English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ith Bia Sláintiúil


Baineann tábhacht ollmhór i ndáil le do shláinte trí chéile le bia sláintiúil a ithe. Anseo in Éire na Sláinte, tá cuid de na chéad chéimeanna is féidir leat a dhéanamh lena chinntiú go dtabharfaidh tú difríocht faoi deara, bailithe le chéile againn.


Treoirlínte maidir le bia sláintiúil do leanaí

Cabhraíonn treoirlínte maidir le bia sláintiúil le daoine roghanna a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil a n-aiste bia sláintiúil, cothromaithe. Táimid ar fad ag iarraidh go gcuirfidh leanaí an tús is fearr agus is féidir lena saol agus baineann tábhacht ollmhór lena n-aiste bia. Má dhéanann an teaghlach ar fad athruithe d’fhéadfaí cabhrú le gach duine dul i dtaithí ar na hathruithe agus nósanna sláintiúla a fhorbairt don saol.

Leanaí níos óige

Má éiríonn leat aiste bia oiriúnach a chur ar fáil do do leanaí ón tús cabhrófar leo an tús is fearr agus is féidir a chur lena saol agus cabhrófar leo nósanna maidir le bia sláintiúil a ithe don saol ar fad a fhorbairt. Déantar cur síos sna treoirlínte seo ar a leanas ar an mbealach is fearr chun leanaí idir 1 agus 4 bhliain d’aois a bheathú, an méid bia ba cheart a thabhairt dóibh agus cé chomh minic.

Pirimid an Bhia

Is ionann pirimid an bhia agus treoir maidir le riar agus méideanna bia do leanaí idir 1 - 4 bhliain d’aois.

Bia sláintiúil do leanaí idir 1 agus 4 bliana d’aois

Pleananna Béile

Pleananna béile laethúla do leanaí idir 1 - 4.

Meal Plans

Póstaeir

Póstaeir do thuismitheoirí agus do ghairmithe.

Posters

Bileoga Eolais Seilfe

Bileoga eolais le haghaidh gach seilf bia, ina soláthraítear treoracha agus noda maidir le méid bia agus noda maidir le bia sláintiúil a ithe

Shelf Fact Sheets

Treoirleabhair

Treoirleabhair úsáideacha maidir le:

  • príomhtheachtaireachtaí
  • béilí sona sláintiúla
  • méideanna
  • sneaiceanna
  • vitimín D

Guides

Ceisteanna agus Freagraí

Questions and Answers

Réasúnaíocht

Réasúnaíocht do na Treoirlínte Náisiúnta maidir le Bia Sláintiúil do leanaí aon bhliain d’aois go ceithre bliana agus don

________________________________________

Seo a leanas na príomhtheachtaireachtaí ó threoirlínte 1 - 4:

  • maireann nósanna maidir le bia sláintiúil a ithe ar feadh an tsaoil

Is aois mhaith í seo chun nósanna maidir le bia sláintiúil a ithe a mhúineadh do do leanaí ar feadh a saoil. Tabhair dea-shampla. Má itheann tú bianna sláintiúla éagsúla, beidh níos mó seans ann go ndéanfaidh do leanbh an rud céanna.

  • ná dearmad go bhfuil boilg bheaga acu agus nach dteastaíonn méideanna móra bia uathu

Tá boilg bheaga ag leanaí atá idir 1 agus 4 bhliain d’aois. Ní féidir leo ach méideanna beaga a ithe. Tairg 3 bhéile bheaga agus idir 2 agus 3 sneaic shláintiúla dóibh gach lá. Ba cheart go mbeadh an bia agus na deochanna ar fad a thugann tú dóibh cothaitheach.

  • tá an méid bia tábhachtach

Tabhair aird ar ghoile do linbh. Bíodh an méid bia a thairgeann tú do do leanbh bunaithe ar a g(h)oile. Lean treoir na Pirimide Bia do Leanaí chun cinneadh a dhéanamh maidir le méideanna bia.

