Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 Óráid an Phríomh-Aoire agus Aire Stáit naGaeltachta agus Spórt, Jack Chambers
From Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
By: Jack Chambers
Published on
Last updated on
From Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
By: Jack Chambers
Published on
Last updated on
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, Óráid an Phríomh-Aoire agus Aire Stáit naGaeltachta agus Spórt, Jack Chambers TD, Seanad Éireann, Dé Céadaoin, 10 Samhain 2021, 2.30i.n
Seiceáil in éadan na horáide mar a tugadh é
A Chathaoirligh agus a Sheanadóirí, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl as ucht an deis a fháil labhairt libh anseo sa Seanad tráthnóna ar ábhar atá fíor-thábhachtach - Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019.
Tá sé tráthúil go bhfuil an Bille Teanga á phlé againn inniu – mar a tharla, ar an dáta seo os cionn céad ceathracha bliain ó shin, 10ú Samhain sa bhliain 1879 (an deichiú lá de Shamhain, míle ocht céad seachtó naoi), rugadh an laoch mór le rá Pádraig Mac Piarais. Mar is eol daoibh, tá clú agus cáil ar an bPiarsach, mar fhear a raibh dúil mhór i gcónaí aige i gcur chun cinn na Gaeilge, mar fhile, mar scríbhneoir, mar mhúinteoir agus dar ndóigh mar ghníomhaí mór le rá – go bunúsach, bhí sé an-tiomanta i leith na Gaeilge. Bhí sár-thuiscint aige ar an ngaol atá idir an phobal agus an Ghaeilge mar aon leis na himpléachtaí chultúrtha agus sóisialta a d’eascair as an ngaol sin.
Thuig an Piarsach gurb í an Ghaeilge an snáthaid a bhí ag cheangal na coincheapa is bunúsaí le chéile; is cuid lárnach dár bhféiniúlacht agus dár n-oidhreacht í an Ghaeilge. Ba é duine de na laochra is mó le rá a bhí ceangailte leis an nGaeilge agus táim lán-chinnte gur spreag sé daoine eile chun a gcuid Gaeilge a úsáid agus a bheith bródúil as ár n-oidhreacht teanga. Dar ndóigh, is é ceart an duine an Ghaeilge a labhairt le heagraíochtaí stáit a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus tá an cheist seo faoi chaibidil againn inniu agus muid ag pléigh Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019.
Cúlra – Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Mar is eol daoibh, is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil in Éirinn de réir Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann – luaitear san Airteagal céanna gurb é an Béarla an dara teanga oifigiúil sa Stát. Tá stádas láidir bunreachtúil ag an nGaeilge ón mbliain 1937 go dtí an lae inniu. Mar sin, ba mhaith liom díriú ar an gcúlra a bhaineann leis an mBille Teanga le comhthéacs a thabhairt don phlé inniu.
Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i mí Iúil 2003 agus ba é príomh-aidhm na hachta sin nátimpeallacht a chruthú ina mbeadh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeadh an teanga níos feiceálaí agus go mbeadh fáil i bhfad níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ní hamháin sin, ach go mbeadh tuiscint i bhfad níos fearr ag an tsaoránach ar na seirbhísí atá ar fáil dó nó di, agus ar cén caighdeán seirbhíse ar cheart a bheith ag súil leis.
Bhí deis ag an bpobal a gcuid tuarimí a roinnt linn; sular dréachtaíodh an Bille seo cuireadh tréimhse comhairliúcháin ar bun leis na bpáirtithe leasmhara. Bhí ionchur faighte ag oifigigh na Roinne ó réimse leathan de gheallsealbhóirí agus ba léir don Rialtas, go raibh, agus go bhfuil éileamh ann i measc an phobal, ar sheirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge. Leagadh na Ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-Oileáin mar a bhí agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo i mí Bealtaine 2018 - ba mhór an chabair é agus an Bille Teanga á dhréachtú ag oifigigh mo Roinne.
