Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019
From Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
By: Jack Chambers
Published on
Last updated on
From Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
By: Jack Chambers
Published on
Last updated on
A Cheann Comhairle,
Mar Aire Stáit na Gaeltachta, is mór an onóir domsa bheith anseo i bhur measc ar an lá stairiúil tábhachtach seo do phobal na tíre i gcoitinne agus do mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta ach go háirithe. Tuigim an tábhacht a bhaineann leis an teanga mar chéad teanga oifigiúl an Stáit, cuid luachmhar d’oidhreacht an oileán seo agus, níos tábhachtaí fós, mar theanga bheo i measc pobal ar fud na tíre agus sa Ghaeltacht, ach go háirithe.
Mar is eol daoibh, is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil in Éirinn de réir Airteagal a hocht (8) de
Bhunreacht na hÉireann. Tá stádas láidir bunreachtúil ag an nGaeilge ón mbliain naoi déag tríocha a seacht (1937) go dtí an lá inniu. Leis an mBille nua seo, tá bunsraith laidir leagtha síos dúinn, mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh an teanga a chaomhnú do na glúinte atá le teacht.
Ar ndóigh, bhí tacaíocht don Ghaeilge mar bhunchloch ag polasaithe an Rialtais, gach Rialtas, ón chéad lá riamh. Bhain an mhórchuid den reachtaíocht maidir leis an Ghaeilge, suas go dtí deireadh an fhichiú haois, le hoideachas agus an Ghaeltacht fhisiciúil a leagadh amach in naoi déag caoga a sé (1956), go dtí gur achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla dhá mhíle agus a trí (2003) a raibh sé mar aidhm aige creatlach nuálach a chur ar fáil do fheabhsú na seirbhísí stáit trí Ghaeilge ar fud na tíre. Is liosta le lua é na forbairtí ar stádas oifigiúil na teanga ó aithníodh an Ghaeilge mar an phríomhtheanga náisiúnta faoin mBunreacht in naoi déag tríocha a seacht (1937) agus go ndearnadh sainiú ar na ceantair Ghaeltachta naoi mbliana déag ina dhiaidh. In naoi déag seachtó a dó (1972), sé bliana déag ina dhiaidh sin a thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh agus tháinig TG4 ar an aer in naoi déag naocha sé (1996). Is fiú trácht a dhéanamh ar Acht na Gaeltachta 2012, An tAcht Airí agus Runaithe (Leasú) 1956, An tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979 agus An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, naoi déag nócha a naoi (1999) a bhfuil an Bille nua seo ag teacht sna sála orthu.
Bunaíodh Roinn na Gaeltachta faoi Alt a trí (3) d’Acht Airí agus Runaithe (Leasú) 1956 chun “leas cultúrtha, sóisialach agus geilleagrach na Gaeltachta a chur chun cinn. Bhí Tomás Ó Deirg, Liam Mac Cuinneagáin, Gearóid Mac Pharthaláin agus Seán Ó Coileáin i lár na díospóireachta maidir le bhunú na Roinne nua. Aithníodh na dúshláin agus na constaicí a bhaineann leis an Ghaeilge a chosaint agus í ag maireachtáil taobh le taobh le mórtheanga dhomhanda an Bhéarla. Bhí na dúshláin sin le feiceáil sa Ghaeltacht ach go háirithe, an áit a raibh an dátheangachas tagtha chun cinn go mór agus úsáid na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide an teaghlaigh agus an phobail faoi bhrú leanúnach dá réir. D'úsáid an t-iar Aire Oideachais, an Teachta Risteárd Ua Maolchatha, na focail seo le linn na díospóireachta Dála maidir le bunú Roinn na Gaeltachta faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956:
“Ní gá dom dul siar ar na hiarrachtaí a rinneadh le breis agus deich mbliana fichead anuas ar mhaithe leis an nGaeltacht. Is leor a rá nar éirigh leis na hiarrachtaí sin mar ba mhaith linn. Tá an Ghaeltacht ag meath i gcónaí. Deirtear linn go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge sa bhfíor-Ghaeltacht ag dul i laghad do réir míle duine sa mbliain.”
Bunaíodh Údarás na Gaeltachta i naoi déag seachtó naoi (1979) nuair a thug Aire na Gaeltachta, Donncha Ó Gallchóir, An Bille um Údarás na Gaeltachta ós comhair na dTithe. Ba é an aidhm le bunú an Údaráis ná “caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomhtheanga sa Ghaeltacht a spreagadh agus forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh geilleagair, sóisialachta, cultúir, teanga agus gnéithiúlachta.” Maidir leis an mBille sin, tháinig an tacaíocht ón Teachta Horgan agus an Teachta Ahern agus iad ag rá “gur céim mhór ar aghaidh é agus comhartha eile go bhfuil an Rialtas agus an tAire i ndáiríre faoi thábhacht na Gaeltachta agus faoi thábhacht na teanga.”
