Bia Sláintiúil
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 10 Deireadh Fómhair 2023
- An tábhacht a bhaineann leis
- An bealach le tabhairt faoi
- Constaicí coitianta a shárú
- Aiste bhia atá bunaithe ar phlandaí
- Milseáin
- Alcól
- Acmhainní Breise
An tábhacht a bhaineann leis
Tá bia sláintiúil an-tábhachtach le haire a thabhairt don tsláinte agus don fholláine fhisiciúil agus mheabhrach i gcoitinne beag beann ar mheáchan, ar chruth nó ar mhéid an duine.
An bealach le tabhairt faoi
Ar dtús, déan roinnt athruithe simplí éasca a bhféadfadh tairbhe mór a bheith ag roinnt leo:
- bíodh tuilleadh torthaí agus glasraí i d’aiste bhia
- bíodh cothaithigh dhifriúla i d’aiste bhia trí bhéilí éagsúla a ithe i gcaitheamh na seachtaine. Agus torthaí agus glasraí á gceannach agat, bíodh réimse dathanna iontu (cuimhnigh ar thuar ceatha) mar go bhfuil vitimíní éagsúla sna roghanna daite éagsúla
- cuir romhat idir 5 agus 7 torthaí, glasraí agus sailéad a ithe gach lá. Ag am béile, cuir romhat go mbeidh go glasraí nó sailéad ar leath do phláta Bí ag ithe torthaí idir béilí i gcaitheamh an lae
- ól uisce in ionad deochanna siúcrúla Tá an-tábhacht le dóthain uisce a ól le go mbeidh tú hiodráitithe.
- roghnaigh arán caiscín agus slánghráinneach, gránaigh agus pasta caiscín agus slánghráinneach, agus rís dhonn nuair is féidir Tá go leor snáithín sa chineál bia sin rud a chuidíonn le ráta croí sláintiúil a choinneáil
- cuir romhat go mbeidh 3 bhéile agus idir 2 agus 3 sneaic in aghaidh an lae
- úsáid modhanna cócaireachta níos sláintiúla amhail gríoscadh nó bácáil , seachas bia a fhriochadh nó a rósta le hola nó le saill
- cuir teorainn le milseáin a bhfuil go leor siúcra, salainn agus saille iontu agus ní ith iad ach uair nó dhá uair sa tseachtain
- cuir eolas ar do mhíreanna agus ar sciartha Faigh amach an méid faoi leith de gach cineál bia a bhíonn ag teastáil uait
- déan liosta agus cloí leis agus tú ag déanamh do siopadóireachta bia. Tá leideanna iontacha maidir le siopadóireacht shláintiúil agus chothrom a dhéanamh ar safefood
Constaicí coitianta a shárú
An chócaireacht a fhoghlaim
Agus do bhéilí féin á gcócaráil agat, is féidir go gcuideoidh an méid sin leat na comhábhair a úsáideann tú a rialú agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil gach béile cothaitheach.
- sa chás nach bhfuil tú taithíoch ar an gcócaireacht, breathnaigh ar na físeáin iontacha maidir le scileanna bunúsacha cistine agus léigh rogha de na hoidis rí-éasca
- tá go leor oideas le haghaidh béilí cothaithe éasca ar safefood
- is bealach iontach an chócaireacht bhaisce le béilí sláintiúla a chur ar an mbord gach lá san achar is lú. Cuir ar leataobh am gach seachtain le roinnt béilí a chócaráil, nó réitigh a dhá oiread den mhéid a réitíonn tú nuair a bhíonn tú ag cócaireacht i gcoitinne agus reoigh gach a bhfuil fágtha. Sábhálfaidh an méid sin am agus airgead agus níos déanaí sa tseachtain. Tá leideanna iontacha maidir le cócaireacht bhaisce ar safefood.
- is rogha mhaith é bia úr, stánaithe agus reoite agus tú ag cócaireacht. Déan cinnte de go bhfuil comhábhair bhunúsacha i do chófra i gcónaí, amhail pasta, rís agus uibheacha
- déan cinnte de nach gcuireann tú an iomarca ola nó saille le do bhia agus tú ag cócaireacht
- déanfar béilí amhail curaithe, bolognese nó lasagne níos sláintiúla agus cuirfear an-toirt le méid na mbéilí sin má chuireann tú an iomad glasraí difriúla leo ionas go mbeidh fuílleach agat le haghaidh iad a reo.
Cónaí a dhéanamh le daoine eile
Féadann sé a bheith deacair athruithe a dhéanamh ar d’aiste bhia agus tú i do chónaí le daoine eile nó más é go réitíonn duine eile do bhéilí. D’fhéadfadh sé nach bhfeilfeadh na hathruithe ar mhaith leatsa a dhéanamh do gach duine agus d’fhéadfadh sin a bheith deacair a shárú, seo a leanas roinnt leideanna mar sin.
- labhair leis an té a bhfuil ullmhú béilí mar chúram air agus leag amach na hathruithe ar mhaith leat a dhéanamh agus faigh amach an féidir leat plean a shocrú
- déan cinnte de go ndéanfar aon athrú ar bhonn mall céimnitheach. D’fhéadfadh sé go mbeadh daoine eile níos toilteanaí glacadh le d’athruithe ar an gcaoi sin
- tabhair faoi chócaireacht a dhéanamh duit féin Réitigh sceideal cistine ionas nach ngabhfaidh tú in adharca daoine eile agus iarr spás sa chuisneoir agus sa reoiteoir le go gcuirfidh do chuid béilí féin ann
- tairg go ndéanfaidh tú béilí don teaghlach a chócaráil oíche sa tseachtain. D’fhéadfadh sé go dtiocfaidís leat dá réir sin.
