Foilsíonn an tAire Zappone Tuarascáil an Dr Geoffrey Shannon ar Bhailiúchán DNA Mharthanóirí Thuama
From Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
Published on
Last updated on
From Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
Published on
Last updated on
Tugtar le fios sa tuarascáil gur cheart go mbeadh sé indéanta scéim riaracháin dheonach a fhorbairt chun samplaí bitheolaíocha a bhailiú ó mharthanóirí agus gaolta
Ráiteas leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dr Katherine Zappone, T.D.
D’fhoilsigh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dr Katherine Zappone, T.D. Tuarascáil an Dr Geoffrey Shannon, “Tuarascáil ar Bhailiúchan DNA Mharthanóirí Thuama” ("Report on the Collection of Tuam Survivors' DNA") . D’iarr an tAire Zappone ar an Dr Shannon machnamh a dhéanamh ar cén gníomhartha a d’fhéadfadh bheith indéanta faoi na dlíthe reatha mar fhreagairt d’iarraidh ó roinnt grúpaí ionadaíocha chun tús a chur le samplaí DNA a bhailiú láithreach i gcomhthéacs phróifíl aoise agus stádas sláinte na marthanóirí. Ba é an cuspóir a bheadh ag samplaí a bhailiú ná chun iad a chur i gcomparáid lena chéile ní ba dhéanaí in aghaidh aon phróifílí DNA a d’fhéadfaí a ghineadh ó na hiarsmaí daonna a aimsíodh ag an suíomh i dTuaim agus, más féidir, sainaithint dhearfach a dhéanamh.
Tá 97 leathanach i dtuarascáil an Dr Shannon agus déantar machnamh inti ar an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh laistigh den chreat reachtaíochta, agus tagairt ar leith á déanamh don mhéid seo a leanas:
Measann an Dr Shannon gur cheart go mbeadh sé indéanta scéim riaracháin dheonach a fhorbairt chun samplaí bitheolaíocha a bhailiú ó ghaolta sula n-achtaítear an reachtaíocht atá á forbairt ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige mar fhreagairt d’iarsmaí na n-ógánach a aimsíodh ag Tuaim. Ba cheart an scéim riaracháin a chomhchuimsiú ansin isteach sa reachtaíocht a luaithe a bhíonn sé réidh. Ní ghinfear aon phróifílí DNA ó na samplaí bitheolaíocha go dtí go mbeidh an reachtaíocht i bhfeidhm agus gur cruthaíodh gur féidir próifílí DNA a ghiniúint ó iarsmaí na n-ógánach.
Leagann an Dr Shannon an bhéim air go mbeadh aon scéim a fhorbraítear le hoibriú ar bhunús toiliú feasach chun an RGCS agus ceanglais bhunreachtúla a bhaineann le cosaint sonraí a shásamh. Ba cheart go mbeadh rannpháirtithe in ann an cinneadh a dhéanamh chun aistarraingt ag tráth ar bith agus a iarraidh go ndéantar a sampla agus an t-eolas a choimeádtar fúthu a mhilleadh.
Tá comhairliúcháin dhlíthiúla le cur ar siúl chun machnamh a dhéanamh ar scéim chuí
Ag freagairt don tuarascáil, dúirt an tAire Zappone:
“Táim an-bháúil ar na buarthaí atá ar mharthanóirí agus daoine muinteartha go gcruthaíonn a bpróifílí aoise agus sláinte údar práinne i dtaobh samplaí bitheolaíocha a bhailiú. I ndiaidh thuarascáil an Dr Shannon, beartaím a iarraidh ar m’oifigigh scéim chuí riaracháin dheonach a fhorbairt chun na samplaí siúd a bhailiú, faoi réir comhairle dlí.
"Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an Dr Shannon as an measúnú tomhaiste a rinne sé ar na ceisteanna casta atá i gceist. Faoi mar a thug sé chun solais, ní soiléir go fóill cé acu an mbeifear nó nach mbeifear in ann próifílí DNA a ghiniúint ó iarsmaí daonna na n-ógánach a bheadh ar an gcaighdeán sin go mbeifí in ann meaitseálacha teaghlaigh a bhaint amach dá bharr. Ach ní chreidim gur cheart go mbeadh seo mar bhacainn roimh dhóchas agus tá fonn mór orm gach uile dheis fhéideartha a thabhairt do mharthanóirí agus daoine muinteartha chun iarracht a dhéanamh chun iarsmaí na ndaoine siúd a shainaithint a bhfuil gean mór acu orthu.
"Déanfaidh m’oifigigh comhairliúchán breise anois lenár gcomhairleoirí dlíthiúla agus na gníomhaireachtaí ábhartha i dtreo scéim riaracháin dheonach a fhorbairt sna míonna amach anseo.”
CRÍOCH
Príomhthorthaí thuarascáil an Dr Shannon: