Seachtain na Gaeilge
From Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
Published on
Last updated on
From Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
Published on
Last updated on
A Cheann Comhairle agus a Theachtaí,
Cuireann sé an-áthas orm labhairt libh anseo inniu agus muid i lár Seachtain na Gaeilge. Tá go leor ag tarlú faoi láthair i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta. Cuireann sé gliondar i mo chroí i gcónaí an grá atá ag pobal labhartha na Gaeilge dár dteanga dúchais.
Smaoíním ar na teaghlaigh Gaeltachta, mar shampla, a thugann na mílte déagóirí isteach ina gcuid tithe gach uile bhliain ar mhaithe leis an teanga a thabhairt don chéad ghlúin eile d’fhoghlaimeoirí. Smaoiním ar an teanga álainn nádúrtha atá fós á labhairt ag na pobail Gaeltachta seo suas is anuas chósta an iarthair go príomhá – teanga atá fós á labhairt ag óg agus aosta sna ceantair Gaeltachta seo.
Smaoiním ar an sár-obair atá ar bun ag na comharchumainn, ag na coistí pleanála teanga agus ag na coistí áitiúla ar mhaithe lena gcuid pobal agus a dteanga dúchais a fhorbairt agus a chur chun cinn. Tugann an obair seo atá ar bun ag na pobail seo spreagadh domsa mar Aire agus mé ag comhlíonadh mo chuid dualgaisí don teanga agus don Ghaeltacht. Tugann sé misneach do magus mé ag díriú isteach ar na dúshláin atá roimh an Ghaeilge sa sochaí comhaimseartha. Ceann de na dúshlán sin ná an teanga a chur chun cinn ag leibéal an Aontas Eorpaigh.
In dhá mhíle is a seacht (2007), bronnadh stádas mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach ar an nGaeilge ach cuireadh maolú sealadach ar a húsáid in institiúidí an Aontais i bhfeidhm. I fiche cúig déag (2015), tógadh cinneadh deireadh a chuir leis an maolú i leith na Gaeilge ag tús 2022. Faoi láthair tá 138 duine ag obair le Gaeilge sna hinstitiúdí Eorpacha agus tá an lá a chuirfear deireadh leis an maolú beagnach linn.
Tá agus bhí dúshlán roimh na hinstitúidí agus roimh Rialtas na hÉireann ó thaobh na hearcaíochta de le déanamh cinnte go mbeadh líon leordhóthanach pearsanra le Gaeilge ar fáil chun na folúntais san Eoraip a líonadh. É sin ráite, bhí geallta sa Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge go n-oibreodh an Rialtas i dtreo go mbeadh go leor céimithe cáilithe ar fáil le freastal ar riachtanais earcaíochta an AE. Dá bhar sin, tá obair shuntasach ar bun ag mo Roinn chun céimithe cáilithe a chur ar fáil le freastal ar na riachtanais earcaíochta sin.
Agus an Rialtas ag tabhairt Bille na dTeangacha Oifigiúla tríd an Oireachtas faoi láthair, tá sé tráthúil breathnú arís ar an gcur chuige atá i bhfeidhm ar mhaithe le deireadh a chur leis an maolú san Aontas. Sílim go bhfuil go leor le foghlaim againn uaidh agus muid ag díriú ar an sprioc atá sa Bhille fiche fán gcéad (20%) d’earcaithe nua don gStátchóras anseo in Éirinn bheith inniúil sa Ghaeilge roimh fiche tríocha (2030).
Le roinnt blianta anois, tá sraith beartais curtha ar bun ag mo Roinn le cuidiú leis an bpróiseas seo:
• Cuireann mo Roinn, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus leis an Údarás um Ard-Oideachas maoiniú ar fáil do chúrsaí ábhartha tríú leibhéal, ar mhaithe le ráta ratha i gcomórtais earcaíochta an Aontas Eorpaigh a fheabhsú agus céimithe inniúla a sholáthar d’fhostaíocht sna hinstitiúidí Eorpacha.
• Bunaíodh Ionad Barr-Feabhais do Ghairmeacha Gaeilge san Aontas Eorpach chun comhordú a éascú idir na hinstitiúidí éagsúla atá rannpháirteach sa tionscnamh.
• Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil don tionscadal téarmaíochta, LEX i gcomhar le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
• Eagraíonn mo Roinn, i gcomhar le hArd-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, comórtas aistriúcháin le haghaidh meánscoileanna Gaeilge in Éirinn, thuaidh agus theas. I mí na Nollag, bhronn mo chomhghleacaí, an tAire Stáit Chambers, na duaiseanna ar bhuaiteoirí na bliana seo caite agus bhí gach duine a raibh baint acu leis an gcomórtas an-tógtha le caighdeáin teanga na ndaltaí a ghlac páirt. Tá súil againn go dtabharfaidh an comórtas seo spreagadh do dhaltaí meánscoile smaoineadh ar na deiseanna fostaíochta atá san Eoraip dóibh siúd a bhfuil ard-chaighdeán Gaeilge acu.
