Seoladh Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021-2025 4 Meitheamh 2021
From Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
Published on
Last updated on
From Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
Published on
Last updated on
A Chathaoirligh, a Phríomhfheidhmeannaigh an Údaráis agus a chairde,
Tá an-áthas orm a bheith libh ag an ócáid seo inniu chun Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta a sheoladh.
Glacaim buíochas le Cathaoirleach Bhord an Údaráis, Anna Ní Ghallachair agus an Príomhfheidhmeannach Mícheál Ó hEanaigh as an gcuireadh chroíúil chun an straitéis seo a sheoladh.
Tá fís leagtha síos ag Údarás na Gaeltachta anseo don Ghaeltacht do na cúig bhliana amach romhainn. Rachaidh an plean uaillmhianach seo chun tairbhe pobal labhartha Gaeilge, pobal fiontraíochta agus cúrsaí forbartha pobail na Gaeltachta.
Déantar rianú ann ar raon aidhmeanna agus gníomhartha atá beartaithe ag an Údarás a chur chun feidhme sa tréimhse cúig bliana atá romhainn faoi scáth polasaí foriomlán an Rialtais i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022, chomh maith ar ndóigh leis an straitéis fhoriomlán 20 Bliain don Ghaeilge.
Cosúil le pobail eile ar fud na tíre tá pobail Ghaeltachta ag dul i ngleic le himpleachtaí na paindéime, géarchéim a tháinig aniar aduaidh ar an tír agus ar an domhan.
Tá muid anseo sa gteic i nGaoth Dobhair inniu. Is sampla iontach é an áis seo den líonra nuálaíochta agus digiteach atá á bhforbairt ag an Údarás ar fud na Gaeltachta. Tugann siad deis do mhuintir na Gaeltachta filleadh ar a gceantar dúchais agus obair go cianda in áiseanna nua-aimseartha le ceangal láidir leathanbhanda.
Chomh maith leis an 30 gteic, tá mise cinnte go mbeidh tionchar fíor dhearfach ag an seacht gcinn de thograí straitéiseacha turasóireachta atá á bhforbairt le tacaíocht na Roinne. Beidh tionchar acu ar phobail agus ar ghnóthaí na Gaeltachta araon.
Tá comhlachtaí Gaeltachta ag tabhairt aghaidhe ar na dúshláin a chruthaigh an Breatimeacht chomh maith go háirithe anseo i nGaeltacht Dhún na nGall áit a bhfuilimid inniu.
Tá réimse tacaíochtaí curtha ar fáil ag an Rialtas chun cuidiú le gnóanna agus comhlachtaí atá buailte de bharr an Bhreatimeachta agus COVID-19.
D’eirigh liom féin agus leis an Aire Martin airgead breise a fháil don Údarás anuraidh agus i mbliana agus táim cinnte go gcabhróidh an méadú ar an mbuiséid caipitil agus reatha leis an Údarás chun na pleananna straitéiseacha seo a chur i bhfeidhm.
Beidh Páirc na Mara i gCill Chiaráin, Co. na Gaillimhe ar cheann de na forbairtí is tábhachtaí do gheilleagar na Gaeltachta sna blianta amach romhainn agus bhí deis agam féin cuairt a thabhairt air chun na pleananna a fheiceáil cúpla seachtain ó shin.
Mar a luaigh an príomhfheidhmeannach, tá earnálacha agus réimsí faoi leith aitheanta ag an Údarás chun díriú orthu sna blianta seo romhainn - earnálacha atá ag fás agus ar féidir buntáiste iomaíoch a bhaint astu don Ghaeltacht.
Ar ndóigh, beidh Athrú Aeráide agus an Geilleagar Ghlas go mór i gceist as seo go ceann roinnt blianta agus muid ag iarraidh cúrsaí timpeallachta agus comhshaoil a chur chun cinn agus a chosaint. Tá deiseanna ann freisin chun teicneolaíochtaí nua a úsáid agus a thástáil i réimsí an fhuinnimh in-athnuaite, na n-ealaíon, na n-acmhainní mara, na hearnála sláinte agus in earnálacha eile.
Tá an fhorbairt pobail agus an phleanáil teanga ina dlúthchuid d’obair Údarás na Gaeltachta. Tá ról lárnach ag an Údarás i gcur i bhfeidhm an Phróisis Pleanála Teanga. Léiríonn an straitéis nua an nasc tábhachtach leis an bpobal agus an cheannródaíocht a bhaineann leis an obair mhór atá ar bun i gcomhar le coistí, ceanneagraíochtaí agus pobail na Gaeltachta ar fad maidir leis an nGaeilge a threisiú agus í a thabhairt slán mar oidhreacht don chéad ghlúin eile.
Le linn thréimhse na straitéise seo, beidh 26 plean teanga á gcur i bhfeidhm sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, chomh maith le pleananna teanga i 3 bhaile seirbhíse Gaeltachta sa Ghaeltacht. Leanfaidh an Roinn ag tabhairt tacaíochta don Údarás chun cur leis an obair atá ar bun chun oiliúint a chur ar fáil do na hOifigigh Pleanála Teanga agus na Ceanneagraíochtaí Pleanála Teanga atá ag cur na bpleananna teanga i gcrích ina gceantair fheidhme.
Ar deiridh ba mhaith liom tréaslú le Bord, Bainistíocht agus le foireann an Údaráis as an obair mhór atá á dhéanamh ar son na Gaeltachta maidir le cúrsaí teanga, fiontraíochta agus pobail. Léiríonn an straitéis seo an réimse fíor leathan earnálacha ina bhfuil Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú chun leas na Gaeltachta.
Guím chuile rath orthu sna blianta seo romhainn le feidhmiú na straitéise agus, leis sin, fógraím mar sin go bhfuil Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021-2025 seolta go hoifigiúil.
Go raibh maith agaibh.