English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Bí Aclaí

  • Ó: Éire Shláintiúil

  • Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 19 Meán Fómhair 2022


Tábhacht na haclaíochta

Baineann an-tábhacht leis an aclaíocht i dtaca le do shláinte mheabhrach agus fhisiciúil. “Leigheas iontach” is ea an cur síos a thugann saineolaithe uirthi mar go maolaítear ar imní agus ar strus agus cuirtear feabhas ar lúthchleasaíocht agus ar láidreacht dá barr.

Tríd is tríd, bíonn ar a laghad 30 nóiméad d’aclaíocht mheasartha nó dhian ar a laghad 5 lá in aghaidh na seachtaine ag teastáil ó dhaoine. Tá sé tábhachtach freisin cur isteach ar thréimhse nach bhfuil tú ag corr, amhail a bheith ag suí ag deasc, trí ghluaiseacht thart gach uair a chloig nó mar sin.

Treoir ghinearálta:

  • más ag déanamh gníomhaíochta atá measartha dian, is amhlaidh a bheidh tú in ann labhairt ach ní bheidh tú in ann canadh
  • más ag déanamh gníomhaíochta atá an-dian, is amhlaidh a bheidh ort sos a ghlacadh agus anáil a tharraingt tar éis gach cúpla focal

Tá saol gnóthach agus tosaíochtaí a bhíonn in iomaíocht lena chéile againn go léir, agus bíonn sé doiligh teacht ar an am agus ar an spreagadh le haclaíocht a dhéanamh. Seo a leanas leideanna le tús a chur le cúrsaí.

  • an rud is tábhachtaí a bhaineann lena bheith aclaí agus le leanúint lena bheith aclaí is ea rud a dtaitníonn leat aimsiú agus a dhéanamh. Ní thaitníonn babhtaí aclaíochta diana leis an uile dhuine, faoi mar gur fearr le daoine eile aclaíocht a dhéanamh ina n-aonar seachas i ngrúpaí. Déanann roinnt daoine aclaíocht trí ranganna damhsa dhéanamh, faoi mar a dhéanann daoine eile í trí shnámh san fharraige. Tá líon ollmhór roghanna ar fáil, agus is maith an rud é tabhairt faoi roinnt acu feiceáil cé acu is fearr a fheileann duit. Cuimhnigh, déanann aon chineál gluaiseachta do leas. Is fiú iad go léir!
  • déan iarracht bheag ar dtús. Más ag éirí níos aclaí atá tú, beidh ort cúrsaí a ghlacadh céim i ndiaidh céime. Tosaigh ar aon ghníomhaíocht a ardaíonn dó ráta croí, a thugann ort análú níos tapa nó aireachtáil níos teo. D’fhéadfadh sé gur shiúlóid thapa, píosa rothaíochta, damhsa nó aclaíocht sa bhaile a bheadh sa mhéid sin.
  • réitigh plean. Is dóchúla go ndéanfaidh tú an aclaíocht má chuireann tú isteach na laethanta a ndéanfaidh tú aclaíocht i bpleanálaí, i bhféilire nó i ndialann. Ugach mór a bheidh i mbabhta aclaíochta a mharcáil ‘déanta’ chomh maith.
  • bíodh sprioc agat. Is bealach iontach é a bheith ag oibriú i dtreo sprice le hugach a thabhairt duit. D’fhéadfadh sé gurbh ionann an méid sin agus pháirt a ghlacadh i rith 5 km a chur romhat nó féachaint le babtha aclaíochta ar líne a chríochnú.
  • bíodh an aclaíocht mar chuid de do ghnáthamh lae. Cuimhnigh, is fiú gach gluaiseacht. An staighre a dhreapadh in ionad dul ar an ardaitheoir agus siúl nó rothaíocht chun na hoibre in ionad dul ar an mbus, tacaíonn siadsan go léir le do spriocanna aclaíochta laethúla. Tá roinnt leideanna iontacha maidir leis an aclaíocht a áireamh i do ghnáthamh lae ar Spunout.
  • bíodh éagsúlacht ann! Tá sé éasca éirí bréan den aclaíocht chéanna a dhéanamh arís is arís eile, beidh éagsúlacht aclaíochta ina chuidiú duit an cúrsa a choinneáil. Tá moltaí iontacha maidir le roghanna éagsúla a d’fhéadfá a thriail ar Spunout.
  • faigh páirtí. Má tá cara le duine de mhuintir ag glacadh páirte freisin beidh an méid sin ina chuidiú duit coinneáil ort.
  • ná déan an iomarca. Glac cúrsaí go réidh nó d’fhéadfaí go gcaillfeá do mhisneach. Cuimhnigh agus tú ag tosú ar ghnáthamh nua aclaíochta, is féidir go dtógfaidh sé píosa beag ar do cholainn dul i dtaithí air. Is féidir a bheith ag súil le roinnt tinnis agus pianta de ghnáth, ach téigh i gcomhairle le fisiteirpeoir má tá an tinneas agus na pianta le háireachtáil go leanúnach. Téigh chuig askthephysio.ie le haghaidh comhairle nó le teacht ar fisiteirpeoir i do cheantar áitiúil.

