English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Giúmar

  • Ó: Éire Shláintiúil

  • Foilsithe: 29 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 26 Iúil 2022

Tá go leor againn fós ag dul i dtaithí ar an gcaoi ar chuir scaipeadh COVID-19 isteach ar ár saol laethúil agus ar na bearta atá bunaithe chun cabhrú le gach duine a choinneáil sábháilte.

Is gnáthrud é a bheith buartha nó faoi strus i rith na tréimhse dúshlánaí seo, ach is féidir linn go leor rudaí éagsúla a dhéanamh chun aire a thabhairt dár meabhairshláinte agus folláine agus a chinntiú go bhfuilimid i mbarr ár sláinte.

Tá tacaíocht le fáil chun cabhrú leat aire a thabhairt do do mheabhairshláinte i rith COVID-19 ag yourmentalhealth.ie.


Leag amach plean

I rith tréimhsí dúshlánacha cosúil le saol an lae inniu ann, d’fhéadfadh go mbeadh tairbhe shuntasach ag baint le plean a bheith againn a chabhróidh linn a bheith gnóthach agus níos mó smachta a bheith againn ar an saol.

Cruthaigh plean dearfachta do do sheachtain – d’fhéadfaí an méid seo a leanas a chur san áireamh:

  • gníomhaíocht fhisiciúil – ainneoin na laethanta a bheith ag éirí níos giorra agus níos fuaire, tá sé fíorthábhachtach, ar mhaithe lenár bhfolláine fhisiciúil agus mheabhairshláinte, go n-éiríonn linn dul amach faoin aer agus tabhairt faoi ghníomhaíocht fhisiciúil. Cabhraíonn tamall amuigh faoin aer le strus a ísliú, imní a laghdú, agus féinmhuinín a fheabhsú
  • déan teagmháil le daoine muinteartha – baineann tábhacht, ar mhaithe lenár bhfolláine mheabhairshláinte, le teagmháil leanúnach a dhéanamh le clann agus cairde. D’fhéadfadh gur líne tharrthála a leithéid de theagmháil i gcás daoine atá ag féindíonadh nó ag féin-aonrú, chun cabhrú le daoine imní a ligean i ndearmad agus déileáil leis an uaigneas
  • déan rud éigin a thaitníonn leat – d’fhéadfadh gurb éard a bheadh i gceist anseo rud éigin simplí cosúil le breathnú ar scannán nó clár teilifíse, roinnt ama a chaitheamh ag léamh nó roinnt ama a chaitheamh sa ghairdín. D’fhéadfá glaoch ar chara nó am a chaitheamh i mbun caitheamh aimsire. Is cuma céard a dhéanann tú, is bealach iontach é ardú meanman a thabhairt duit féin rud éigin a bheith pleanáilte agat
  • cuir am i leataobh chun aire a thabhairt dúinn féin- leis an méid atá ag titim amach mórthimpeall orainn, d’fhéadfadh cúrsaí an tsaoil an lámh in uachtar a fháil orainn go héasca. Trí am ar leith a roghnú chun do scíth a ligean, nó roinnt ama a chaitheamh ag cleachtadh análaithe nó teicnící chun do scíth a ligean d’fhéadfá déileáil níos fearr le cúrsaí an tsaoil
  • cabhróidh tú leat féin tús maith a chur leis an lá má éiríonn tú agus má chuireann tú ort do chuid éadaí ag an ngnátham
  • déan iarracht a chinntiú go bhfaigheann tú féin agus do chlann dóthain codlata. Tá codladh fíorthábhachtach do do mheabhairshláinte agus do d’fholláine agus go háirithe i rith na tréimhse dúshlánaí seo. Tá roinnt nod iontach curtha i dtoll a chéile ag SpunOut maidir le codladh go sámh atá le fáil anseo
  • ith bia sláintiúil – ith do bhéile ag gnátham nuair is féidir ionas go mbeidh struchtúr éigin ar do lá. Bíodh na béilí a itheann tú chomh sláintiúil agus is féidir. B’fhéidir go bhféadfá lá a roghnú chun baisc-chócaireacht a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh béilí cothaitheacha sláintiúla ar fáil i gcónaí. Tá roinnt nod iontach eile maidir le bia sláintiúil a ithe le fáil anseo
  • lean ar aghaidh ag foghlaim – D’fhéadfá cur le d’fhéinmhuinín nó féinmheas a fheabhsú trí rudaí nua a fhoghlaim nó scileanna nua a fhorbairt, agus ag brath ar an rogha a dhéanann tú, d’fhéadfadh sé cabhrú leat aithne a chur ar dhaoine eile a bhfuil spéis acu sna rudaí céanna leat féin. Tá go leor cúrsaí forbartha ag Leabharlanna Éireann ar féidir iad a dhéanamh saor in aisce
  • déan rud éigin cruthaitheach – tá fianaise ann go mbíonn cruthaitheacht agus réimsí spéise cruthaitheacha mar bhonn le folláine mheabhairshláinte a fheabhsú. Tá go leor bealaí ann chun a bheith cruthaitheach, idir ealaíona agus ceardaíocht, ceol, garraíodóireacht, cócaireacht, nó scríobh
  • tabhair cabhair do dhaoine eile – d’fhéadfadh cabhrú le daoine eile agus páirt a ghlacadh i do phobal dul chun tairbhe do d’fholláine, mar aon le folláine na ndaoine a bhfuil tú ag cabhrú leo. D’fhéadfadh nach mbeadh i gceist ach rud éigin simplí cosúil lena chinntiú go bhfuil duine éigin leochaileach ceart go leor, nó obair dheonach a dhéanamh ar bhonn níos foirmiúla. Seiceáil Obair Dheonach Éireannd’Údarás Áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil
  • ioslódáil nó priontáil ár bpleanálaí seachtaine chun cabhrú leat do phlean féin a dhéanamh chun fanacht i mbarr do shláinte
Week planner
Try this week planner to help you with some of the tips mentioned in the page above
Amharc amharc