  • is bia tábhachtach é bainne

Is bia tábhachtach é bainne in aiste bia leanaí atá idir 1 agus 4 bhliain d’aois. Tairg trí riar bainne, iógart nó cáis do do leanbh gach lá.

  • ná tabhair an iomarca bianna 'milse' dóibh

Is féidir nasc a chruthú idir bianna ina bhfuil go leor saille, siúcra agus salainn agus murtall le linn na hóige. Má chinneann tú na bianna seo a thabhairt do do leanaí ná tabhair dóibh ach méideanna BEAGA, uair sa tseachtain.

  • tairg uisce agus bainne mar dheochanna go minic

Seachain deochanna lán siúcra cosúil le coirdiail agus deochanna súilíneacha. Níl deochanna lán siúcra go maith d’fhiacla do linbh.

  • bíodh gnáthamh laethúil agat

Cabhróidh amanna rialta le haghaidh béilí agus sneaiceanna le nósanna maidir le bia sláintiúil a ithe ar feadh an tsaoil a bhunú, cosúil le bricfeasta sláintiúil a ithe gach maidin.

  • teastaíonn níos mó Vitimín D i rith mhíonna an Gheimhridh

Ní fhaigheann leanaí óga dóthain Vitimín D sa gheimhreadh. Teastaíonn 5 mhicreagram vitimín D, braoiníní nó leacht, gach lá idir Oíche Shamhna (an 31 Deireadh Fómhair) agus Lá Fhéile Pádraig (an 17 Márta).

  • cinntigh go bhfuil dóthain iarainn á fháil ag do leanbh

Tairg feoil dhearg do do leanbh 3 huair sa tseachtain agus roghnaigh gránach bricfeasta ina bhfuil breis iarainn (12mg/100g) formhór laethanta na seachtaine. B’fhéidir go mbeadh iarann ag teastáil ó leanaí atá idir 1-3 bhliain d’aois atá beag dá n-aois agus b’fhéidir gur cheart duit labhairt le gairmí sláinte chun comhairle a fháil.


Treoirlínte maidir le bia sláintiúil do leanaí níos sine agus daoine fásta

D’fhéadfadh sé a bheith deacair cinneadh a dhéanamh maidir leis an méid bia ba cheart duit a thabhairt do do leanbh mar go mbraitheann sé ar a (h)aois agus leibhéil ghníomhaíochta. Túsphointe maith é an méid bia agus rud éigin is féidir leat béim a leagan air de réir a chéile do gach ball den teaghlach.

Mar threoir ghinearálta, ba cheart do leanbh 5 bliana d’aois thart ar leath an méid bia a itheann duine fásta a ithe. Itheann go leor daoine fásta níos mó bia ná mar a theastaíonn uathu. Bain triail as méideanna níos lú bia a chur ar a bplátaí ar dtús agus is féidir leo tuilleadh a ithe ina dhiaidh sin má tá ocras orthu fós. Is cabhair é plátaí níos lú a úsáid, le haghaidh leanaí agus daoine fásta.

Tá an treoir seo ábhartha do gach duine 5 bliana d’aois agus níos sine.

Bia Sláintiúil don Saol a thugtar ar na treoirlínte agus tá an méid seo a leanas le fáil san fhoireann uirlisí:

The Food Pyramid

Healthy Ireland Food Plans and Guides

Seo a leanas na príomhtheachtaireachtaí ó Bhia Sláintiúil don Saol:

  • ith níos mó glasraí, sailéid agus torthaí - suas le seacht riar gach lá
  • cuir teorainn le bianna agus deochanna ina bhfuil go leor saille, siúcra agus salainn
  • tá an méid bia tábhachtach: úsáid Pirimid an Bhia mar threoir le haghaidh méideanna bia
  • méadaigh do leibhéil de ghníomhaíocht fhisiciúil
  • bíonn tionchar mór ag athruithe beaga... cuir tús leis na hathruithe inniu!

Téigh chuig safefood áit a bhfuil tuilleadh faisnéise faoi mhéideanna bia.

