English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Bia sláintiúil a ithe

  • Ó: Éire Shláintiúil

  • Foilsithe: 29 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025

Tá tionchar mór ag bia sláintiúil a ithe ar ár sláinte ghinearálta agus aire a thabhairt dúinn féin. Is é béilí simplí cothaitheacha a chócaráil dúinn féin agus dár dteaghlaigh an bealach is fearr lena chinntiú go bhfuil ár gcuid riachtanas cothaitheach á gcomhlíonadh agus go bhfuilimid sláintiúil.


Leag amach plean

Bíonn cuid againn thar a bheith gnóthach, rud a chiallaíonn gur dea-nós é a bheith in ann ár mbéilí agus ár sneaiceanna a phleanáil. Má dhéanaimid plean, beidh a fhios againn roimh ré céard a bheidh á ithe againn gach lá, rud a chiallaíonn nach mbeidh brú orainn cinneadh a dhéanamh gach lá.

Ciallaíonn sé go mbeidh gach rud taobh linn agus nach mbeidh fonn orainn bianna saoráideacha agus próiseáilte a ithe.


Tionscnaimh nua an geimhreadh seo

Tá an clár Grow it Forward á seoladh ag Grow It Yourself, clár a bhfuil sé mar aidhm leis an náisiún a spreagadh chun bia sláintiúil a ithe agus tacú le daoine roinnt bia a fhás, a chócaráil agus a ithe ina mbailte féin. Cláróidh rannpháirtithe trína leabharlann áitiúil chun roinnt dá gcuid bia féin a fhás agus gheobhaidh siad pacáiste tosaitheora saor in aisce GIY agus tabharfar spreagadh dóibh ‘grow it forward’ a roinnt le 9 nduine eile trí shíolta, síolphlandaí nó táirgí a roinnt leo

Tá sé mar aidhm le feachtas START Safefood tuismitheoirí a spreagadh chun an méid ama atá á chaitheamh acu in éindí lena chéile mar theaghlach a úsáid chun nósanna sláintiúla a bhunú sa bhaile. Spreagann an feachtas tuismitheoirí chun an méid is mó tairbhe a bhaint as am teaghlaigh agus is féidir trí nós maidir le bia sláintiúil a ithe a bhunú.

Tá tionscnamh nua seolta ag Bord Bia don gheimhreadh chun aird a tharraingt ar oidis shéasúrtha agus chothaitheacha ar furasta iad a ullmhú, atá bunaithe ar aiste bia atá sláintiúil agus cothrom. Chomh maith leis sin, tarraingeoidh Bord Bia aird ar roinnt nod chun cabhrú le daoine gairdíní a ullmhú don Earrach, gníomhaíocht ar féidir leis an teaghlach ar fad taitneamh a bhaint aisti.


Noda maidir le bia sláintiúil a ithe

  • déan iarracht 3 bhéile a ithe ag amanna rialta agus 2-3 shneaic a ithe gach lá
  • roghnaigh bianna níos sláintiúla más féidir leat. Úsáid pirimid an bhia mar threoir
  • cuir meabhrúchán nó nóta ar an gcuisneoir agus cófra na mbianna milse chun stop a chur leis an ithe lasmuigh d’am béile
  • déan liosta de na béilí atá beartaithe agat a dhéanamh rud a chabhróidh leat plean a leagan amach don tseachtain agus cabhróidh sé leat nuair a bheidh tú i mbun shiopadóireacht na seachtaine freisin
  • cinntigh go n-ólann tú neart uisce, tá sé tábhachtach fanacht hiodráitithe
  • tá cothaithigh dhifriúla i mbianna difriúla agus ba cheart duit, más féidir, béilí éagsúla a ithe i rith na seachtaine. Nuair a bhíonn torthaí agus glasraí á gceannach agat, déan iarracht dathanna éagsúla bia (cosúil le tuar ceatha) a ithe de bhrí go bhfuil vitimíní difriúla i mbianna atá dathanna éagsúla
  • bain úsáid as modhanna cócaireachta níos sláintiúla cosúil le gríoscadh nó bácáil, seachas úsáid a bhaint as ola nó saill ar an bhfriochtán nó chun bia a róstadh
  • ith caiscín agus arán lánghráin, gránaigh agus pasta lánghráin agus rís donn más féidir
  • déan iarracht idir cúig agus seacht sciar torthaí, glasraí agus sailéid a ithe gach lá. Ag am béile, déan iarracht a chinntiú go bhfuil leath do phláta lán le glasraí nó sailéad
  • seachain bianna a bhfuil go leor calraí, siúcra agus saille iontu a ithe gach lá. Is beag cothaithigh atá iontu agus d’fhéadfadh go mbeadh go leor calraí iontu
  • íoslódáil nó priontáil ár bpleanálaí seachtaine chun cabhrú leat do phlean féin a dhéanamh chun fanacht i mbarr do shláinte
Week planner
Try this week planner to help you with some of the tips mentioned in the page above
Amharc amharc