• Mar chuid den chur chuige céanna, tá mo Roinn ag maoiniú ‘Gluaiseacht’, Seó Bóthair de chuid Conradh na Gaeilge, a bhíonn ag cur os cionn céad fiche (120) ceardlann ar bun le linn na bliana ar bhonn uile-Éireann. Tá go leor de na himeachtaí seo curtha ar fáil ar líne le bliain anuas, ach tá súil againn nach mbeidh sé i bhfad go dtí go mbeidh siad ar bun arís i scoileanna agus coláistí na tíre. Tá béim ar leith á cur sna ceardlanna seo ar bhuntáistí na Gaeilge agus fostaíocht á lorg ag na daltaí, le cur síos ar chúrsaí tríú leibhéil agus deiseanna fostaíochta le Gaeilge, na deiseanna san Eoraip agus sa seirbhís phoiblí in Éirinn, ach go háirithe.
• Tá scéim intéirnachta againn, a chuireann deichniúr intéirní chuig na hinstitúidí Eorpacha ar feadh tréimhsí 10 mí gach uile bhliain. Tugann sé seo an deis do dhaoine óga blaiseadh a fháil den saol oibre san Eoraip, oiliúnt a fháil ó na hinstitiúidí, agus cur lena gcuid scileanna chun deis níos fearr a thabhairt dóibh sna comórtais earcaíochta amach anseo.
Leis na beartais seo ar fad, tá muid tar éis aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhí ann ó thaobh easpa daoine le Gaeilge ar ardchaighdéan chun na poist san Eoraip a líonadh. Tá muid tar éis glúin nua a thraenáil le sainscileanna i gcúrsaí aistriúcháin, profléitheoireachta, ateangaireachta agus dlítheangeolaíochta. Tá sé seo déanta ar bhealach céimiúl, córasach, agus muid ag tarraingt ar an saineolas san earnáil tríú leibhéal. Tá muid ag dul i bhfeidhm ar dhaltaí meánscoile agus micléinn ollscoile agus muid ag scaipeadh na nuachta faoi na deiseanna atá ar fáil leis an teanga.
Sílim gur iontach an múnla é seo don méid atá le baint amach anois sa Státchóras sa mbaile anseo in Éirinn. Arís, tá dúshlán mór amach romhainn má tá muid chun an spriocanna atá againn sa mBille Teanga a bhaint amach. Gheall an Rialtas anuraidh go dtabharfadh muid Bille Teanga níos láidre chun cinn agus tá muid ag déanamh sin leis na leasuithe atá muid ag cur chun cinn. Tá an plé ag dul ar aghaidh ag Ceim an Choiste go fóill agus tá súil agam go mbeidh muid ag teacht ar ais ag Céim na Tuarascála le breis leasuithe a thabharfaidh Bille an-láidir dúinn.
Faoin mBille Teanga faoi láthair, leis na leasuithe atá mé féin agus an tAire Stáit Chambers ag cur chun cinn, tá:
• Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge le bunú tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe;
• Plean Náisiúnta ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú le bheith ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis bhunú an Choiste;
• Tá cumhacht bhreise le tabhairt don Choimisinéir Teanga chun faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúil;
• Tá 20% d’earcaithe nua do chomhlachtaí poiblí le bheith inniúil sa Ghaeilge tráth nach déanaí ná Nollaig fiche tríocha (2030);
Beidh sé mar chuspóir sa Bhille chomh maith go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ar an mbealach seo tá sé i gceist againn tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus ag eascairt as sin, go mbeimid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge.
Beidh taighde cuimsitheach ag teastáil chun Plean Náisiúnta do Sheirbhísí Gaeilge a chur le chéile. Beidh smaointeoireacht nua agus modhanna oibre ag teastáil chun an phlean a chuir i gcríoch, chun cur le líon na ndaoine atá á n-earcú agus atá inniúl ar an nGaeilge. Creidim go láidir go bhfuil an saineolas agus an taithí atá faighte ag mo Roinn agus iad ag plé le ceist na Gaeilge san Eoraip chun a bheith ina bhuntáiste mór leis na spriocanna seo a bhaint amach. Tá tábhacht ar leith mar sin le ról mo Roinn ar an gCoiste Comhairleach atá le bunú, mar den chéad uair riamh, beidh mo Roinn i gcroílár na díospóireachta, agus ceist na hearcaíochta á plé. Leis seo, beidh muid in ann tionchar a imirt ar an gcóras, chun a chinntiú go mbeidh feabhas ag teacht ar chúrsaí earcaíochta, agus feabhas dá réir ar leibhéal agus caighdeáin na seirbhísí Ghaeilge sa tSeirbhís Phoiblí.
Mar a dúirt an Taoiseach ag tú na díospóireachta inniu, tá sé thar a bheith tábhachtach don phróiseas pleanála teanga go mbeadh seirbhísí stáit ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh muid sa Rialtas anois ag tabhairt aghaidh ar seo ar bhealadh córasach, céimiúil le taighde taobh thiar de. Mar a dúirt mé agus mé ag oscailt Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge Dé Sathairn seo caite, má táimid chun é seo a dhéanamh i gceart, glacfaidh sé am agus ní tharlóidh sé thar oíche. Caithfear é a dhéanamh ar bhonn pleanáilte agus tá an tionscnamh atá leagtha amach sa Bhille nua ag croí-lár na pleanála teanga, dá bharr.
Go raibh míle maith agaibh ar fad.
Críoch