Dóthain codlata a fháil

Baineann tábhacht ar leith le codladh chomh fada is a bhaineann le do mheabhairshláinte agus folláine. Teastaíonn idir 5 agus 9 n-uair codlata ó fhormhór na ndaoine gach oíche. Is é 8 n-uair an chloig an méid ama idéalach, ach ní hionann riachtanais aon bheirt.

Ní mór dúinn ar fad súil a chaitheamh ar ár bpatrúin agus nósanna codlata. Mura n-éiríonn leat oíche mhaith codlata a fháil go rialta, tá roinnt rudaí a d’fhéadfá a dhéanamh chun cúrsaí a fheabhsú.

  • ná hól aon deochanna ina bhfuil caiféin sa tráthnóna
  • ná caith tobac nó ná hól alcól sula dtéann tú a chodladh
  • téigh a chodladh agus éirigh ag an am céanna gach lá
  • seachain am a chaitheamh ag féachaint ar ríomhairí glúine, teileafóin agus scáileáin eile uair an chloig sula dtéann tú a chodladh
  • cinntigh go bhfuil do sheomra leapa dorcha

comhairle iontach maidir le codladh go sámh agus aire a thabhairt do do mheabhairshláinte le fáil ar SpunOut.


Tuismitheoirí

I gcás cuid againn, ciallaíonn cúrsaí an tsaoil mar atá inniu go bhfuil níos mó ama ná riamh á chaitheamh againn lenár leanaí, agus d’fhéadfadh dúshláin ar leith a bheith ag baint leis seo. Seo thíos roinnt nod simplí a d’fhéadfadh cabhrú leat:

  • bí i do thuismitheoir dearfach – tabhair ardmholadh do do leanbh nuair a bhíonn sé/sí go maith, fiú mura bhfuil i gceist ach mionrud
  • déan neamhaird de mhí-iompar neamhshuntasach, fad is nach bhfuil do leanbh féin nó daoine eile á gcur i mbaol. Má leantar leis an mí-iompar, nó má éiríonn sé níos tromchúisí, beidh ort rud éigin a dhéanamh. Déan iarracht gan a bheith ag screadaíl. Má dhéileálann tú le rudaí go stuama, tá seans ann go mbeidh do leanbh stuama amach anseo. Go hiondúil, bíonn míniú maith níos éifeachtaí
  • lig dóibh féin roinnt cinntí a dhéanamh. Cothóidh sé muinín, neamhspleáchas agus tabharfaidh sé deis dóibh foghlaim ó na botúin a dhéanann siad
  • smaoinigh ar na rudaí cheistíonn tú – Ná déan iarracht gach rud a athrú. D’fhéadfadh tionchar mór a bheith ag athruithe beaga
  • níl aon tuismitheoir foirfe Déan iarracht a bheith i do thuismitheoir maith. Foghlaimíonn gach duine trí thástáil agus earráid

Ionad Tuismitheoirí ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, ar a bhfuil noda, acmhainní agus tacaíochtaí do thuismitheoirí.

