Fáiltíonn an tAire Zappone roimh an gcomhlacht gairmiúil atá á bhunú ag CGÓ, SIPTU agus PLÉ
From Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
Published on
Last updated on
From Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
Published on
Last updated on
D’fháiltigh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dr Katherine Zappone, T.D., roimh an bhfógairt inniu gur chruthaigh Cumann na nGairmithe Óige (CGÓ), SIPTU, agus PLÉ (Cumann na hÉireann um Acadóirí in Oideachas agus Cúram na Luath-Óige san Ardoideachas) grúpa oibre chun fiosrú a dhéanamh ar chomhlacht gairmiúil a bhunú. Ag freagairt don tionscnamh, leag an tAire an bhéim ar thábhacht fhéideartha an ghrúpa i dtaobh tacú le feabhsú ar cháilíocht an tsoláthair agus glór a sholáthar don ghairm.
Luaigh an tAire go bhfuil clár mór athchóirithe á phleanáil don ghairm, mar chuid de Na Chéad 5, trí Phlean Forbartha an Lucht Saothair. Cuireadh tús leis an obair le déanaí. Déanfar bealach a leagan amach i bPlean Forbartha an Lucht Saothair chun gairmiúilú an lucht saothair a bhaint amach i luathfhoghlaim agus cúram agus i measc leanaí ar aois scoile sna deich mbliana amach romhainn, lucht saothair faoi stiúir céimithe a bhaint amach faoin mbliain 2028 agus próifíl ghairmeacha beatha a ardú sa ghairm ina measc.
Luaigh an tAire:
“Caithfidh leanaí a bheith i gceartlár gach rud a dhéanaimid, agus tá páirt lárnach acu siúd a oibríonn le leanaí maidir lena chinntiú go mbaintear torthaí maithe amach do leanaí. Baineann tábhacht ollmhór lena n-obair agus caithfear luach a léiriú orthu i ngeall ar an rannchuidiú a dhéanann siad. Céim mhór chun cinn a bheadh i gcomhlacht gairmiúil a fhorbairt ar an aistear i dtreo gairmiúilú, agus guím rath lena gcuid iarrachtaí orthu siúd a bhfuil páirt á glacadh acu sa tionscnamh seo.”
CRÍOCH