Aclaíocht a dhéanamh saor in aisce

Ní gá gurb ionann a bheith aclaí agus a bheith ag íoc le ballraíocht chostasach spórtlainne. Is iomaí bealach le bheith aclaí gan airgead aisteach a chaitheamh.

  • is cuma cé chomh haclaí nó cé chomh gnóthach agus atá tú, is píosa aclaíochta iontach é an siúl. An rud is tábhachtaí is ea luas siúil a chur romhat nach n-ardaíonn do ráta croí ach cuid beag agus thugann ort análú píosa beag níos tapa agus aireachtáil píosa beag níos teo. Nuair is féidir leat labhairt i gcónaí, tá éirí go maith leat! Faigh tuilleadh faisnéise faoin siúl ar Get Ireland Walking
  • tá líon na ndaoine atá ag rothaíocht ag dul i méid gach uile lá, bíodh mar chuid dá dturas chun na hoibre nó na scoile nó mar bhabhta aclaíochta Tá go leor faisnéise do lucht rothaíochta ag gach aois agus leibhéal cumais ar fáil ar Cycling Ireland Tús maith is ea dul chuig Bike for Life, áit a bhfuil clár ‘sofa to saddle’ ina dtugtar do dhaoine na scileanna agus an t-eolas a bhíonn ag teastáil le taitneamh a bhaint as an rothaíocht agus an rothaíocht a dhéanamh go sábháilte. Chomh maith leis sin, seiceáil an bhfuil scéim Rothaíocht chun na hOibre i bhfeidhm i d’ionad Oibre
  • má theastaigh uaith tabhairt faoin rith riamh, tá go leor cláir Couch to 5 KM ar fáil ar líne. Is féidir leat an Chomhpháirtíocht Spórt Áitiúil a sheiceáil freisin.
  • is imeachtaí 5 KM seachtainiúla atá saor in aisce iad rití páirce. Is féidir leat an cúrsa a shiúil, a rith, nó a bhogshodar. Fút féin atá é. Bíonn siadsan ar siúl maidin Sathairn. Le tuilleadh faisnéise a fháil nó leis an rith páirce is cóngaraí duit féin a aimisú téig chuig parkrun.ie
  • tá líon ollmhór fiséanna teagaisc atá saor in aisce faoi gach cineál aclaíochta idir ióga bhog agus ranganna diana HIIT le fáil ar YouTube, nó bain úsáid as físeanna aclaíochta baile de chuid FSS . Is féidir leat teacht ar fhíseanna aclaíochta dóibh siúd ag a bhfuil a fadhb shláinte ainsealach
  • tá trealamh aclaíocht suiteáilte i bpáirceanna go leor agus iad saor le húsáid don phobal. Téigh chuig an bpáirc áitiúil le feiceáil céard atá inti

Acmhainní

tuilleadh faisnéise faoin aclaíocht inacmhainne agus faoi leideanna i dtaca le bealaí le bheith aclaí gan ballraíocht spórtlainne ar Spunout.

Faigh tuilleadh leideanna agus faisnéise maidir le do mheáchan a rialú ag gov.ie/healthyireland