Tá roinnt nasc iontach ag FSS ar a shuíomh My Child freisin.

Tá tacaíocht á tabhairt do Choistí Seirbhísí Leanaí agus Daoine Óga (CYPSC) ar fud na tíre chun seirbhísí feabhsaithe a sholáthar, chun tacú le meabhairshláinte agus folláine dhearfach, leanaí, daoine óga agus teaghlach i rith na míonna amach romhainn. Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.cypsc.ie.


Caidreamh

Ó tharla go bhfuilimid ag caitheamh níos ama i gcomhluadar a chéile ná mar is gnáth, agus go bhfuil tinneas, leanaí, airgead, nó gaolta atá tinn ag déanamh imní dúinn, d’fhéadfadh go mbeadh leibhéil struis á méadú agus go mbeadh brú á chur ar chaidreamh.

Tá sé fíorthábhachtach aire a thabhairt duit féin agus don chaidreamh atá agat le daoine eile san am i láthair:

  • déan iarracht am a chur i leataobh duit féin gach lá, fiú amháin mura bhfuil ann ach cúpla nóiméad
  • tá gníomhaíocht fhisiciúil tábhachtach do do shláinte fhisiciúil agus do do mheabhairshláinte. Cabhróidh sé leat codladh níos fearr freisin
  • bí airdeallach ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag iontógáil alcóil ort. Tá tuilleadh eolais le fáil ag askaboutalcohol.ie
  • cinntigh go bhfuil tú ag codladh go maith – tá seans maith ann go mbeidh tú cantalach mura bhfuil tú ag codladh go maith
  • má tá páirtí agat, ná déan dearmad go mbeidh na rudaí céanna ag déanamh imní dóibh. D’fhéadfaidís a bheith ag déileáil leis na mothúcháin seo ar bhealach difriúil
  • caith roinnt ama i gcomhluadar a chéile ag plé ábhar imní nó buartha
  • má tá tú féin agus do pháirtí sa bhaile, déan iarracht cabhrú lena chéile le hobair an tí agus le haire a thabhairt do na leanaí. Déan iarracht a chinntiú go mbíonn deis sosa ag an duine eile
  • fan i dteagmháil le cairde agus baill teaghlaigh trí ghlaoch orthu ar an teileafón, nó trí fhíschomhráite
  • má tá cúrsaí airgeadais a bhaineann le COVID-19 ag déanamh imní díot nó ina n-ábhar struis, tá go leor tacaíochtaí ar fáil. Féach ar Item was unpublished or removed má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi íocaíochtaí gaolmhara nó féach ar shuíomh gréasáin Sheirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) má theastaíonn comhairle uait maidir le conas ioncam laghdaithe a bhainistiú

Ag obair ón mbaile

Nuair a bhíonn daoine ag obair ón mbaile ní mór dóibh gnáthamh nua a chruthú agus bealach nua a bhunú chun déileáil le héilimh an tsaoil. Beidh pleanáil chúramach riachtanach agus beidh gá le réitigh chruthaitheacha uaireanta freisin.

Pleanáil an lá roimh ré ionas go mbeidh a fhios ag gach duine céard a bheidh á dhéanamh acu i rith an lae:

  • cloígh leis na gnáthnósanna oiread agus is féidir
  • bíodh bricfeasta, lón, dinnéar agat ag an ngnátham más féidir
  • tóg sos ó na scáileáin le haghaidh cúpla nóiméad gach uair an chloig
  • caith tamall i mbun aclaíochta, sín do chorp agus téigh amach faoin aer ag siúl más féidir
  • déan iarracht a chinntiú go ligeann tú do scíth agus go bhfaigheann tú oíche mhaith codlata
  • déan teagmháil le clann agus cairde

Gníomhaíochtaí sóisialta fíorúla

Glac páirt i roinnt gníomhaíochtaí sóisialta fíorúla le do chomhghleacaithe oibre. Seo a leanas roinnt gníomhaíochtaí samplacha:

  • club scannán nó leabhar
  • dúshláin aclaíochta
  • lá folláine nó clár bán folláine chun smaointe maidir le conas fanacht i mbarr do shláinte a roinnt
  • seisiúin aireachais
  • sosanna fíorúla caife – is bealach iontach é seo chun teagmháil a dhéanamh le do chomhghleacaithe agus a chinntiú go bhfuil gach duine ceart go leor

leathanach treorach curtha i dtoll a chéile ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta d’fhostóirí agus d’fhostaithe atá ag obair ón mbaile.