Príomh-spriocanna an Bhille Teanga
Ba mhaith liom nóiméad a chaitheamh chun spot-sholas a chur ar phríomh-spriocanna an Bhille Teanga. Mar is eol daoibh, ‘sé an bun-aidhm atá againn leis an mBille seo ná a chinntiú go leanfaidh an tAcht Teanga de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leis nó léi seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát. Dar ndóigh, chun na spriocanna uaillmhianacha seo a bhaint amach, bhí ar an Rialtas dul i ngleic le dhá mhórcheist – na Scéimeanna Teanga agus an Earcaíocht sa Seirbhís Phoiblí.
Earcaíocht
Maidir le hEarcaíocht sa Seirbhí Phoiblí, má tá an chóras nua seo chun a bheith éifeachtach, beidh orainn díriú isteach ar chúrsaí earcaíochta mar thosaíocht. Is é ceann de na príomh-fhadhbanna a chuireann bac ar sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge ná nach bhfuil na daoine leis na scileanna cuí fostaithe sna hoifigí cuí. Má tá muid chun feabhas a chur air seo, caithfidh an Stáit líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta.
Mar atá ráite agam go mion-minic, beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% (fiche faoin gcéad) de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge roimh dheireadh 2030, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is í an earcaíocht croí-lár na ceiste, agus tá sé i gceist tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus ag eascairt as sin, go mbeimid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge.
Tá an Rialtas chun deileáil leis an bhfadhb seo trí chur chuige iltaobhach. Tugann mo Roinn tacaíocht láidir do chúrsaí tríú leibhéal faoi láthair agus cinntíonn sé seo go mbíonn deiseanna suntasacha agdaoine óga freastal ar chúrsaí ollscoile, lán-Ghaeilge agus cáilíochtaí ard-leibhéal a bhaint amach. Dá bharr sin, beidh fórsa saothair níos oilte againn agus beidh na daltaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilgefaoi láthair mar chuid lárnach den earnáil phoiblí amach anseo.
An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge
Chomh maith leis sin, tá sé i gceist coiste reachtúil, An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair rí-thábachtach seo. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú.
Córas nua in áit córas na scéimeanna
Beidh muid ag tabhairt aghaidh ar chóras nua a thabhairt isteach in áit córas na scéimeanna teanga. Cuireadh córas na scéimeanna ar bun chun cur le líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a bheadh á gcur ar fáil ag na comhlachtaí poiblí don phobal. Ach, de réir an aiseolais atá faighte ag an Roinn thar na mblianta, bhí, agus tá fós, go leor deacrachtaí leis an gcóras. Luaigh an Coimisinéir Teanga na laigeachtaí a bhaineann le córas na scéimeanna teanga ina thráchtas orthu chomh maith.
Ghlac an Roinn leis an aiseolas sin agus, mar chuid den Bhille, tá sé i gceist córas na gcaighdeán a thabhairt isteach anseo in Éirinn. Faoin gcóras seo, bheadh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí, agbaint úsáide as rialacháin chun caighdeáin a leagan síos do na comhlachtaí sin. Ar an mbealach seo, beidh muid in ann a chinntiú go mbeidh na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge de, bainteach leis na heagraíochtaí a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.
An Dara Céim sa Seanad – obair an lae inniu
Ag díriú ar obair an lae inniu anois, chríochnaigh Céim na Tuarascála den Bhille ar 6 Deireadh Fómhair 2021. Mar a luaigh mé níos luaithe, agus go deimhin roimhe seo, ‘sé príomhchuspóir an Bhille, Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú d’fhonn soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Beidh sraith forálacha mar chuid lárnach de na hiarrachtaí seo agus é mar aidhm leo líon na gcainteoirí Gaeilge a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí a mhéadú. Ceanglófar, le príomhfhorálacha eile, ar chomhlachtaí poiblí a éascú do dhaoine a n-ainmneacha agus a seoltaí a úsáid i nGaeilge nuair a bheifear ag dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí agus ceanglófar ar gach comhlacht poiblí nua ainmneacha Gaeilge agus lógónna Gaeilge nó dátheangacha a bheith acu. Tabharfar éifeacht freisin, leis an mBille, do leasuithe is gá a dhéanamh ó tharla gur cuireadh deireadh leis an gCoimisiún Logainmneacha, mar a fhoráiltear sa Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, 2011.
