtaí is ea iad seo a bhfuil feidhm imscrúdúchain acu is a bunaíodh le dlí.

Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (GSOC) Glacadh le gearáin arna ndéanamh ag daoine sa phobal, maidir le hiompar ball den Gharda Síochána, cumhacht a chleachtadh i ndáil leis na gearáin seo, treoirlínte a eisiúint, torthaí imscrúdúchán a thuairisciú do Choimisinéir an Gharda Síochána agus don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí de réir mar is cuí, prótacail a dhréachtú Acht an Gharda Síochána 2005
Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí Standards, inspections, investigation and enforcement of personal data protection An tAcht um Chosaint Sonraí, 1988
Oifig an Choimisinéara Iarratas Dídeanaithe Iarratais ó dhaoine atá ag lorg stádas dídeanaí a imscrudú, iarratais ó dhídeánaithe a imscrúdú maidir le cead a thabhairt do bhaill teaghlaigh teacht isteach agus cónaí sa Stát agus iarratais ar chosaint chúnta a imscrúdú An tAcht Dídeanaithe 1996
[external-link http://www.coroners.ie/ Cróinéirí Breathnú ar chúinsí a bhaineann le bás tobann, mínádúrtha, neamh-mhínithe, foréigneach nó mínádúrtha An tAcht Cróinéirí, 1962
Comhlachtaí Feidhmeanna Bunaithe
COMHLACHTAÍ RIALÁLA (REACHTÚLA): Comhlachtaí is ea iad seo a bhfuil feidhm rialála acu agus a bunaíodh le dlí.
An tÚdarás Rialála Carthanas Rialáil Earnáil na gCarthannas An tAcht Carthanas 2009
Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann Scrúdú agus deimhniú scannán, físeán agus DVDanna Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 arna leasú leis an Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008
An tÚdarás um Shlándáil Phríobháideach Rialáil an tionscail shlándála príobháidí in Éirinn An tAcht um Shlándáil Phríobháideach 2004
An tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine Córas ceadúnúcháin a fheidhmiú, caighdeáin a fhorfheidhmiú, gearáin a imscrúdú agus a bhreithniú agus ciste cúitimh a bhainistiú An tAcht um Rialáil Seirbhísí Maoine 2011
An tAonad um Chomhlíonadh Frithsciúrtha Airgid Soláthraithe Seirbhíse Iontaobhais nó Cuideachta a údarú, Clubanna Comhaltaí Príobháideacha a chlárú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh frithsciúrtha airgid ag Déileálaithe Earraí Ardluacha, Soláthraithe Seirbhíse Iontaobhais nó Cuideachta agus Clubanna Comhaltaí Príobháideacha. An tAcht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta), 2010
Comhlachtaí Feidhmeanna Bunaithe
COMHLACHTAÍ ACHOMHAIRC (REACHTÚLA): Comhlachtaí is ea iad seo a bhfuil feidhm achomhairc acu agus a bunaíodh le dlí.
An Bord Achomhairc um Scrúdóireacht Scannán Achomhairc i ndáil le cinntí maidir le haicmiú a dhéanann IFCO Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 arna leasú leis an Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008
An Bord Achomhairc um Shlándáil Phríobháideach Achomhairc a bhreithniú ó dhaoine a oibríonn sa tionscal slándála i gcoinne cinntí maidir le ceadúnúcháin arna ndéanamh ag PSA Acht na Sheirbhísí Slándála Príobháidí 2004
An Bord Achomhairc um Sheirbhísí Maoine Éisteacht le hachomhairc i gcoinne cinntí áirithe arna ndéanamh ag an Údarás agus cinneadh a dhéanamh ina leith An tAcht Seirbhísí Maoine (Rialáil) 2011
An Binse Achomhairc do Dhídeanaithe Achomhairc, i gcoinne cinntí chéadchéime arna ndéanamh ag an gCoimisinéir um Iarratais ó Dhídeánaithe, a bhreithniú An tAcht Dídeanaithe 1996

GNÍOMHAIREACHTAÍ NEAMHREACHTÚLA: Is é an tAire a bhunaíonn na comhlachtaí seo ar bhonn riaracháin.

An Coimisiún um Thacaíocht d’Iospartaigh na Coireachta Cabhrú le forbairt straitéisí agus beartas chun tacú le híospartaigh na coireachta Bunaithe Márta 2005
An Binse Cúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla Breithníonn iarratais ar chúiteamh ó nó thar ceann daoine a d’fhulaing gortú nó bás de thoradh coireachta foréigní Bunaithe 1974
An tSaotharlann Fóiréinseolaíochta Cabhrú le himscrúdú coireachta agus anailís eolaíochta agus comhairle shaineolach a sholáthar Bunaithe 1975
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS) Le tearmann,inimirce, saoránacht agus víosaí Bunaithe 2005
Seirbhís Príosún na hÉireann Coimeád sábháilte, slán a sholáthar do dhaoine atá curtha go príosún ag na cúirteanna agus pianbhreitheanna coimeádta a bhainistiú Achtanna na bPríosún 1826-2007
Oifig an Phaiteolaí Stáit Comhairle neamhspleách a sholáthar maidir le cúrsaí a bhaineann leis an bpaiteolaíocht fhóiréinseach agus scrúduithe iarbháis a dhéanamh i gcásanna a bhfuil amhras ina leith gur feall a bhí i gceist
An Bord Parúil Moltaí maidir le pianbhreitheanna príosúnaithe a bhainistiú Bunaithe ar bhonn riaracháin i mí Aibreáin 2001
An tSeirbhís Promhaidh Maoirseacht ar phromhadh a sholáthar, chomh maith le cláir sheirbhíse don phobal, cláir um iompar le ciontú agus sainseirbhísí tacaíochta Probation of Offenders Act 1907
An Ghníomhaireacht um Fháiltiú agus Lánpháirtíocht (RIA) Cuireann lóistín ar fáil do lucht iarrtha dídine agus soláthraíonn seirbhísí dóibh agus a gcuid iarratas ar dhídean á bpróiseáil Bunaithe mí Aibreáin 2001
Comhlachtaí Feidhmeanna Bunaithe
OIFIGÍ FEIDHMIÚCHÁIN (COMHLACHTAÍ NEAMHREACHTÚLA NA ROINNE): Bunaítear na comhlachtaí seo ar bhonn riaracháin laistigh den Roinn
An tAonad um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc Comhordaíonn freagairt na hÉireann ar gháinneáil daoine Bunaithe Feabhra 2008
Cosc Cosc ar Fhoréigean Teaghlaigh, Gnéis agus Inscne Bunaithe 2007
Seirbhís na hÉireann um Cheartas i leith an Aosa Óig Chun ciontú i measc na n-ógánach a laghdú Bunaithe Nollaig 2005
An Oifig um Shábháilteacht Idirlín Chun sábháilteacht ar an idirlíon a chur chun cinn, go háirithe i ndáil le pornagrafaíocht leanaí a chomhrac Bunaithe Márta 2008
Oifig Íospartaigh na Coireachta Chun leanúnachas agus caighdeáin na seirbhísí do íospartaigh coireachta a fheabhsú Bunaithe Meán Fómhair 2008