Acmhainní
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Is beart amháin de shraith beart náisiúnta é an feachtas Healthy Weight le cuidiú leat do mheáchan a choinneáil faoi smacht.
Is éard is cuspóir leis an bhfeachtas tacú le do chuid sláinte trí fhaisnéis a roinnt faoin gcineál iompair a théann i gcionn ar do mheáchan.
I gcás daoine sna 20í agus sna 30í, is mó an baol go mbeidh siad siúd róthrom nó murtallach mar gheall ar athruithe ar nósanna itheacháin agus ar stíl mhaireachtála. Fágann sin gur thréimhse thábhachtach iad na haoiseanna úd maidir le cosc a chur ar mheáchan breise a chur suas, agus le do chuid sláinte a chosaint anois agus amach anseo.
Léirítear san eolaíocht go mbaineann an méadú meáchain go mór le rud nach bhfuil smacht againn orthu, amhail géinitic agus tosca timpeallachta. Is féidir go dtarlóidh an méadú meáchain thar na míonna nó na blianta agus d’fhéadfadh sé go mbeadh na cúiseanna le meáchan an duine éagsúil. Fiú agus na nósanna itheacháin céanna agus an méid céanna aclaíochta a bheith ag daoine, is féidir go mbeidh cruth agus meáchan colainne éagsúil ag daoine.
Is céimeanna iad sin ar féidir linn uile a thabhairt, amhail bia sláintiúil, strus a bhainisitú agus codladh maith a dhéanamh lenár sláinte agus lenár bhfolláine a fheabhsú. Tá an méid sin tábhachtach do gach duine.
Tá Healthy Ireland, FSS agus Safefood tar éis an feachtas seo a fhorbairt le tacaíocht faisnéise agus comhairle maidir le bia sláintiúil, codladh maith a dhéanamh, bheith aclaí agus strus a bhainistiú chun meáchan sláintiúil a chur chun cinn.
An Murtall
Níl an tsláinte á rialú ag an meáchan colainne amháin. Nuair a théann an meáchan i bhfeidhm ar shláinte agus ar chaighdeán maireachtála, tugtar murtall air sin. Is féidir an murtall a shainiú mar ghalar ainsealach, céimnitheach agus athiompaithe ina gcuireann saill mhínormálta nó barraíocht saille isteach ar an tsláinte, a méadaíonn ar bhaol castachtaí leighis fadtéarmacha, agus a laghdaíonn caighdeán maireachtála agus fad saoil.
Faigh tuilleadh faisnéise faoin murtall, na cúiseanna leis, agus an chaol lena a rialú ar láithreán gréasáin FSS
Innéacs corpmhaise (BMI)
Déantar d’innéacs corpmhaise a ríomh trí do mheáchan i gcileagraim a roinnt faoi d’airde i méadair chearnacha. Déan d’innéacs corpmhaise a ríomh trí safefood BMI healthy weight calculator a úsáid. Is mó baol an mhurtaill do dhaoine a bhfuil BMI atá 30 nó níos mó ná sin.
Imlíne choime
An méid meáchain atá á iompar agat ar do choim, d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar an méid seo a leanas:
- hormóin
- an córas imdhíonachta
- baol galair chroí agus an diaibéitis
Más mó an meáchan atá ar do choim i gcomparáid le codanna eile na colainne, d’fhéadfaí go méadófaí ar bhaol an mhurtaill.
Is mó an baol i measc fear maidir le fadhbanna sláinte más mó ná 102 ceintiméadar (40 orlach) imlíne a gcoime.
Is mó an baol i measc ban maidir le fadhbanna sláinte más mó ná 88 ceintiméadar (35 orlach) imlíne a gcoime.
Is lú scoithphointe maidir le himlíne choime i gcás daoine de chine faoi leith mar gheall ar bhaol níos mó a bheith ag baint le diaibéiteas chineál 2 agus galar croí.
Foghlaim faoin gcaoi le himlíne do choime a thomhas ar safefood.net
Cláir rialaithe meáchain
Is mó ár n-eolas anois faoin ról a bhíonn ag agus ár ngéinitic, ár hormóin agus ár dtimpeallacht ar an gcaoi a rialaítear ár meáchan.