Imní faoi COVID-19

I rith na tréimhse seo, is gnáthrud é go mbeadh daoine imníoch agus buartha faoin méid atá ag tarlú mórthimpeall orainn. Uaireanta, rachaidh sé chun tairbhe duit má dhéanann tú do mhachnamh ar feadh tamaill ar do chuid mothúchán féin agus an tionchar atá acu ar do shaol.

  • uaireanta, ainneoin go mbaineann dúshlán le glacadh leis an méid atá ag tarlú, agus leis na rudaí nach bhfuil aon smacht agat orthu, d’fhéadfadh sé cabhrú leat déileáil leis an mbrú agus tuiscint níos fearr a bheith agat ar an méid atá ag tarlú mórthimpeall ort
  • bí airdeallach agus tabhair an méid atá ag tarlú faoi deara – caith roinnt ama gach lá i mbun machnaimh ar do chuid mothúchán féin. Bí airdeallach ar an méid atá ag tarlú i láthair na huaire. Bí airdeallach ar do chuid smaointe féin, do mhothúcháin, do bhraistintí féin, agus an domhan mórthimpeall ort. Más féidir leat an bealach a mhothaíonn tú a thuiscint agus a ainmniú, d’fhéadfaí cabhrú leat féin déileáil le do chuid mothúchán. Tá roinnt nod iontach le fáil anseo
  • tabhair aitheantas duit féin – bímid thar a bheith dian orainn féin uaireanta. Caith nóiméad i mbun machnaimh faoin méid atá déanta againn chun déileáil leis an méid a tharla le roinnt míonna anuas, agus tuigfidh tú go bhfuil ag éirí níos fearr linn ná mar a shílimid
  • déan nótaí i scríbhinn – uaireanta is mór an chabhair é rudaí a chur i scríbhinn. Is bealach maith é chun ábhair imní a ligean le sruth. Is féidir le dialann buíochais a scríobh cabhrú linn aird a tharraingt ar na rudaí dearfacha inár saol a d’fhéadfadh cabhrú linn déileáil níos fearr le tréimhsí dúshlánacha
  • tóg sos ón nuacht - Tá go leor eolais ag teacht inár dtreo ar an teilifís, raidió agus ar na meáin shóisialta, agus d’fhéadfadh sé ar fad a bheith iomarcach. Cé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an t-eolas is déanaí againn ar fad, tá sé tábhachtach chomh maith céanna sos a thógáil. Sceidealaigh am ar leith gach lá chun na meáin shóisialta a sheiceáil, agus an nuacht is déanaí agus cinntigh go mbraitheann tú ar fhoinsí iontaofa cosúil le FSS agus Item was unpublished or removed de bhrí go bhféadfadh mífhaisnéis agus ráflaí a bheith mar bhonn le strus agus brú breise
  • ní gá go réiteofar gan fadhb a roinntear, ach is cinnte go gcabhraíonn sé. D’fhéadfadh cairde agus baill teaghlaigh neart tacaíochta a thabhairt duit agus is mór an chabhair é labhairt le duine éigin ionas go dtuigfidh tú nach bhfuil tú i d’aonar. Uaireanta, cabhraíonn dearcadh difriúil le cuma níos fearr a chur ar chúrsaí agus cúrsaí an tsaoil a dhéanamh níos éasca
  • ná déan dearmad - má shíleann tú go dteastaíonn breis cabhrach uait, tá neart tacaíochtaí ar fáil. Ní gá duit ligean ort féin go bhfuil tú láidir nó ní gá duit iarracht a dhéanamh déileáil le rudaí i d’aonar. Tá roinnt soláthraithe seirbhíse a bhfuil tacaíochtaí agus seirbhísí meabhairshláinte ar líne agus ar an teileafón á soláthar acu. Áirítear ina measc seo comhairleoireacht ar líne, seirbhísí teileafóin agus téacs mar aon le tacaíochtaí ar líne atá le fáil ag www.yourmentalhealth.ie

Tacaíochtaí

Eolas maidir le Meabhairshláinte agus Folláine do leanaí agus daoine óga
Amharc amharc

Féach ar yourmentalhealth.ie má theastaíonn comhairle uait maidir le conas aire a thabhairt do do mheabhairshláinte i rith COVID-19.

