Gaeilge

Search gov.ie

Publication

Slándáil

Ról an rannáin Choireachta agus Shlándála

Is é ról an Rannáin Choireachta agus Slándála sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais treorú comhordaithe maidir le beartais a sholáthar chomh maith le creataí comhordaithe dlí chun an choireacht a laghdú agus a chosc, chun dul i ngleic le hathchoireacht agus pobail níos sábháilte a fhorbairt.

Treoraítear obair le dul i ngleic leis an gcoireacht trí anailís ar threochtaí coireachta agus áireofar na nithe seo a leanas:

  • bearta chun an baol, go mbeidh duine i mbun coireachta, a laghdú in éineacht le tionscnaimh chun an choireacht a chosc;
  • póilíneacht éifeachtach atá bunaithe ar an gcomhpháirtíocht idir pobail, An Garda Síochána, údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí eile;
  • bearta chun seasamh na n-íospairteach agus a gcuid riachtanas a fheabhsú;
  • freagairtí ó ghníomhaireachtaí, a oibríonn i gcomhar le chéile, ar chineálacha casta coireachta – an choireacht eagraithe, gáinneáil, smuigleáil, cibearchoireacht agus coireacht an bhóna bháin;
  • raon smachtbhannaí coiriúla a fheidhmiú chun éascú le laghdú ar choireacht agus leis an gcosaint phoiblí a éascú.

Tá a shainchúram leathan agus clúdaítear na nithe seo a leanas:

  • Pléascáin/Piriteicnic
  • Arm Tine
  • Slándáil Phríobháideach
  • Sceimhlitheoireacht

Tuilleadh eolais

Chun níos mó a fháil amach, tabhair cuairt ar an leagan Béarla dár suíomh gréasáin – táimid ag obair ar an leagan Gaeilge faoi láthair.