Ionad Cuairteoirí agus Mol Turasóireachta SOLAS ar fiú €4 milliún é oscailte go hoifigiúil ag Aire Humphreys
- Published on: 29 April 2024
- Last updated on: 12 April 2025
Thug an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, cuairt freisin ar an Eachléim, Co. Mhaigh Eo chun an tIonad Cuairteoirí agus Mol Turasóireachta SOLAS, ar fiú €4 milliún é, a oscailt go hoifigiúil i nGaeltacht Thuaisceart Mhaigh Eo.
Is é SOLAS an tIonad Cuairteoirí agus Mol Turasóireachta nua i gcroílár Ghaeltacht Thuaisceart Mhaigh Eo, áit a mbeidh cuairteoirí ábalta oidhreacht nádúrtha agus chultúir na háite a thaiscéaladh, lena n-áirítear cuairt a thabhairt ar Theach Solais an Fhóid Duibh.
Dúirt an tAire ar an Eachléim:
“Déanfar an stair sin a cheiliúradh leis an tionscadal suntasach seo a chuirfidh ar chumas cuairteoirí foghlaim faoi shaibhreas oidhreacht chultúir agus nádúrtha an réigiúin seo agus a éascóidh cuairteanna chuig Teach Solais an Fhóid Duibh.
"Díol spéise réigiúnach ann féin a bheidh in Ionad Cuairteoirí SOLAS. De réir mar a thuigim, tá cuairt tugtha cheana féin ag breis is 2,000 duine ar an ionad cuairteoirí ó d’oscail na doirse cúpla seachtain ó shin.
"Is féidir le cuairteoirí chuig SOLAS lucht ceirde a fheiceáil i mbun a gcuid oibre agus táirgí a cheannach d’fhonn tacú le gnólachtaí áitiúla an réigiúin agus le réigiúin Ghaeltachta ó níos faide ó bhaile.
"Ní hamháin go gcruthóidh sé seo jabanna agus go gcothóidh sé deiseanna ach cuideoidh sé athrú ó bhonn a dhéanamh ar an réigiún do gach duine.”
Bronnadh €2.47 milliún i maoiniú ar Údarás na Gaeltachta faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe. Chuir Údarás na Gaeltachta €1 milliún i maoiniú breise ar fáil agus chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán €0.5 milliúin i maoiniú breise ar fáil.
Nótaí
Ár dTodhchaí Tuaithe
Is é Ár dTodhchaí Tuaithe an beartas uile-rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann don tréimhse 2021-2025. Is ionann é agus cloch mhíle nua sa chur chuige i leith beartas forbartha tuaithe d'Éirinn, agus glacann sé cur chuige níos straitéisí, níos uaillmhianaí agus níos iomlánaíche i ndáil le hinfheistíocht a dhéanamh i ndeiseanna do cheantair thuaithe agus an leas is fearr a bhaint astu.