Oibrímid i gcomhpháirt le FSS agus safefood ar an bhfeachtas START, a chabhraíonn le tuismitheoirí aistí bia a gcuid leanaí a athrú. Is deis atá ann freisin do thuismitheoirí noda a roinnt lena chéile. Is féidir leat féachaint ar roinnt de na hoidis, le haghaidh leanaí go háirithe, anseo.


Béilí sláintiúla a chócaráil

Bíonn am dinnéir gnóthach i ngach teach. I ndiaidh lá fada a chaitheamh ag obair nó ar scoil, b’fhéidir gurb é dinnéar sláintiúil an rud deireanach a theastóidh uait a dhéanamh nuair atá tú ocrach agus tuirseach.

Is féidir go leor oideas a dhéanamh go sláintiúil gan an blas a ligean i ndearmad. Seo a leanas roinnt nod a chabhróidh leat na hoidis is fearr leat a oiriúnú chun an tsaill, siúcra, salann, calraí a laghdú agus an snáithín a mhéadú gan d’aiste bia a athrú go radacach.

• laghdaigh an méid saille: má tá an friochtán in úsáid agat, úsáid ceann neamhghreamaitheach agus níos lú ola ná mar a mholtar san oideas

• laghdaigh an méid salainn: úsáid blastanais eile cosúil le piobar, luibheanna, spíosraí, sú líomóide, fínéagar nó mustard seachas salann

• anlainn agus dipeanna: roghnaigh anlainn déanta de thrátaí agus úsáid bainne leathbhearrtha agus bainne bearrtha, nó iógart ar bheagán saille seachas bainne gan bhearradh agus uachtar géar

• cáis: úsáid cáiseanna ar a bhfuil blas láidir cosúil le céadar aibí nó cáis ghorm i miasa saillte - is féidir níos lú a úsáid ach beidh an blas ar fad fós ann

Tá roinnt oideas an-simplí, sláintiúil ar Safefood ar féidir leat iad a leanúint (tá na calraí sonraithe freisin). Tá na hoidis ar fáil anseo.

Tá oidis ag Bord Bia freisin a áirítear iontu meascán de bhia traidisiúnta agus nua-aimseartha agus tá siad le fáil anseo.


Tá an méid a ólann tú tábhachtach freisin

Braitheann an méid leachta a theastaíonn uainn ar cé chomh gníomhach is atáimid agus cé chomh te is atá sé. Chun fanacht sláintiúil, ba cheart dúinn thart ar 8 gcupán nó 1.6 lítear a ól gach lá. Is iad bainne agus uisce na roghanna is fearr. Téigh i dtaithí ar uisce a ól le gach béilí agus ól uisce aon uair a bhíonn tart ort. Tá uisce gan súilíní níos cineálta d’fhiacla ná uisce súilíneach.

Maidir le calraí, is ionann gloine mór fíona a ól agus slisne píotsa a ithe. Má ólann tú go leor, tá seans maith ann go mbeidh tionchar aige ar do mheáchan le himeacht ama, agus do shláinte ghinearálta freisin. Tá eolas maidir le calraí in alcól le fáil anseo.

Úsáid Áireamhán Deochanna Ask About Alcohol chun eolas a fháil faoin tionchar atá ag alcól ar do shláinte, do sparán agus do mheáchan.


Meáchan a chailleadh

Nuair a bhíonn daoine ag iarraidh meáchan a chailleadh bíonn nós acu díriú ar rud amháin go minic, na puint nó na cileagraim caillte. Ach éireoidh níos fearr leat má dhíríonn tú ar bhianna níos sláintiúla a ithe, agus má bhíonn tú níos gníomhaí éireoidh leat an meáchan a choinneáil díot.

Seo a leanas roinnt nod:

  • coinnigh súil ar an méid bia atá á ithe agat, cabhróidh sé leat aird a dhíriú ar do nósanna ithe agus ar na fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith agat
  • baineann fíorthábhacht le spriocanna a phleanáil agus a shocrú
  • bí go deas leat féin nuair a éiríonn leat spriocanna a chomhlíonadh agus éireoidh leat leanúint leis an obair mhaith

Tá roinnt nod maidir le conas meáchan a chailleadh go sábháilte le fáil anseo.