English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Creat um Ionad Oibre Sláintiúil

Tá sé mar aidhm ag an gCreat um Ionad Oibre Sláintiúil tacú le fás cur chuige éifeachtach chun sláinte agus folláine san ionad oibre a fheabhsú.

Is garsprioc thábhachtach é an Creat seo maidir le folláine san ionad oibre in Éirinn agus cuirfidh sé ar ár gcumas tionscnaimh reatha a aithint agus a fheabhsú, chun comhroinnt taithí agus foghlama a éascú, agus chun na tacaíochtaí agus na huirlisí riachtanacha a sholáthar d’eagraíochtaí agus do chomhlachtaí chomh maith.

Tá fianaise láidir agus comhairliúchán mar bhonn faoin gCreat agus thacaigh An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus Ranna Rialtais eile leis. Leagann sé béim ar an ngá atá le tacaíocht cheannaireachta agus bhainistíochta chomh maith le rannpháirtíocht na foirne agus ionad oibre sláintiúil á phleanáil agus á chur i bhfeidhm.

Tá an láithreán gréasáin Ionad Oibre Sláintiúil a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le cur i bhfeidhm an Chreata á fhorbairt faoi láthair.

An Creat um Ionad Oibre Sláintiúil
Tá sé mar aidhm ag an gCreat um Ionad Oibre Sláintiúil tacú le fás cur chuige éifeachtach chun sláinte agus folláine san ionad oibre a fheabhsú.
Amharc amharc