- tá a fhios againn gur mó mar a airíonn duine ocrach agus gur lú mar a airíonn siad lán de bharr géinitice, rud a fhágann go mbíonn sé níos deacra plean itheacháin a leanúint
- tá a fhios againn agus duine ag tabhairt faoi aiste dhocht bhia a leanúint agus go leor meáchain a chailliúint go dtabharfar ar an gcolainn troid in éadan meáchan a chailliúint agus tabhairt faoi meáchan a chur suas arís dá réir sin
- tá a fhios againn go mbímid ag iarradh ithe de bharr ár dtimpeallachta agus de bharr na meabhrúchán seasta ar bhia agus itheachán, amhail meabhrúchán ar an teilifis, ar ár nguthán, i siopaí nó i stáisiúin pheitril. cúitíonn ár n-inchinn linn as ucht a bheith ag ithe
Beag beann ar mhéid agus ar chruth colainne, tá go leor taibhrí don tsláinte fhisiciúil agus mheabhrach i gceist le nósanna sláintiúla a leanúint, lena n-áirítear bia sláintiúil, a bheith aclaí, codladh maith a dhéanamh agus strus a bhainistiú.
Tá a fhios againn go mbíonn cailliúint mheasartha mheáchain agus sláinte fheabhsaithe mar thoradh ar na nósanna sin i gcoitinne - is é nach féidir linn an chaoi a n-oibreoidh gach duine dóibh a thuar mar gheall ar an gcás gur éagsúil an uile dhuine i dtaca le géinitic, hormóin agus timpeallacht de. Ach tá a fhios againn go mbeidh tacaíocht níos sainiúla ag teastáil ó roinnt duine lena meáchan a rialú, agus is é/í do dhochtúir ginearálta an té is fearr le labhairt leis/léi ina thaobh siúd.
Má tá tú féin agus do dhochtúir ginearálta ag cuimhneamh ar clár rialaithe meáchain tráchtála a úsáid, seo a leanas roinnt tréithe nach mór le sonrú ar an gclár céanna:
- ní aiste bhia a oireann don uile dhuine é an clár agus tá ann ábhair a bhaineann le cothú agus le haclaíocht atá curtha in oiriúint duit féin
- tá sa chlár comhairleoireacht maidir le hathrú iompair a mhúinfidh duit nósanna itheacháin agus aclaíochta níos sláintiúla a fhorbairt agus cloí leo chomh maith Cuir i gcás, spriocanna a shocrú agus taifid nó dialanna bia agus aclaíochta a choinneáil
- tá gach comhairle chothaithe a thugtar ann á treorú ag gairmí cúraim sláinte
- moltar go ndéanfar an aclaíocht ar bhonn céimneach, seachas ar bhonn mear a mbeidh an gortú mar thoradh air.
- tá spriocanna malla seasta maidir le meáchan a chailliúint ann, idir 1 agus 2 phunt (0.5-1.kg) in aghaidh na seachtaine. Ní chuirtear chun cinn sa chlár, nó ní dhéantar talamh slán de, go mbeidh cailliúint mhear mheáchain mar thoradh
- ní chuirtear chun cinn sa chlár aiste bhia atá níos lú ná 800 calra, agus má chuirtear chun cinn níos lú ná 1200 calra san aiste bhia bíonn siadsan á stiúradh ag gairmí cúraim sláinte
- ní éilítear sa chlár go n-úsáidfear nó go gceannófar aon táirge, vitimín, forlíonadh nó instealladh
- ní dhéantar aon mhaíomh aisteach’ sa chlár amhail ‘ní chaillfidh tú ach meáchan saille’ nó ‘is féidir linn díriú ar chodanna faoi leith’
- tá sa chlár tacaíocht maidir le leanúint leis an gcailliúint mheáchain ar bhonn fadtéarmach
- cuirtear ar fáil sa chlár staitisticí lena n-áirítear líonn na rannpháirtithe a éiríonn as, meánchéatadán an mheáchain a chailleann na rannpháirtithe, agus an mheánchailliúint mheáchain a choinníonn na rannpháirtithe tar éis an clár coinneála a chur i gcrích.
Faigh tuilleadh leideanna agus faisnéise maidir le do mheáchan a rialú ag gov.ie/healthyireland