Bunaíodh Foras na Gaeilge faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 mar céim stairiúil eile i bhforbairt an chaidrimh ar an oileán seo agus idir oileáin na hÉireann agus na Breataine. Mar Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, cuir an Teachta Éamon Ó Cuív fáilte roimh an mBille chun Forais Fheidhme – Foras Teanga ina measc – a bhunú. Labhair an tAire Gnóthaí Eachtracha David Andrews ar an chéim mhór chun tosaigh a tógadh, agus an Bhille á achtú, i gcur i bhfeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta agus san athrú ó choimhlint agus deighilt go síocháin agus comhoibriú.
Tógann an Bhille nua ar an obair suntasach a rinne mo comhghleacaí, an Teachta Éamon Ó Cuív le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Mar sin, ba mhaith liom díriú ar an gcúlra a bhaineann leis an mBille le comhthéacs a thabhairt don lá stairiúil seo. Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i mí Iúil 2003 agus ba é príomh-aidhm an Achta sin ná timpeallacht a chruthú ina mbeadh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeadh an teanga níos feiceálaí agus go mbeadh fáil i bhfad níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ní hamháin sin, ach go mbeadh tuiscint i bhfad níos fearr ag an tsaoránach ar na seirbhísí atá ar fáil dó nó di, agus ar cén caighdeán seirbhíse ar cheart a bheith ag súil leis.
Thug an t-iar-Aire Donncha Mac Fhionnghaile Bille na Gaeltachta 2012 ós comhair Thithe an Oireachtais leis an bpríomhaidhm sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Faoi Acht na Gaeltachta 2012, bunaíodh an Ghaeltacht feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí sin. Thug Acht na Gaeltachta feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbíonn pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta nó mar Líonraí Gaeilge.
Agus mé ag caint faoin bPróiseas Pleanála Teanga, is fiú labhairt faoin obair suntasach atá á dhéanamh faoin bpróiseas. Den fhiche sé (26) Limistéir Pleanála Teanga atá aitheanta faoin bpróiseas, tá fiche cúig (25) plean teanga ceadaithe go dáta. Tá ceithre (4) Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dáta. Anuas air sin, tá dhá phlean eile á mheas ag an Roinn faoi láthair. Tá trí (3) Líonra Gaeilge ceadaithe go dtí seo faoin bpróiseas atá á chur i bhfeidhm faoi scáth Acht na Gaeltachta 2012 agus is fiú a lua chomh maith go bhfuil dhá (2) Líonra Gaeilge ceadaithe faoi stiúir Fhoras na Gaeilge sa dlínse ó thuaidh – Carn Tóchair agus Iarthar Bhéal Feirste - nach dtagann faoi scáth díreach an Achta, ach atá lárnach sa phróiseas.
Tá stádas ag an nGaeilge mar chéad teanga oifigiúil an Stáit faoi Bhunreacht na hÉireann agus soláthraíonn an reachtaíocht atá beartaithe aitheantas don stádas sin sa reachtaíocht. Mar aon le gach teanga, tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid i measc na nglúnta atá le teacht inár ndiaidh. Sa chomhthéacs seo, ba chinneadh rí-thábhachtach don Ghaeilge é deireadh a chur leis an maolú ar a húsáid san Aontas Eorpach i 2022. De bharr an chinnidh seo, tá deiseanna ar fáil do chainteoirí Gaeilge san Eoraip, áit a mbeidh fostaíocht d'ard-chaighdeán ar fáil dóibh. Tá geallta sa Straitéis fiche bliain don Ghaeilge dhá mhíle agus a deich go dtí dhá mhíle is a tríocha (2010-2030) go dtabharfadh Rialtas na hÉireann gach tacaíocht agus cúnamh don Aontas Eorpach chun an cinneadh maidir leis an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas a chur i bhfeidhm. Tá an gealltanas seo deimhnithe arís i bPlean Gníomhaíochta na Straitéise don tréimhse dhá mhíle agus a hocht déag go dtí dhá mhíle is a fiche a dó (2018-2022) a foilsíodh in dhá mhíle agus a hocht déag (2018), áit a bhfuil cúig ghníomh ar leith luaite leis an bplean le deireadh a chur leis an maolú.