Tá tuilleadh faisnéise faoin méid sin le fáil ar SpunOut.
Bia sláintiúil agus tú ag obair sealanna
Baineann an-tábhacht leis an ullmhúchán i dtaca le bia sláintiúil agus tú ag obair sealanna, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh an phleanáil chun cinn ina cuidiú duit gan bia míshláintiúil nuair a bhuailfeadh an t-ocras ort.
- chomh luath agus a bhíonn do thráthchlár oibre ar eolas agat, réitigh plean le haghaidh na béilí a bheidh tú ag ithe agus le haghaidh an am a bheidh tú á n-ithe. Cuir romhat béile nó sneaic a ithe gach 3 nó 4 uair le linn am dúiseachta.
- déan liosta siopadóireachta bunaithe ar do phlean béilí, agus déan cinnte de go n-áireofar sneaiceanna sláintiúla ann
- is cuidiú an mhór é do bhéilí a bheith réitithe roimh ré. Bain triail as cócaireacht bhaisce mar bhealach le béilí blasta cothaitheacha réidh le hithe sa chuisneoir nó sa reoiteoir. D’fhéadfá am luachmhar a shábháil dá ndéanfá sin
- tabhair leat do lón ón mbaile Beidh tú níos láine agus níos cothaithe ar bhonn níos faide de bharr lón (nó dinnéar) sláintiúil cothaitheach baile agus ní dócha go n-íosfaidh sneaiceanna míshláintiúla ach oiread.
Tá tuilleadh faisnéise faoin méid sin le fáil ar SpunOut.
Aiste bhia atá bunaithe ar phlandaí
Dá mba mhaith leat tuilleadh béilí atá bunaithe ar phlandaí a áireamh i d’aiste bhia, déan iarracht príomhbhéílte atá bunaithe ar bhia planda a bheith agat uair nó dhá uair sa tseachtain. Is treoir mhaith úsáid a bhaint as an bpirimid bhia le fáil amach faoin méid pónairí agus cnónna atá ag teastáil lena mhacasamhail de phróitéin a fháil is atá i bhfeoil, éineoil, iasc agus uibheacha.
Is foinse mhaith próitéine iad piseánaigh agus foinsí próitéine atá bunaithe ar ghlasraí amhail tófú agus míceaphróitéin (.i. Quorn) agus níl mórán saille iontu ach oiread. Áirítear le piseánaigh pónairí de gach cineál, piseanna, sicphiseánaigh agus lintilí.
Is rogha mhaith iad le haghaidh laethanta nach n-íosfar aon fheoil nó má leanann tú aiste bhia veigeatórach.
Tá piseacháin agus pónairí sach saor, níl mórán saille iontu agus is foinse mhaith snáithín, vitimíní agus mianraí iad. Is ionann aon riar amháin agus:
- ¾ cupán de phónairí cócaráilte, de phiseanna nó de lintilí
- 40g de chnónna nó de shíolta
- 100g de shoighe nó tófú cócaráilte.
Cuimhnigh, tá dhá riar ón gcuid seo den phirimid bhia gach lá.
Milseáin
Agus do phlean maidir le bia sláintiúil á fhorbairt agat, déan cinnte de go n-áireofar 2-3 sneaic shláintiúla gach lá, ach ná cuir cosc iomlán ar mhilseáin. Tá rúinín anois is arís ceart go leor.
- déan iarracht gan stór mór de mhilseán a choinneáil sa bhaile. Cuireann an méid sin le cathú
- déan cinnte de go bhfuil go leor sneaiceanna sláintiúla ar fáil, amhail torthaí, glasraí, cáis, cnónna agus iógairt
Tá tuilleadh comhairle faoi mhilseáin ar safefood.
Alcól
Má ólann tú alcól, is fiú briseadh a ghlacadh uaidh nó laghdú a dhéanamh ar an méid a ólann tú mar go bhféadfadh sé bheith ar an rud ab fhearr a d’fhéadfá a dhéanamh ar son do shláinte. Tá san alcól calraí gan chothú, agus is féidir gurb áil leat tuilleadh sneaiceanna a ithe dá bharr. Úsáid an t-áireamhán dí úsáideach leis an gcaoi a bhfuil an t-olachán alcól ag dul i bhfeidhm ar do sparán agus ar do mheáchan.
Acmhainní Breise
Safefood: Clár cailliúna meacháin is ea Healthy weight for you a chuidíonn leat meáchan sláintiúil a bhaint amach trí phleananna béile atá curtha in oiriúint duit féin. Áiríodh leis na pleananna béile a dhear saineolaithe cothúcháin rianaire béile le tacú le rialú meacháin atá sábháilte sláinte ar do shon. Clúdaítear i ngach plean béile oidis atá cothrom ar bhonn cothaitheach le haghaidh bricfeasta, lóin, dinnéir, agus sneaiceanna lena n-áirítear roghanna veigeatóracha. Cláraigh don chlár ag safefood: Healthy weight for you
Faigh tuilleadh faisnéise maidir le cócaireacht bhaisce agus do bhia a dhéanamh níos sláintiúla
Faigh faisnéis maidir le ranganna Cócaireachta Pobail FSS
Faigh tuilleadh leideanna agus faisnéise maidir le do mheáchan a bhainistiú ag gov.ie/healthyireland