Tá FSS ag seoladh clár nua, saor in aisce, ar líne atá dírithe ar mheabhairshláinte agus folláine dar teideal Minding Your Wellbeing. Is éard atá sa chlár fianaisebhunaithe seo 5 sheisiún físeáin, 20 nóiméad an ceann, atá le fáil ag yourmentalhealth.ie.

Díreoidh an clár seo ar fhéinchúram a chleachtadh, ár smaointe féin a thuiscint, ár mothúcháin a scrúdú, caidreamh dearfach a fhorbairt agus ár gcumas teacht aniar a fheabhsú.

Is é 50808 an chéad seirbhís dá leithéid in Éirinn: seirbhís téacs saor in aisce 24/7, a sholáthraíonn deiseanna comhráite ciallmhara a bheith ag daoine agus tacaíocht láithreach baill do dhaoine atá ag déileáil le géarchéim mheabhairshláinte nó mhothúchánach - beag nó mór. Is cuma más ag déileáil le scaradh le páirtí nó le bulaíocht atá tú, nó imní, dúlagar nó mothúcháin fhéinmharfacha, tá oibrithe deonacha géarchéime ar fáil 24/7 chun comhráite téacs anaithnide a bheith acu le daoine.

Cuir tús le comhrá tríd an bhfocal HELLO a sheoladh trí shaorthéacs chuig 50808 am ar bith, lá nó oíche.

Soláthraíonn Pieta seirbhísí teiripeacha gairmiúla duine le duine do dhaoine atá ag déileáil le hanacair fhéinmharfach, daoine atá i mbun féindochair, agus daoine atá faoi bhrón mar thoradh ar fhéinmharú. Tá na seirbhísí ar fad á soláthar saor in aisce agus níl gá le hatreorú.

Saorghlao 1800 247 247.

Téacsáil an focal HELP chuig 51444.

Soláthraíonn Barnardos seirbhís náisiúnta tacaíochta teileafóin do thuismitheoirí, mar fhreagairt ar na dúshláin atá le sárú i rith phaindéim COVID-19. Saorghlao 1800 910 123 (idir 10am agus 2pm, Luan go hAoine).

Chomh maith leis sin, soláthraíonn siad seirbhís líne chabhrach do leanaí atá ag déileáil le bás duine éigin, do gach ball den phobal, glaoigh ar 01 473 2110 (idir 10am agus 12pm, Luan go hAoine). Glacfar le hatreoruithe do leanaí suas go dtí 18 mbliana d’aois a bhfuil toiliú tuismitheora/cúramóra acu.

Is carthanas meabhairshláinte é Jigsaw atá dírithe ar chomhairle agus tacaíocht shaineolach a sholáthar, ar líne agus go pearsanta, do dhaoine óga ar fud na hÉireann atá idir 12 - 25 bliain d’aois.

Tá eolas maidir le seirbhís Jigsaw atá ar fáil in aice leat le fáil ag jigsaw.ie/services.

Is féidir leat labhairt le duine den fhoireann trí Chomhrá Beo 1:1 trí chuairt a thabhairt ar jigsaw.ie/livechat. Déan teagmháil leis an líne thacaíochta ag saorghlao 1800 JIGSAW (544729) (1pm go 5pm, Luan go hAoine).

Téacsáil CALL ME chuig 086 180 3880 agus beidh duine den fhoireann in ann glaoch ar ais ort ag am oiriúnach.

Tabhair cuairt ar jigsaw.ie má theastaíonn tuilleadh eolais uait nó seol ríomhphost chuig help@jigsaw.ie

Soláthraíonn MyMind tacaíochtaí ar líne agus teileafóin saor in aisce, seirbhísí síciteiripe do leanaí, ógánaigh agus aosaigh faoi thionscadal COVID-19. Is féidir le cliaint atá 16 bhliain d’aois agus níos sine úsáid a bhaint as comhairleoireacht saor in aisce ar líne.