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo a chabhróidh le do phleananna bia a fhorbairt.

Tá tuilleadh treoirlínte maidir le bia sláintiúil a ithe ó Éire na Sláinte le fáil anseo.


Noda do dhaoine scothaosta

Tá roinnt pointí breise le déanamh maidir le daoine scothaosta a d’fhéadfadh a bheith ag féin-aonrú:

  • teastaíonn roinnt próitéine ag gach béile – is foinsí maithe iad feoil, sicín, iasc, pónairí agus piseanna, cnónna agus síolta agus uibheacha
  • iarr ar bhaill teaghlaigh nó cairde atá ag tabhairt aire duit bia úr a fháil más féidir ach d’fhéadfá an bia úr a úsáid i dteannta le bianna fadré eile atá sa chófra agat - tuinnín agus sairdíní, pónairí bácáilte, cartáin anraith sicín nó cannaí anraith lintilí, torthaí i gcannaí agus torthaí triomaithe, rís milseoige, agus púdar custaird
  • ní gá feoil agus 2 chineál glasraí a ithe le haghaidh an dinnéir i gcónaí, tá sé ceart go leor pónairí, uibheacha scrofa nó tuinnín measctha le grán milis agus maonáis éadrom ar thósta a ithe uaireanta
  • iarr ar an duine atá ag cabhrú leat le hearraí grósaera, lítear bainne a thabhairt duit gach dara lá agus déan iarracht leath den bhainne a úsáid gach lá - ar ghránach, i dtae agus caife, mar dheoch le sneaiceanna agus dinnéar agus mar mhilseog- custard nó maróg ríse. Teastaíonn cailciam uait do do chnámha
  • cabhraíonn béilí agus deochanna te tú a choinneáil te, agus ba cheart duit deochanna te a ól go rialta, agus ar a laghad, béile te amháin gach lá más féidir. Má itheann tú go rialta cabhraíonn sé le do leibhéil fuinnimh a choimeád ard i rith an gheimhridh

Béilí tapa

Táimid ar fad gnóthach, tá cuid againn ag iarraidh aire a thabhairt do leanaí, a bheith ag obair go lánaimseartha agus a bheith ag déileáil le freagrachtaí iomaíocha eile. Tá obair riachtanach á cur i gcrích ag cuid againn agus ní bhíonn mórán ama againn chun bia a chócaráil nó bíonn orainn bia a chócaráil dúinn féin den chéad uair riamh. Beag beann ar d’imthosca féin, d’fhéadfadh gur dúshlán ann féin é béile blasta cothaitheach a chur ar an mbord gach lá.

Más fíorthosaitheoir thú, tá físeáin iontacha maidir le bunscileanna cistine le fáil anseo.

Is iad táirgí úra an rogha is fearr i gcónaí, ach nuair nach féidir teacht ar tháirgí úra, tá neart roghanna sláintiúla le fáil atá éasca le stóráil agus le hullmhú e.g bia i gcannaí agus reoite. Cinntigh go bhfuil comhábhar laethúil le fáil i do chófra, pasta, rís, agus uibheacha, mar shampla.

Tá neart oideas le haghaidh béilí cothaitheacha, simplí le fáil ag Safefood anseo.

Nó is féidir leat súil a chaitheamh ar na hoidis shimplí atá acu ar YouTube anseo.


Sneaiceanna agus bia milis

Nuair a bhíonn do phlean le haghaidh bia sláintiúil á leagan amach agat, cinntigh go gcuireann tú 2-3 shneaic shláintiúla san áireamh gach lá, ach ná déan dearmad glan ar an mbia milis, níl dada mícheart le roinnt beag bia milis a ithe anois is arís.

