Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ag Fanacht Gníomhach


Tá seans mór ann go raibh tionchar ollmhór ag an ráig reatha COVID-19 ar do ghnáthamh aclaíochta. B'fhéidir go bhfuil tú coinnithe gnóthach agus tú i mbun cianoibre nó scolaíochta baile leis na leanaí, b’fhéidir go bhfuil tú ag obair uaireanta fada i ról riachtanach nó, mar mhalairt air sin, b’fhéidir go bhfuil tú sa bhaile ag fanacht go gcuirfear tús in athuair leis an ngnáthshaol.

Cibé scéal é, tá sé níos tábhachtaí ná riamh fanacht gníomhach anois. Tá gníomhaíocht fhisiciúil ríthábhachtach d'fholláine coirp agus don mheabhairshláinte. Nuair a bhíonn tú gníomhach cabhraíonn sé leat dul i ngleic le himní agus strus agus tá sé an-tábhachtach dul amach faoin aer, más féidir leat.

Gníomhaíocht sa bhaile

Tá go leor roghanna ann chun tú féin a choinneáil aclaí má bhíonn ort fanacht sa bhaile.

Moltar sna treoirlínte go ndéanfaí 30 nóiméad de ghníomhaíocht choirp measartha go dian cúig lá in aghaidh na seachtaine do dhaoine fásta, ach is féidir babhtaí gearra de ghníomhaíocht choirp (fiú 10 nóiméad ag an am) a dhéanamh chun 30 nóiméad a dhéanamh suas. Ba chóir do leanaí 60 nóiméad sa lá a dhéanamh - agus tá faisnéis bhreise againn dóibh thíos.

Is é an rud tábhachtach ná is cuma cén aois tú nó cé na cúinsí atá agat, caithfidh tú coinneáil ag gluaiseacht. Mar sin, déan cinnte gníomhaíocht choirp éigin a chur san áireamh i do phlean laethúil.

Bhí Spórt Éireann gnóthach ag tiomsú liosta acmhainní iontacha chun cabhrú leat fanacht gníomhach agus sláintiúil sa bhaile, níl anseo ach cúpla ceann:

  • tá réimse scileanna traenála agus físeán druileanna sa bhaile ag Athletics Ireland ar féidir leat a leanúint ó do theach nó ó do ghairdín féin. Is féidir leat féachaint ar cheann dá bhfíseáin anseo agus ar Chainéal Athletics Ireland
  • tá neart dúshlán scileanna ag an gCumann Camógaíochta chun tú a choinneáil scafánta. Tá réimse iomlán cleachtaí agus dúshlán ar fáil ar camogie.ie
  • beidh Cluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann ag scaoileadh cleachtaí dá lúthchleasaithe gach lá sna seachtainí amach romhainn. Díreoidh na cleachtaí uilechuimsitheacha ar seasmhacht, neart, solúbthacht agus cothromaíocht. Tugtar spreagadh do gach duine sa teaghlach páirt a ghlacadh sna dúshláin laethúla. Le haghaidh tuilleadh faisnéise lean @specialolympicsireland ar Facebook agus Instagram
  • tá na linnte snámha dúnta i láthair na huaire ach tá treoir maidir le coinneáil aclaí agus fanacht sláintiúil le linn COVID-19 curtha le chéile ag Cumann Snámha na hÉireann
  • tá an Chomhpháirtíocht Áitiúil Spóirt ag obair chun leanúint lena gcuid oibre spórt agus gníomhaíocht choirp a mhéadú ina bpobail áitiúla, trí thraenáil bheo, dúshláin scileanna agus ábhar rialta ar na meáin shóisialta
  • tabharfar bealaí meán sóisialta Spórt Éireann cothrom le dáta le comhairle faoi conas fanacht gníomhach gach lá. Molaimid duit iad a leanúint anseo: Facebook, Instagram, Twitter

Leanaí a choinneáil gníomhach

Caithfidh leanaí a bheith gníomhach gach lá. Tá gach gníomhaíocht, is cuma cé chomh gairid, tábhachtach. Má fhanann leanaí gníomhach cabhróidh sé le matáin láidre, cnámha sláintiúla, aclaíocht agus comhordú, agus le féinmheas, giúmar, fuinneamh agus patrúin chodlata a fheabhsú.

  • ba chóir do leanaí a bheith ag spraoi agus a bheith gníomhach ar leibhéal measartha go dian, ar feadh 60 nóiméad ar a laghad gach lá
  • bá tá gairdín agat is féidir cluichí a imirt lasmuigh mar theaghlach chun aer úr agus gníomhaíocht choirp a fháil gan smaoineamh fiú air fiú. Tá roinnt smaointe iontacha ag TOSAIGH chun tú a chur ag gluaiseacht
  • tá roinnt druileanna scileanna seachtainiúla agus dúshláin folláine iontacha á bhforbairt ag príomhimreoirí agus cóitseálaithe CLG chun cabhrú le gach duine fanacht gníomhach agus folláin agus iad ag fanacht sa bhaile. Cén fáth nach bhfaigheann tú gach duine chun páirt a ghlacadh agus a bheith mar chuid den fhoireann? Tá na sonraí go léir ar fáil anseo nó díreach lean cuntais mheán sóisialta do chlub CLG nó do chontae
  • tá réimse físeán ag parkrun freisin dar teideal School of Parkrun, a shocraíonn tascanna laethúla bunaithe ar parkrun a chlúdaíonn 5 ábhar; Béarla, Matamaitic, Eolaíocht, Tíreolaíocht, agus Ealaín
  • ag tosú ón Luan an 27 Aibreán, tá sé mar aidhm ag Active Home Week spreagadh a thabhairt do dhaoine óga a bheith gníomhach sa bhaile trí ghníomhaíochtaí nua a thriail, tabhairt faoi dhúshláin agus spraoi a bheith acu le gníomhaíochtaí teaghlaigh. Chun an dúshlán a chur i gcrích, caithfidh daoine óga ceithre bhealach éagsúla a aimsiú le bheith gníomhach gach lá, ag cinntiú gur ionann é ar fad le chéile agus 60 nóiméad nó níos mó de ghníomhaíocht choirp. Tugtar spreagadh do gach ball den teaghlach páirt a ghlacadh ann. Téigh chuig activeschoolflag.ie le haghaidh tuilleadh faisnéise
  • uaireanta ní theastaíonn uait ach balla agus camán/liathróid peile/raicéad leadóige agus liathróid
  • ní mór go mbeadh leanaí agus lapadáin gníomhach go fisiciúil freisin. Is bealach iontach iad cluichí tóraíochta agus ceol agus gníomh-amhráin chun spreagadh a thabhairt dóibh a bheith gníomhach go fisiciúil nó bain triail chomh maith as gníomhaíochtaí éadroma, mar shampla bloic thógála nó súgradh ar an urlár
  • gníomhaíochtaí liathróide cosúil le ciceáil, gabháil agus caitheamh
  • gníomhaíochtaí aithrise ar nós scipeáil, léim, preab