Mar chuid den obair sin, tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag mo Roinn agus Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin chun cur leis na hacmhainní Ghaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san AE. Mar thoradh ar an obair shuntasach seo, tá méadú déanta ag an tAontas Eorpach ar líon na mball foirne Gaeilge agus beidh beagnach dhá céad (200) duine ag obair sna seirbhísí teanga ag tús na bliana seo chugainn nuair a thiocfaidh deireadh leis an maolú.
Maidir leis an mBille nua is ábhar den díospóireacht seo, táim fíor bhródúil go bhfuilimid anseo inniu agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 á phlé againn don uair dheireanach sna Tithe seo.
Bhí deis ag an bpobal a gcuid tuarimí a roinnt linn; sular dréachtaíodh an Bhille seo cuireadh tréimhse comhairliúcháin ar bun leis na bpáirtithe leasmhara. Bhí ionchur faighte ag oifigigh na Roinne ó réimse leathan de gheallsealbhóirí agus ba léir don Rialtas go raibh, agus go bhfuil, éileamh ann i measc an phobal ar sheirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge. Leagadh na Ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-Oileáin mar a bhí agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo i mí Bealtaine dhá mhíle agus ocht déag (2018) - ba mhór an chabair é agus an Bille Teanga á dhréachtú ag oifigigh mo Roinne.
Ba mhaith liom anois mo bhuíochas a ghabháil leis na Teachtaí uilig as ucht a bheith rannpáirteach sa díospóireacht fhiúntach ar an mBille sa Teach seo. Tar éis na díospóireachta ar an mBille agus na saincheisteanna a ardaíodh sa Teach seo agus sa Seanad, tá an Bille ós comhair na Dála arís inniu le leasuithe breise Rialtais, a moladh agus a glacadh leo, ag Céim an Choiste agus Céim na Tuarascála sa Seanad a fhaobhadh. Sula tugaimid aghaidh ar na leasuithe seo, b’fhéidir go mbeadh sé úsáideach athchuairt a thabhairt ar príomhchuspóir an Bhille, cé go n-aithním go bhfuil Teachtaí ar an eolas agus go dtuigeann siad é. Is é príomhchuspóir an Bhille, Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú d’fhonn soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Beidh sraith forálacha mar chuid lárnach de na hiarrachtaí seo agus é mar aidhm leo líon na gcainteoirí Gaeilge a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí a mhéadú. Féachfar, leis an mBille, le cuspóir foriomlán a bhaint amach ionas gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i fiche faoin gcéad (20%) de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí roimh dheireadh 2030, agus gur trí mheán na Gaeilge a chuirfear seirbhísí Stait ar fáil taobh istigh de limistéir Ghaeltachta.
Chuige is, tá sé i gceist coiste reachtúil, An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Gné suntasach eile den Bhille is ea caighdeáin teanga a thabhairt isteach do chomhlachtaí poiblí agus iad a chur in ionad chóras láithreach na scéimeanna teanga, a fhágfaidh go mbainfidh na comhlachtaí poiblí sin, ar mó an t-idirghníomhú a bhíonn acu leis an bpobal, caighdeáin níos airde amach. Ceanglófar, le príomhfhorálacha eile, ar chomhlachtaí poiblí a éascú do dhaoine a n-ainmneacha agus a seoltaí a úsáid i nGaeilge nuair a bheifear ag dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí agus ceanglófar ar gach comhlacht poiblí nua ainmneacha Gaeilge a bheith acu.
Mar fhocal scoir, arís ba mhaith liom buíochas a glacadh le gach Teachta as ucht bheith rannpháirteach agus comhoibríoch ar an mBille seo. Ba mhaith liom an deis a thapú mo bhuíochas a ghabháil leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill, agus le Conradh na Gaeilge ach go háirithe agus na geallsealbhóirí uilig as ucht a n-ionchur sa phróiseas agus tréaslaím leo as ucht na hoibre atá déanta acu ó foilsíodh an Bille nua agus as a gcomhoibriú i gcónaí. Gabhaim buíochas le m’oifigigh féin sa Roinn, leis an Dréachtóir agus le foireann Oifig na mBillí as an sárobair a rinne siad ar an mBille.
Gheall mé go dtabharfaí an Bille is láidre chun cinn agus tá mé sásta go bhfuil an gealltanas sin coinnithe agam i gcomhar le gach baill den Teach seo. Rachaidh an Bille chuig an tUachtaráin anois, le tacaíocht baill na dTithe, dá shíniú.
Go raibh maith agaibh.