Más mian leat coinne a dhéanamh is féidir leat teagmháil a dhéanamh le MyMind trí ríomhphost a sheoladh chuig hq@mymind.org nó glaoch ar an oifig ag an uimhir 0766 80 10 60 (9am - 5pm).

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, tabhair cuairt ar www.mymind.org.

Soláthraíonn Seirbhísí BeLonG To Youth tacaíocht do dhaoine óga leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, agus idirghnéasacha (LGBTI+) in Éirinn atá idir 14 – 23 bliain d’aois.

Téacsáil LGBTI+ chuig 086 1800 280 chun comhrá faoi rún a bheith agat le hoibrí deonach géarchéime oilte (am ar bith den lá nó oíche, d'fhéadfadh go mbeadh rátaí caighdeánacha SMS le n-íoc).

Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.belongto.org.

Soláthraíonn SpunOut.ie raon leathan alt agus eolais do dhaoine óga idir 16 – 25 bliain d’aois, faoi go leor topaicí difriúla, meabhairshláinte san áireamh.

Saorthéacsáil an focal SPUNOUT chuig 50808 chun comhrá neamhaithnid a dhéanamh le hoibrí oilte 24/7.

Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.spunout.ie.

Tá sé mar aidhm ag Aware sochaí a chruthú ina bhfuil tacaíocht á soláthar do dhaoine a bhfuil tionchar ag strus, dúlagar, neamhord dépholach agus coinníollacha a bhaineann le giúmar orthu agus go dtuigeann daoine na deacrachtaí atá ann, agus go bhfuil tacaíocht á soláthar ar bhealach atá saor ó stiogma, agus ina bhfuil daoine á spreagadh chun teiripí cuí a rochtain.

Saorghlao 1800 804848 nó seol ríomhphost chuig supportmail@aware.ie

Chomh maith leis sin, soláthraíonn Aware cláir oideachais mheabhairshláinte saor in aisce ar líne ar féidir leat iad a dhéanamh sa bhaile. Soláthraíonn na cláir seo uirlisí chun cabhrú le daoine déileáil le himní, smaointe diúltacha agus dúshláin choitianta ar cuid den saol iad.

Soláthraíonn Shine eolas agus tacaíocht trí oifigí réigiúnacha agus tairgeann sé eolas agus tacaíocht do dhaoine ag a bhfuil meabhairghalar agus a dteaghlaigh agus cúramóirí.

Má tá rud éigin ag cur isteach ort agus má theastaíonn eolas uait is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Shine am ar bith chun tacaíocht rúnda a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig phil@shineonline.ie

Is é Childline (ISPCC) seirbhís náisiúnta éisteacha 24 uair an chloig na hÉireann do dhaoine óga suas le 18 mbliana d’aois.

Saorghlao 1800 666 666 (am ar bith, lá nó oíche).

Téacsáil 50101 (idir 10am agus 4pm gach lá).

Déan comhrá ar líne ag www.childline.ie (idir 10am agus 4pm gach lá).

Tá seirbhís teileafóin na Samaritans ar fáil 24 uair an chloig gach lá.

Saorghlao 116 123.

Má theastaíonn tacaíocht rúnda, neamhbhreithiúnach uait, seol ríomhphost chuig jo@samaritans.ie

Tabhair cuairt ar www.samaritans.ie  chun eolas maidir leis an mbrainse is cóngaraí duit a fháil.

Is pobal de ghairmithe meabhairshláinte láncháilithe agus creidiúnaithe é Turn2Me atá ag obair ar líne chun spás ar ardchaighdeán, sábháilte, anaithnid agus rúnda a sholáthar ionas gur féidir le daoine tacaíocht a fháil - is cuma cá bhfuil tú, cén uair, céard leis a bhfuil tú ag déileáil.

Roghanna comhairleoireachta do dhaoine aonair, lánúin agus daoine óga idir 12-17 mbliana d’aois. Logáil isteach ar www.turn2me.ie.

Is clár creidiúnaithe saor in aisce é Stress Control a mhúineann scileanna saoil do dhaoine ionas go mbeidh siad in ann déileáil le strus. Cabhraíonn an clár le daoine comharthaí struis a aithint agus áirítear i measc na dtopaicí a ndéileáiltear leo an tionchar atá ag strus ar ár gcorp agus ar ár smaointe. Múintear do dhaoine conas an lámh in uachtar a fháil ar mhothúcháin scaollmhara agus pléitear noda chun cabhrú le daoine oíche mhaith codlata a fháil.

