Nótaí Cainte don Aire Stáit Chambers - Oireachtas na Samhna 2021
From Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
By: Jack Chambers
Published on
Last updated on
From Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
By: Jack Chambers
Published on
Last updated on
Check against delivery
A Uachtarán an Oireachtais agus a chairde,
Tá an-áthas orm a bheith libh anseo anocht chun Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a bhronnadh, gradaim a léiríonn dúinn go bhfuil féith na cruthaíochta agus na tionscnaíochta in earnáil na cumarsáide Gaeilge. Tá aitheantas ag dul don Oireachtas as an lasair a lonrú ar an saothar sin gach bliain le linn Oireachtas na Samhna.
Tá clár fíorúil den scoth á reáchtáil ag an Oireachtas le haghaidh féile na bliana seo. Tá mé féin ag súil go mór leis an gcomórtas don amhrán úrnua a bheidh ag tarlú Dé hAoine beag seo. Is léiriú iontach eile é ar an obair chruthaitheach atá ar siúl ag ealaíontóirí na Gaeilge.
Tá an tOireachtas ag reáchtáil comórtais taibhealaíne agus comórtais liteartha ó Míle Ocht gCéad Nócha Seacht (1897), ag am a raibh an Ghaeilge, na healaíona Gaeilge agus nua-scríbhneoireacht i nGaeilge in ísle brí. Chuidigh bunú an Oireachtais leis an mborradh iontach a tháinig faoi na taibhealaíona agus an nua-scríbhneoireacht ag tús an chéid seo caite. Beidh An tOireachtas féin céad a fiche cúig bliain (125 bliain) ar an bhfód an bhliain seo chugainn – agus tá clár comórtha den scoth á ullmhú ag an fhoireann. Déanaim comhghairdeachas leo agus guím gach rath ar an gcomóradh.
Léiriú eile ar dhul chun cinn suntasach i thaobh na dtaibhealaíona traidisiúnta Gaeilge is ea an chomhpháirtíocht nua atá bunaithe idir An tOireachtas agus Ollscoil Mhá Nuad. Tréaslaím le hOllscoil Má Nuad agus le Tríona Ní Shuíocháin as a bheith ceaptha ag an ollscoil mar an chéad ‘Ollamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona’ sa tír agus guím gach rath ar a cuid oibre.
Táimid, mar Ghaeil, ag cuimhneamh i mbliana ar Sheán Ó Riada, caoga bliain tar éis a bháis, fear a chuir beocht agus cruth nua ar an gceol traidisiúnta, agus ar an amhránaíocht thraidisiúnta, agus a d’fhág oidhreacht ollmhór ina dhiaidh. Beidh siompóisiam i gcuimhne ar Sheán Uí Riada agus Ceolchoirm Chomórtha le Cór Chúil Aodha ar siúl Dé Sathairn seo chugainn mar chuid de chlár na féile. Bígí cinnte agus éisteacht leis.
Feicfidh muid agus cloisfidh muid go leor de na taibhealaíona traidisiúnta le linn sheachtain seo an Oireachtais, ar TG4, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar Molscéal agus ar a lán de na meáin chumarsáide eile, díreach mar a bhíonn le linn gnáth-Oireachtas. Tá an chomhpháirtíocht sin thar a bheith luachmhar – neartaíonn sé ár gcultúr agus ár dteanga, agus, saibhríonn sé ár saol uile.
Táimid ag ceiliúradh saol phobal na Gaeilge anseo anocht. Táimid ag ceiliúradh na cumarsáide. Ba mhaith liom, mar Aire Stáit, an deis a thapú a mheabhrú daoibh go bhfuil mé fhéin agus an Rialtas seo tiomanta de chur chun cinn ár teanga.
Tá an próiseas pleanála teanga sna Limistéir Gaeltachta, sna Líonraí agus sna Bailte Seirbhísí Gaeltachta ag bláthú. As na 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, tá 24 plean ceadaithe chomh maith le ceithre Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus trí Líonra Gaeilge sa dlínse ó dheas. Tá pleananna do dhá líonra ceadaithe ó thuaidh ag Foras na Gaeilge chomh maith.
Sa cháinaisnéis a fógraíodh coicís ó shin, cuireadh allúntas breise de seacht milliún Euro (€7m) ar fáil don nGaeilge agus don Ghaeltacht don bhliain seo chugainn, agus is féidir liom a rá go bhfuil mo Roinn agus an Rialtas tiomanta go n-achtófaí an Bille Teanga nua roimh dheireadh na bliana seo. Bhí áthas orainn maoiniú breise de cheithre ponc a dó milliúin Euro (€4.2) a cheadú do TG4, maoiniú a chuirfidh le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha an stáisiúin.
Ceann de na nithe a spreag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ná bunú TG4 i 1996. Seoladh an cainéal nua, Oíche Shamhna na bliana sin, ag an Oireachtas i nGaoth Dobhair. Tá cúig bliana is fiche (25 bliain) den scoth caite ag TG4 - ag cur seirbhís nuálaíoch, lán d’fhuinnimh, de shubstaint is de bheocht – ar fáil do phobal an oileáin seo. Súil Eile is ea TG4 – níl aon amhras faoi sin.
Guím breithlá sona ar TG4, an fhoireann agus sibhse go léir atá ag obair i slí amháin nó i slí eile leis an stáisiún. Ba mhaith liom an gradam seo a bhronnadh ar Cheannasaí TG4, Alan Esslemont, mar aitheantas ar a bhfuil bainte amach ag TG4 le cúig bliana is fiche (25 bliain) agus gach rath a ghuí ar fhoireann uile TG4 don cúig bliana is fiche (25 bliain) atá amach rompu!
GRADAM A BHRONNADH AR ALAN ESSLEMONT.
Bainigí sásamh as Oireachtas na Samhna.