Is mian liom an deis a thapú buíochas speisialta a chur in iúl don Seanadóir Seán Kyne, iar-Aire Stáit don Ghaeltacht, a d’fhoilsigh an Bille seo dhá bhliain ó shin. Tá a fhios agam gur chuir an Seanadóir Kyne go leor oibre isteach sa Bhille seo agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair sin. Sular dréachtaíodh an Bille seo, cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara éagsúla. Leagadh na Ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus foilsíodh tuarascáil an Chomhchoiste ag eascairt as an bpróiseas sin roimh shamhradh dhá mhíle agus a hocht déag (2018). Ba mhór an chabhair í tuarascáil an Chomhchoiste d’oifigigh mo Roinne agus an Bille Teanga á dhréachtú acu agus gabhaim buíochas leis an gComhchoiste as ionchur luachmhar sa phróiseas. I mí na Nollag dhá mhíle agus a naoi déag (2019) foilsíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019. Bhí tús curtha leis an Dara Céim ag an am sin, agus thug an Seanadóir Kyne léargas cuimsitheach ar an mBille do na Tithe ag an tráth sin.