- Conas cocúnú
- Ag fanacht slán
- Aire a thabhairt do do riocht sláinte fadtéarmach le linn COVID-19
- Ag mothú sábháilte
- Ag tabhairt aire do dhaoine eile atá ag cocúnú
Má tá tú os cionn 70 bliain d’aois nó má tá tú i gcatagóir leochaileach, tugtar comhairle duit “cocúnú”.
Ciallaíonn sé sin fanacht amach ó dhaoine chun cosaint níos fearr a thabhairt duit ar COVID-19.
Airíonn sé sin mínádúrtha agus rud beag corraitheach, agus mar sin chuireamar roinnt comhairle le chéile chun in iarracht é a dhéanamh rud beag níos éasca duit.
Conas cocúnú
Is ionann cocúnú agus fanacht sa bhaile chun tú féin a chosaint ó COVID-19. Níor chóir duit do theach a fhágáil agus ní mór duit stop a chur le gach teagmháil duine le duine le daoine eile agus le baill do theaghlaigh a oiread agus is féidir.
Cabhróidh do theaghlach, cúramóirí, comharsana agus na seirbhísí poiblí leat an tacaíocht atá de dhíth ort a fháil.
Ní mór duit:
- fanacht sa bhaile i gcónaí agus seachain teagmháil le daoine eile i do theach atá fós ag dul amach
- coinneáil i dteagmháil le do mhuintir agus do chairde ar an bhfón nó ar an idirlíon má tá sé agat
- tú féin a choinneáil ag gluaiseacht trí bhogadh timpeall a oiread agus is féidir
- iarraidh ar chomharsana, ar do theaghlaigh nó ar chairde aon siopadóireacht nó cógas leighis a theastaíonn uait a fháil - ná téigh amach ag siopadóireacht
- socrú a dhéanamh go bhfágfaí bia nó cógais lasmuigh de do dhoras
- úsáid a bhaint as an bhfón más gá duit teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh nó le seirbhísí eile - ná fág do theach
Cad a chaithfidh daoine eile atá ina gcónaí i do theach a dhéanamh
Ní gá don chuid eile de do theaghlach na bearta thuas a ghlacadh dóibh féin ach táthar ag súil go ndéanfaidh siad a ndícheall chun tacú leat.
Is féidir leo é seo a dhéanamh trí:
- fanacht 1 mhéadar (3 throigh) ar a laghad agus 2 mhéadar más féidir amach uait, má tá orthu dul isteach sa seomra céanna leat
- a lámha a ní go rialta agus a mbéal a chlúdach le muinchille nó le ciarsúr páipéir nuair a bhíonn siad ag casacht nó ag sraothartach agus é a chur sa bhosca bruscair láithreach
- leithreas agus seomra folctha difriúil a úsáid nó é a ghlanadh sula n-úsáideann tusa é - smaoinigh ar róta a dhréachtú maidir leis an bhfolcadán a úsáid, agus cinntigh go bhfuil tusa ag úsáid an leithris ar dtús
- tuáillí ar leithligh a úsáid chun iad féin a thriomú tar éis folcadh nó cith a thógáil agus chun a lámha a thriomú
- sealanna a ghlacadh leis an gcistin a úsáid
- sceanra agus uirlisí ar leithligh a úsáid
- gach dromchla a ghlanadh leis an ngnáthghlantach tí
Le haghaidh tuilleadh faisnéise téigh chuig HSE.ie.
Ag fanacht slán
Tá sé an-éasca a bheith imníoch agus uaigneach nuair a bhíonn ort tú féin a scaradh ó dhaoine eile. Bíonn sé sin níos dúshlánaí fós nuair a bhíonn imní ort faoi do shláinte agus faoi shláinte bhaill an teaghlaigh.