Aipeanna móibíleacha chun tacú le do mheabhairshláinte

D’fhéadfadh na haipeanna móibíleacha seo cabhrú leat nithe atá ag déanamh imní díot a bhainistiú. Tá siad athbhreithnithe agus faofa le liostáil anseo, ag grúpa ó FSS (Foghrúpa Athbhreithnithe na nAipeanna Meabhairshláinte).

Mindshift (le Anxiety Canada)

Uirlis féinchabhrach atá éasca le húsáid atá bunaithe ar straitéisí eolaíocha cruthaithe, múineann MindShift CBT dúinn faoi ábhar imní, cabhraíonn sé chun úsáideoirí a spreagadh le páirt a ghlacadh i smaointeoireacht shláintiúil agus gníomh a chur i gcrích. Seiceálann úsáideoirí isteach gach lá chun na hábhair atá ag déanamh imní dóibh a rianú agus oibriú le huirlisí san aip.

Má tá teileafón Apple agat - is féidir leat an aip a íoslódáil trí chliceáil anseo.

Má tá teileafón Andróideach agat (formhór na mbrandaí seachas Apple), is féidir leat cliceáil anseo chun é a íoslódáil chuig do theileafón.

Clear Fear

Is aip é Clear Fear atá forbartha don charthanas meabhairshláinte do dhéagóirí, Stem4, a úsáideann cóireáil fhianaisebhunaithe CBT chun béim a leagan ar fhoghlaim chun na freagairtí fisiciúla do bhagairt a laghdú trí fhoghlaim conas anáil a tharraingt, do scíth a ligean agus a bheith airdeallach ar smaointe agus ar iompar athraitheach agus mothúcháin a ligean le sruth. Is féidir leat an aip a phearsantú más mian leat agus beidh tú in ann an dul chun cinn atá á dhéanamh agat a rianú agus athruithe a thabhairt faoi deara.

Má tá teileafón Apple agat - is féidir leat an aip a íoslódáil trí chliceáil anseo.

Má tá teileafón Andróideach agat (formhór na mbrandaí seachas Apple), is féidir leat cliceáil anseo chun é a íoslódáil chuig do theileafón.

Headspace

Is aip mhóibíleach cháiliúil é Headspace a mhúineann do dhaoine conas machnamh a dhéanamh agus conas scileanna aireachais a úsáid. Mapáil d’aistear, rianaigh do dhul chun cinn, agus rachaidh do shláinte agus d’fholláine i bhfeabhas. Is féidir leat oibriú le cairde agus misneach a thabhairt dá chéile feadh an bhealaigh.

Má tá teileafón Apple agat is féidir leat an aip a íoslódáil trí chliceáil anseo.

Má tá teileafón Andróideach agat (formhór na mbrandaí seachas Apple), is féidir leat cliceáil anseo chun é a íoslódáil chuig do theileafón.

Dochtúir Teaghlaigh agus Tacaíochtaí Éigeandála

Má theastaíonn seirbhísí éigeandála Ospidéil uait téigh chuig nó glaoigh ar rannóg éigeandála d’ospidéil ghinearálta áitiúil.

Glaoigh ar  999  nó 112 má theastaíonn seirbhísí éigeandála uait.

Dochtúirí Teaghlaigh agus ionaid sláinte

Is féidir le dochtúir teaghlaigh tacaíocht agus comhairle a sholáthar maidir le deacrachtaí meabhairshláinte éagsúla lena n-áirítear mothúcháin bhrónacha, buairt, féindochar agus síocóis. Beidh dochtúir teaghlaigh in ann eolas a roinnt leat maidir le tacaíochtaí atá le fáil sa phobal agus seirbhís comhairleoireachta nó meabhairshláinte a mholadh.

Cliceáil anseo chun seirbhís cóngarach duit a aimsiú.

Déan teagmháil leis an tseirbhís Lasmuigh de Ghnáthuaireanta trí chuardach anseo.

Tá liosta de thacaíochtaí úsáideacha le fáil thíos.

Eolas maidir le Meabhairshláinte agus Folláine