An Codladh
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 19 Meán Fómhair 2022
- An tábhacht a bhaineann leis an gCodladh
- Gnáthamh codalta a chruthú
- Constaicí coitianta codalta a shárú
- Acmhainní
An tábhacht a bhaineann leis an gCodladh
Tá an-tábhacht leis an gcodladh ó thaobh d’fholláine, do mheabhairshláinte agus do mheitibileachta de. Cuidíonn sé le d’intinn agus le do cholainn a athbheo agus a athnuachan. Tríd is tríd, bíonn idir 5 agus 9 n-uair chodalta in aghaidh na hoíche ag teastáil ó dhaoine. Is é 8 n-uair an chloig an méid is idéalaí, ach d’fhéadfadh go mbeadh an méid sin difriúil ó dhuine go duine.
Gnáthamh codalta a chruthú
An rud is tábhachtaí i dtaca leis an dea-chodladh leanúnach is ea gnáthamh sláintiúil codalta a fhorbairt, rud a chuideoidh le do cholainn a bheith réidh don chodladh.
- cuideoidh gníomhaíocht fhisiciúil i gcaitheamh lae leis an dea-chodladh, ach déan iarracht gan aclaíocht a dhéanamh an-chóngarach d’am codalta.
- cuir romhat do scíth a ligean i gcaitheamh an tráthnóna nó bain triail as roinnt teicnící suaimhnis roimh am codalta, amhail an machnamh nó an ióga bhog D’fhéadfadh an léitheoireacht nó éisteacht le ceol séimh cuidiú le d’intinn a shuaimhniú
- seachain aon rud atá dian ar d’intinn 90 nóiméad roimh am codalta
- téigh a chodladh an t-am céanna gach oíche agus éirigh an t-am céanna gach maidin. Cuideoidh an méid sin le do cholainn eolas ar an am a dtéitear a chodladh.
- cuir teorainn le bia, siúcra agus toitíní roimh am codalta
- bí cúramach faoin méid alcóil a ólann tú. Cuireann an t-alcól isteach ar do chodladh.
- bíodh am nach bhfuil tú ar scáileán agat sula dtéann tú a chodladh. Is féidir leis an solas gorm ó ghutháin agus ó thaibléid an intinn a spreagadh agus cur isteach ar ghnáthphatrúin chodalta.
- déan cinnte de nach bhfuil do sheomra codalta róthe nó rófhuar, agus go bhfuil sé ciúin, suaimhneach agus dorcha
Constaicí coitianta codalta a shárú
Is féidir go gcuirfear isteach ar an gcodladh de bharr sealanna oibre a dhéanamh nó lóistín a roinnt le daoine eile. Tá roinnt rudaí ar féidir leat a dhéanamh le cuidiú leis an gcodladh a éascú.
- déan cinnte de go bhfuil do sheomra codalta dorcha a dhóthain trí dhallóga lándorchaithe a úsáid nó clúdach súl a chaitheamh
- más dóchúil go mbeidh torann sa teach agus tú ag iarraidh codladh a dhéanamh, d’fhéadfadh plugaí cluaise cuidiú leis an torann a bhacadh.
- déan iarracht le teorainn a chur le caiféin le linn na hoíche
- seachain a bheith ar scáileáin sula dtugann tú faoina dhul a chodladh
- bain triail as cith te a ghlacadh sula dtéann tú a chodladh. Is féidir go gcuideoidh an méid sin le do cholainn a ullmhú don chodladh
- seachain an t-alcól a úsáid le cuidiú leat dul a chodladh. Cuireann alcól isteach ar chaighdeán do chodalta
- seachain béilí móra sula dtéann tú a chodladh. Beidh sé níos deacra orthu dul a chodladh má tá do cholainn gafa le díleá
- forbair gnáthamh suaimhnis le cuidiú le do cholainn ullmhú don chodladh. Bain úsáid as pé rud a oibríonn duit, bíodh gur cúpla leathanach leabhair a léamh nó éisteacht le ceol séimh é sin.
Acmhainní
Tá roinnt leideanna iontacha maidir le codladh níos fearr a dhéanamh ar SpunOut.
Is féidir leat teacht ar roinnt faisnéise maidir le codladh níos fearr a dhéanamh ar láithreán gréasáin FSS
Faigh tuilleadh leideanna agus faisnéise maidir le do mheáchan a rialú ag gov.ie/healthyireland