Mhol mé leasuithe breise chun an Bille a neartú ag Céim na Tuarascála sa Dáil a thugann aghaidh ar ábhair imní agus ar shaincheisteanna a ardaíodh tar éis comhairliúchán forleathan le páirtithe leasmhara agus tar éis díospóireacht a mhair thart ar 25 uair an chloig ag Céim an Choiste. Tá na leasuithe seo i gcomhréir le huaillmhian bheartais fhoriomlán an Stáit maidir le tacú leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Feabhsóidh na leasuithe oibriú foriomlán Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, ag chinntiú go leanann an reachtaíocht iomchuí de ghníomhú ina sásra éifeachtach chun staid Bhunreachtúil na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit a léiriú agus chun a chinntiú go bhfuil seirbhísí poiblí i nGaeilge ar fáil chun freastal a dhéanamh ar riachtanais cainteoirí Gaeilge. I measc na bpríomhleasuithe, áirítear an méid seo a leanas:
Ceanglas ar dá réir a dhéanfaidh gach comhlacht poiblí 20% ar a laghad dá fhógraíocht bhliantúil i nGaeilge agus 5% dá fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge;
Tá i gceist ag an Rialtas roinnt mhionleasaithe eile a mholadh don Teach seo ag Céim an Choiste agus foilseofar iad sin i gceann seachtaine nó mar sin.
Deiseanna do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim nó a athfhoghlaim
Tá sé i gceist ag an Rialtas an spreagadh, cúnamh agus deis ceart a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil suim acu an Ghaeilge a fhoghlaim nó a athfhoghlaim tríd áiseanna éagsúla a chur ar fáil dóibh. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun cuid de na deiseanna seo a shonrú. Tríd an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge, tá mo Roinn-sa ag tacú le dhá chúrsa déag san earnáil 3ú leibhéal i mbliana, agus tá sé tábhachtach a thuiscint nach dtéann na céimithe ar fad ó na cúrsaí ar aghaidh chuig poist mar aistritheoirí - bíonn cuid acu ag obair sa Státchórasanseo in Éirinn. Chomh maith leis an tionscnamh sin, thosaigh mo Roinn an Scéim ERASMUS Gaeltachta cúpla bliain ó shin. Faoin scéim seo, caitheann micléinn ollscoile seimeastar sa Ghaeltacht ar mhaithe le barr feabhais a chur ar a gcuid inniúlachta teanga. Chuir muid tús roimh anphaindéim le scéim scoláireachtaí Ghaeltachta do dhaltaí i scoileanna DEIS. Tá i gceist againn an scéim sin agus tuilleadh acu a fhorbairt níos mó sna blianta atá amach romhainn ar mhaithe leis naspriocanna uailmhianacha atá leagtha amach sa Bhille seo a bhaint amach.
Mar fhocal scoir
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don tSeanad as an tacaíocht a bhfuair mé féin agus oifigigh mo Roinne le linn an bpróiseas seo. Anuas ar sin, chuir an tSeanadóir Seán Kyne, ina ról mar Aire Stáit na Gaeltachta, tús leis an obair thábhachtach seo nuair a thug sé an Bille os comhair an Oireachtais i mí na Nollag fiche naoi-déag (2019) – tá buíochas ar leith ag dul don tSeanadóir Kyne as an méid oibre a rinne sé ar son na Gaeilge. Bhí an obair a rinne an tSeanadóir Kyne mar bhunchloch domsa agus bhí sé ina chuidiú mhór domsa agus mé ag cur leis an mBille Teanga le hos cionn bliain anuas.
‘Tír gan teanga, tír gan anam’ adeir an sean-nath Gaeilge cumtha ag an bPiarsach. Is gné fíor-thábhachtacha dár n-oidhreacht chultúrtha í anGhaeilge agus an Ghaeltacht agus is pribhléid dom dul chun cinn a dhéanamh mar Aire Stáit sa Rialtas seo chun an Ghaeilge a neartú agus a láidriú tríd an Bhille seo a achtú.
Go raibh míle maith agaibh.