Gnóthaí Corparáideacha
-
From: Department of Justice
- Published on: 24 March 2023
- Last updated on: 12 April 2025
Tá ról na nGnóthaí Corparáideacha mar bhuntaca ag gach ceann de Chuspóirí Straitéiseacha na Roinne. Cinntíonn an rannán seo go mbíonn an tacaíocht a bhfuil géarghá léi ar fáil chun go mbainfidh an Roinn amach a spriocanna straitéiseacha go léir. Tá freagracht faoi leith air as bainistíocht acmhainní agus athrú eagraíochtúil marthanach.
Tá freagracht ar Ghnóthaí Corparáideacha as cuid de ghníomhaireachtaí na Roinne – cosúil leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil, an tÚdarás Clárúcháin Maoine, srl. – a rialú agus maoirseacht a dhéanamh orthu.
Tá Gnóthaí Corparáideacha freagrach as:
- Oifig na Rúnaíochta Corparáidí (ina gcorpraítear Oifigí Airí, Oifig an Ard-Rúnaí, an Oifig Phreasa agus Chumarsáide)
- Seirbhísí Corparáideacha
- An tAonad Bainistíochta Airgeadais
- Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais
- Acmhainní Daonna
- An tAonad um Rochtain Faisnéise, ina gcuimsítear an tSaoráil Faisnéise agus Taifid
- Iniúchóireacht Inmheánach
- Rannán na Teicneolaíochta Faisnéise
- Taighde Pleanála Beartas
- An Príomhoifigeach Faisnéise
- Athchóiriú
- An Phleanáil Straitéiseach