Seo sampla amháin de ghníomhaíocht chun do chuid leanaí a choinneáil gnóthach nuair nach bhfuil siad sa scoil. Tá babhta traenála á dhéanamh ag Joe Wicks aka the Body Coach beo gach maidin i rith na seachtaine ag 9am. Tá sé dírithe ar leanaí ach tá fáilte mhór roimh thuismitheoirí páirt a ghlacadh freisin!

Gníomhaíocht do Dhaoine Scothaosta

De réir mar a théann tú in aois tá sé an-tábhachtach fanacht gníomhach, agus tá sé seo níos tábhachtaí fós má tá tú ag cocúnú.

Nuair a bhíonn tú gníomhach cabhraíonn sé le do chorp fanacht láidir agus ligthe, feabhsaíonn sé cothromaíocht agus comhordú rud a chuireann cosc ar thitim, ardaíonn sé do chroí agus tugann sé fuinneamh duit.

D’fhéadfadh 30 nóiméad gníomhaíochta in aghaidh an lae tionchar mór a imirt ar do shláinte.

Seo roinnt leideanna chun cabhrú leat tosú:

  • is bealaí maithe iad obair tí éadrom, garraíodóireacht nó siúl timpeall do fheirm le bheith gníomhach agus tú ag fanacht sábháilte
  • tá roinnt físeán aclaíochta iontach ag Siel Bleu ar a leathanach YouTube
  • is féidir leat roinnt cleachtaí neartaithe do dhaoine scothaosta a d’fhorbair Fisiteiripeoirí FSS i gcomhar le Cork Healthy Cities a fháil anseo
  • tá roinnt leideanna agus faisnéise breise ag FSS freisin maidir le cleachtaí faoi dhíon do dhaoine scothaosta anseo
  • Fitline ag Age and Opportunity gur féidir leat glaoch a chur air chun leideanna agus comhairle a fháil maidir le bheith gníomhach
  • déanann Age and Opportunity físeáin aclaíochta beo ar Facebook gach Luan, Céadaoin agus Aoine ag 11am

Is féidir leat féachaint ar chuid dá bhfíseáin anseo.

Gníomhaíocht Allamuigh

Lean ort ag caitheamh ama amuigh faoin aer más féidir leat. Tá aer úr ríthábhachtach d'fholláine coirp agus do mheabhairshláinte an teaghlaigh ar fad. Is féidir leis cabhrú lenár giúmar a fheabhsú, strus agus imní a laghdú agus féinmheas agus folláine a fheabhsú.

Seo roinnt leideanna chun a chinntiú go bhfaighidh tú an aclaíocht a theastaíonn uait agus tú ag fanacht sábháilte sa bhaile:

  • deirtear sa chomhairle reatha nach féidir leat dul níos mó ná 2 chiliméadar ó do theach agus scaradh sóisialta 2 mhéadar a choinneáil ó dhaoine eile nach baill teaghlaigh iad. Is ionann 2 chiliméadar agus siúlóid thart ar 30 nóiméad
  • is bealach iontach é siúl le haghaidh aer úr agus roinnt aclaíochta a fháil. Is é an rud is tábhachtaí ná go ndéantar iarracht luas a choinneáil a ardaíonn buille an chroí agus a fhágann go mbeidh tú ag análú beagán níos gasta agus go mbraitheann tú rud beag níos teo. Más féidir leat labhairt go fóill, tá ag éirí go maith leat!
  • pleanáil d'aclaíocht allamuigh. Má tá tú laistigh de 2 chiliméadar ó pháirceanna nó limistéir ghlasa, is rogha maith i gcónaí dul amach ag amanna níos ciúine den lá
  • nuair a bhíonn an t-innéacs UV 3 nó os a chionn ba chóir duit do chraiceann a chosaint. In Éirinn, is gnách go mbíonn an t-innéacs UV 3 nó os a chionn ó Aibreán go Meán Fómhair, fiú nuair a bhíonn sé scamallach. Bí sábháilte tríd an méid ama a chaitheann tú amuigh faoin ngrian a theorannú nuair is láidre UV, idir 11:00am-3: 00pm de ghnáth. Cuir ort griansciath le fachtóir SPF de 30+ ar a laghad do dhaoine fásta agus 50+ do leanaí. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil maidir le do chraiceann a chosaint anseo