Seo roinnt leideanna simplí chun cabhrú leat:
- déan iarracht am a chaitheamh leis na fuinneoga ar oscailt chun aer úr a ligean isteach, socraigh spáis chun suí ionas go mbeidh radharc deas le feiceáil agat (más féidir) agus chun solas nádúrtha gréine a fháil
- má tá gairdín nó cúlchlós agat, téigh amach agus faigh aer úr ach coinnigh amach ó dhaoine eile lena n-áirítear comharsana. Moltar fanacht 1 mhéadar ar a laghad agus 2 mhéadar (nó 6 throigh) nuair is féidir amach ó dhaoine eile
- caith roinnt ama ag déanamh na rudaí a thaitníonn leat - mar shampla léamh, cócaireacht, caitheamh aimsire eile faoi dhíon nó éisteacht leis na cláir raidió is fearr leat nó féachaint ar an teilifís
- tabhair aire do do shláinte ghinearálta trí bhéilí sláintiúla cothromaithe a ithe, neart uisce a ól, aclaíocht a dhéanamh go rialta, agus caitheamh tobac agus barraíocht alcóil a sheachaint
- tá sé chomh tábhachtach teagmháil a choinneáil le daoine eile. Pioc suas an fón agus glaoigh ar chara. Déan iarracht teagmháil a choinneáil le do ghnáthghrúpaí sóisialta, ag úsáid modhanna malartacha mar ghlaonna físe nó na meáin shóisialta. Téigh ar líne agus aimsigh grúpaí a bhfuil na caithimh aimsire céanna acu leatsa trí fhóraim ar líne agus tosaigh comhrá leo
- bí ar an eolas. Toisc gur cás é seo a bhíonn ag athrú de shíor, is maith an rud é tú féin a choinneáil cothrom le dáta maidir leis na teachtaireachtaí is déanaí. Déan cinnte, áfach, go bhfaighidh tú do chuid faisnéise ó fhoinsí iontaofa
- déan cinnte go nglacann tú sos. Tá an oiread sin faisnéise amuigh ansin, go bhfuil sé éasca a bheith trína chéile. Is maith an rud sos a ghlacadh agus smaoineamh ar rud éigin eile. Bealach iontach chun é sin a dhéanamh ná a bheith cruthaitheach
Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le do mheabhairshláinte a chosaint le linn na ráige COVID-19 téigh chuig HSE.ie.
Aire a thabhairt do do riocht sláinte fadtéarmach le linn COVID-19
D’fhéadfadh go mbeadh daoine a bhfuil tinneas fadtéarmach orthu i mbaol ó thinneas tromchúiseach a bhaineann le COVID-19 agus beidh orthu a bheith an-chúramach chun iad féin a chosaint.
Seo roinnt leideanna simplí chun aire a thabhairt duit féin le linn na tréimhse seo:
- lean ort ag déanamh monatóireachta ar do riocht agus déan cinnte go nglaofaidh tú ar do dhochtúir teaghlaigh má théann do riocht in olcas. Tá Dochtúirí Teaghlaigh fós ansin dóibh siúd go léir a bhfuil cabhair ag teastáil uathu
- lean ort ag glacadh do chógas agus déan cinnte nach rithfidh tú amach astu. Labhair le do dhochtúir teaghlaigh nó le do chógaiseoir má bhíonn aon imní ort
- is féidir le strus do riocht a dhéanamh níos measa. Déan cinnte aire a thabhairt do do mheabhairshláinte trí a bheith ceangailte le do mhuintir, a bheith gníomhach, agus gníomhaíochtaí a thaitníonn leat a dhéanamh
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, d’fhorbair foireann tacaíochta féinbhainistíochta FSS bileog faisnéise le comhairle iontach ar conas an aire is fearr a thabhairt duit féin agus tú ag cocúnú.
[document 73985 ]
Cúram ailse
Bhunaigh an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse, Cúram Ailse an Iarthair agus Cumann Ailse na hÉireann seirbhís teileafóin náisiúnta tiomnaithe chun sain-thacaíocht chuimsitheach a sholáthar d’othair ailse, marthanóirí ailse, a dteaghlaigh agus a gcúramóirí, a d’fhéadfadh a bheith trína chéile ag an am seo. Tá an tseirbhís ar fáil freisin do leanaí agus do dhéagóirí agus úsáideann sí cleachtóirí a bhfuil grinnfhiosrúchán déanta orthu agus atá oilte go cuí.