Lean na noda simplí thíos chun an próiseas a dhéanamh beagán níos éasca:

  • déan iarracht gan an iomarca bia milis a choinneáil sa bhaile, má tá bia milis sa teach beidh fonn ort é a ithe
  • cinntigh go bhfuil neart sneaiceanna sláintiúla ar fáil, cosúil le torthaí, glasraí, cáis, cnónna, agus iógart
  • ná bíodh drogall ort a rá le páistí nach bhfuil cead acu bia milis a ithe. Aimsigh bealaí eile chun a bheith cineálta leo, cosúil le cluiche a imirt leo, cead a thabhairt dóibh Skype a úsáid nó glaoch ar chara, nó cead a thabhairt dóibh scannán ar mhaith leo breathnú air a roghnú

Tá tuilleadh nod úsáideach ag Safefood maidir le bia milis a bhainistiú anseo agus tá roinnt smaointe iontacha le haghaidh sneaiceanna sláintiúla le fáil anseo.


Bia le tabhairt leat

Tá go leor bialann agus bialann beir leat fós oscailte agus tá bia á sheachadadh acu.

Má chinneann tú bia le tabhairt leat a ordú, éireoidh leat cinneadh níos sláintiúla a dhéanamh má úsáideann tú ár noda simplí thíos:

  • uaireanta bíonn sciartha bia beir leat sách mór agus ba cheart iad a roinnt idir 2 dhuine
  • níor cheart béilí atá domhainfhriochta, faoi fhuidreamh nó brioscánach a ithe rómhinic mar go bhfuil go leor calraí, saille agus salainn i mbianna den chineál sin i gcomparáid le bianna nach bhfuil domhainfhriochta
  • seachain an iomarca papadam agus dipíní, nó craicéar cloicheán a ithe – ar an meán, tá breis is 100 calra le fáil i bpapadaim, agus tá breis is 600 calra le fáil i ngnáthsciar craicéar cloicheán
  • más mian leat píotsa níos sláintiúla a ithe, roghnaigh níos mó glasraí cosúil le grán milis, piobair, muisiriúin, oinniúin, ológa agus mar sin de agus lorg níos lú cáise nó cáis ar bheagán saille
  • roghnaigh crústa píotsa níos tanaí, nó píotsa beag nó meánmhéide seachas píotsa le crústa domhain

Ag cócaráil le leanaí

Is bealach iontach é cócaráil le leanaí le deis a thabhairt dóibh cabhrú le hobair an tí agus roinnt scileanna saoil luachmhara a fhoghlaim. Is deis atá ann freisin píosa spraoi a bheith ag an gclann ar fad le chéile.

Níl aon aois bheacht le tús a chur le cócaráil ach go ginearálta ba cheart leanaí a spreagadh chun bunscileanna ullmhúcháin bia a shealbhú a luaithe agus a gcuireann siad spéis ina leithéid.

Seo a leanas roinnt treoirlínte a chabhróidh leat féin agus le do leanbh tús a chur leis an obair:

Smaointe do leanaí 3 bliana d’aois

Is féidir le leanaí 3 bliana d’aois cabhrú leat ar na bealaí seo a leanas:

  • cásanna borróige a chur i dtráidire borróige (cabhraíonn sé le scileanna luaileacha a fhorbairt)
  • gearrthóirí brioscaí atá sábháilte do leanaí a úsáid
  • comhábhair bheaga (torthaí triomaithe, mar shampla) a chur leis an meascán agus mar sin de

Smaointe do leanaí 4 agus 5 bliana d’aois

Is féidir le leanaí 4 - 5 bliana d’aois cabhrú leat ar na bealaí seo a leanas:

  • uibheacha a bhualadh
  • comhábhair leachtacha a mheascadh
  • comhábhair thirime a chur le meascán
  • plúr a chriathrú
  • taos brioscaí a rolladh

Smaointe do leanaí 6 - 8 mbliana d’aois

Is féidir le leanaí 6 - 8 mbliana d’aois cabhrú leat ar na bealaí seo a leanas:

