Deontas suas le €9,067 nó 80% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do CLG Cárna/Caiseal le cur ar a chumas oibreacha áirithe a chur I gcrích ar an gclubtheach.
-
From: Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
- Published on: 26 June 2020
- Last updated on: 11 April 2025
D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, An Seanadóir Seán Kyne inniu go bhfuil deontas suas le €9,067 nó 80% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe aige do CLG Carna/Caiseal le cur ar a chumas cithfholcadáin, geataí agus 5 dhoras nua a chur isteach sa chlubtheach acu.
Tá dul chun cinn déanta ag CLG Carna/Caiseal ó bunaíodh iad ós cionn dhá scór bliain ó shin i bhforbairt na Gaeilge i measc aos óg an cheantair. Níl aon amhras ann ach go dtacaíonn gníomhaíochtaí an chumainn go mór le cuspóirí an Phróisis Pleanála Teanga go háirithe iad siúd a bhaineann leis an aos óg agus pobail Gaeltachta.
Agus é ag labhairt ar an ábhar, dúirt an tAire Stáit Kyne gur tugadh aghaidh sonrach ar acmhainní breise a chur ar fáil ar mhaithe le tacú tuilleadh leis an raon seirbhísí agus tacaíochtaí atá ar fáil d’aos óg na Gaeltachta i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018.
“Is sa chomhthéacs sin gur thapaigh muid an deis beart a dhéanamh de réir ár mbriathair agus an deontas seo a cheadú do CLG Carna/Caiseal,” a dúirt an tAire Stáit. “Is comhartha é ceadú an deontais seo go bhfuil mo Roinn ag díriú isteach ar chuidiú leis na pobail Ghaeltachta áiseanna caitheamh aimsire sna ceantair Ghaeltachta a fheabhsú. Tá súil agam go mbeidh an deontas seo ina chuidiú don eagraíocht agus páirt ghníomhach á glacadh acu sa phróiseas pleanála teanga agus sna gnáthghníomhaíochtaí agus imeachtaí a bhíonn idir lámha acu freisin.”
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.13, 2.20, 2.22 agus 2.21 uile de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 atá an deontas seo á cheadú.