Tá an chiansheirbhís seo, atá faoi rún agus saor in aisce, ar fáil ar fud na tíre, 7 lá na seachtaine, fad a bheidh an éigeandáil COVID-19 ar siúl, agus is gairmithe cáilithe cúraim ailse a sholáthraíonn í.
Beidh líne chabhrach Together 4 Cancer Concern i bhfeidhm ó 9am go 8pm Luan go Déardaoin agus ó 9am go 5pm Aoine go Domhnach. Chun teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach glaoigh ar: 1800 200 700 nó seol ríomhphost chuig cancernurseline@irishcancer.ie
Ag mothú sábháilte
Má tá imní ort faoi do shábháilteacht agus tú ag cocúnú, tá go leor tacaíochtaí ann chun cabhrú le cibé imní a d’fhéadfadh a bheith ort:
- má fhaigheann tú cúram riachtanach ó chairde, ó bhaill teaghlaigh, nó ó oibrithe cúraim, labhair le do chúramóirí faoi réamhchúraimí breise is féidir leo a dhéanamh chun tú a choinneáil sábháilte. Labhair le do chúramóirí faoi phleananna cúltaca maidir le do chúram ar eagla go mbeadh do phríomhchúramóir tinn agus go mbeadh air féin-aonrú
- údaráis áitiúla - tá gach údarás áitiúil ag obair le seirbhísí deonacha lena chinntiú nach bhfuil aon duine gan bia nó cógais riachtanacha. Faigh sonraí d’údaráis áitiúil anseo
- soláthraíonn ALONE líne tacaíochta teileafóin, seacht lá na seachtaine ó 8am - 8pm, do gach duine aosta, a dteaghlaigh, agus dóibh siúd atá leochaileach ó thaobh sláinte de. Má theastaíonn aon chomhairle, dearbhú nó tacaíocht bhreise uait cuir glaoch orthu ag: 0818 222024
- Gardaí - má tá aon imní sábháilteachta ort, nó má theastaíonn aon earraí riachtanacha uait, déan teagmháil leis an nGarda Síochána, beidh siad breá sásta cabhrú leat nó tú a threorú chuig seirbhísí ábhartha
Ag tabhairt aire do dhaoine eile atá ag cocúnú
Má tá tú ag tabhairt aire do dhuine atá ag cocúnú, cibé an oibrí deonach, ball teaghlaigh nó cúramóir tú, tá sé ríthábhachtach go nglacfaidh tú gach réamhchúram is gá lena chinntiú go gcoinnítear na daoine a bhfuil tú ag tabhairt aire dóibh slán agus sábháilte.
Cliceáil anseo chun na treoirlínte is déanaí a fheiceáil.
Mar mhalairt air sin, más rud é nach oibrí deonach cláraithe tú ach go bhfuil aithne agat ar dhaoine leochaileacha mórthimpeall ort, bheadh sé ina chabhair dá bhféadfá glaoch nó téacs a chur chucu go rialta chun seiceáil orthu, le feiceáil an bhfuil aon rud ag teastáil uathu. Má iarrann siad ort earraí riachtanacha a fháil dóibh, déan cinnte na treoirlínte thuas a leanúint freisin.
Más mian leat a bheith i d’oibrí deonach téigh chuig Obair Dheonach Éireann le haghaidh tuilleadh sonraí.
Má tá tú ag tabhairt aire do dhuine a bhfuil néaltrú orthu, tá foireann Understanding Together FSS tar éis nasc a dhéanamh le Cumann Alzheimer na hÉireann chun leabhrán a chruthú ar ghníomhaíochtaí le déanamh sa bhaile agus tú ag cocúnú. Is féidir leat an leabhrán a fheiceáil thíos.