  • comhábhair a thomhas
  • an meascán a chur isteach i gcásanna
  • taos a fhuineadh
  • barráin a eagrú ar phíotsa / ceapaire, mar shampla
  • torthaí a ullmhú le haghaidh caoineog
  • sneaiceanna beaga agus a leithéid a ullmhú

Smaointe do leanaí 9 -11 bhliain d’aois

Is féidir le leanaí 9 - 11 bhliain d’aois cabhrú leat ar na bealaí seo a leanas:

  • táirgí bácáilte a ullmhú fad is atá tú taobh leo
  • torthaí agus glasraí a ghearradh
  • taos a ullmhú
  • muifíní lán le torthaí a dhéanamh
  • prátaí brúite a dhéanamh
  • miasanna pasta a ullmhú
  • píotsa a dhéanamh (tabhair deis do na páistí an píotsa a ainmniú, Píotsa Phóil mar shampla!)
  • trealamh ullmhaithe bia a úsáid fad is atá tusa taobh leo

Sábháilteacht bia

I láthair na huaire, tá na treoirlínte céanna maidir le sábháilteacht bia i bhfeidhm nuair a bhíonn bia á ullmhú agus á chócaráil. Is fréamhaithe sa dlúth-theagmháil le daoine ionfhabhtaithe atá príomhriosca tarchurtha COVID-19 seachas i mbia éillithe.

Seo a leanas roinnt nod a chabhróidh leat do shiopadóireacht bia a dhéanamh go sábháilte:

  • nuair a théann tú ag an siopa chun bia a cheannach, ba cheart duit do lámha a ní sula bhfágann tú an teach, seachain do lámha a leagan ar d’aghaidh nuair a bhíonn tú amuigh ag siopadóireacht agus tabhair aird ar scaradh sóisialta
  • nuair a fhilleann tú ar an mbaile, ba cheart duit do lámha a ní láithreach. Nigh do lámha arís nuair atá na hearraí ar fad curtha sa chófra agat
  • má tá tú ag féin-aonrú ná dearmad nach féidir leat an teach a fhágáil, ordaigh do shiopadóireacht agus roghnaigh seachadadh

Do mheáchan a bhainistiú

Cailleadh meáchain neamhbheartaithe

Má tá tú féin nó duine éigin a bhfuil aithne agat air ag déileáil le cailleadh meáchain neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag tarlú mar thoradh ar thinneas, leithlisiú sóisialta nó goile laghdaithe, tá sé tábhachtach é a phlé le do dhochtúir teaghlaigh nó altra sláinte poiblí. Beidh siad in ann roinnt acmhainní cuiditheacha cothaithe a mholadh, cosúil leis an leabhar cócaireachta ardphróitéine, ardfhuinnimh Making the Most of Every Bite.

Tá an leabhar cócaireachta ar fáil anseo ach lorg comhairle ó do dhochtúir teaghlaigh, altra nó diaitéiteach ar dtús.

Cailleadh meáchain neamhbheartaithe

D'fhéadfadh go mbeadh athrú ar an ngnáthshaol laethúil, níos mó struis agus laethanta níos giorra mar bhonn le cailleadh meáchain neamhbheartaithe. Cabhraíonn béilí agus sneaiceanna a phleanáil, lena n-áirítear uisce, aclaíocht rialta agus a chinntiú go bhfaigheann tú dóthain codlata le meáchan sláintiúil a choimeád. Seiceáil ár dtreoirlínte bia shláintiúil chun teacht ar eolas faoi mhéideanna bia agus smaointe do bhéilí.


Do bhia féin a fhás

Tá roinnt nod agus smaointe iontacha ag Grow It Yourself a chabhróidh leat do chuid torthaí agus glasraí féin a fhás sa bhaile. Tá féilire míosúil le fáil ar an suíomh gréasáin seo freisin ar a bhfuil eolas maidir le céard ba cheart a chur/a bhaint/a ullmhú i rith mhíonna éagsúla na bliana. Agus ná déan talamh slán de go bhfuil sé ródheireanach chun tús a chur leis an ngarraíodóireacht i mbliana, is féidir roinnt glasraí geimhridh a chur go fóill!

Chomh maith leis sin, le déanaí sheol Incredible Edibles a dtionscadal maidir le bia sláintiúil agus fás sláintiúil 2021 do bhunscoileanna. Cláraigh do scoil más mian leat pacáiste fáis a fháil do do scoil. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.