English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tacaíochtaí Éire Shláintiúil


Aimseoidh tú raon tacaíochtaí praiticiúla ar an leathanach seo chun tacú leat agus tú ar do thuras sláinte.


Treoirlínte maidir le bia sláintiúil

Cabhraíonn treoirlínte maidir le bia sláintiúil le daoine roghanna a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil a n-aiste bia sláintiúil, cothromaithe. Táimid ar fad ag iarraidh go gcuirfidh leanaí an tús is fearr agus is féidir lena saol agus baineann tábhacht ollmhór lena n-aiste bia. Má dhéanann an teaghlach ar fad athruithe d’fhéadfaí cabhrú le gach duine dul i dtaithí ar na hathruithe agus nósanna sláintiúla a fhorbairt don saol.

Leanaí níos óige

Má éiríonn leat aiste bia oiriúnach a chur ar fáil do do leanaí ón tús cabhrófar leo an tús is fearr agus is féidir a chur lena saol agus cabhrófar leo nósanna maidir le bia sláintiúil a ithe don saol ar fad a fhorbairt. Déantar cur síos sna treoirlínte seo ar a leanas ar an mbealach is fearr chun leanaí idir 1 agus 4 bhliain d’aois a bheathú, an méid bia ba cheart a thabhairt dóibh agus cé chomh minic.

Pirimid an Bhia

Is ionann pirimid an bhia agus treoir maidir le riar agus méideanna bia do leanaí idir 1 - 4 bhliain d’aois.

Bia sláintiúil do leanaí idir 1 agus 4 bliana d’aois

Treoirleabhair

Treoirleabhair úsáideacha maidir le:

Béilí sona sláintiúla do theaghlaigh

Comhairle maidir le Vitimín D ón Roinn Sláinte do leanaí idir 1 go 4 bliana d’aois

Réasúnaíocht

Réasúnaíocht do na Treoirlínte Náisiúnta maidir le Bia Sláintiúil do leanaí aon bhliain d’aois go ceithre bliana agus don

Seo a leanas na príomhtheachtaireachtaí ó threoirlínte 1 - 4:

  • maireann nósanna maidir le bia sláintiúil a ithe ar feadh an tsaoil

Is aois mhaith í seo chun nósanna maidir le bia sláintiúil a ithe a mhúineadh do do leanaí ar feadh a saoil. Tabhair dea-shampla. Má itheann tú bianna sláintiúla éagsúla, beidh níos mó seans ann go ndéanfaidh do leanbh an rud céanna.

  • ná dearmad go bhfuil boilg bheaga acu agus nach dteastaíonn méideanna móra bia uathu

Tá boilg bheaga ag leanaí atá idir 1 agus 4 bhliain d’aois. Ní féidir leo ach méideanna beaga a ithe. Tairg 3 bhéile bheaga agus idir 2 agus 3 sneaic shláintiúla dóibh gach lá. Ba cheart go mbeadh an bia agus na deochanna ar fad a thugann tú dóibh cothaitheach.

  • tá an méid bia tábhachtach

Tabhair aird ar ghoile do linbh. Bíodh an méid bia a thairgeann tú do do leanbh bunaithe ar a g(h)oile. Lean treoir na Pirimide Bia do Leanaí chun cinneadh a dhéanamh maidir le méideanna bia.

  • is bia tábhachtach é bainne

Is bia tábhachtach é bainne in aiste bia leanaí atá idir 1 agus 4 bhliain d’aois. Tairg trí riar bainne, iógart nó cáis do do leanbh gach lá.

  • ná tabhair an iomarca bianna 'milse' dóibh

Is féidir nasc a chruthú idir bianna ina bhfuil go leor saille, siúcra agus salainn agus murtall le linn na hóige. Má chinneann tú na bianna seo a thabhairt do do leanaí ná tabhair dóibh ach méideanna BEAGA, uair sa tseachtain.

  • tairg uisce agus bainne mar dheochanna go minic

Seachain deochanna lán siúcra cosúil le coirdiail agus deochanna súilíneacha. Níl deochanna lán siúcra go maith d’fhiacla do linbh.

  • bíodh gnáthamh laethúil agat

Cabhróidh amanna rialta le haghaidh béilí agus sneaiceanna le nósanna maidir le bia sláintiúil a ithe ar feadh an tsaoil a bhunú, cosúil le bricfeasta sláintiúil a ithe gach maidin.

  • teastaíonn níos mó Vitimín D i rith mhíonna an Gheimhridh

Ní fhaigheann leanaí óga dóthain Vitimín D sa gheimhreadh. Teastaíonn 5 mhicreagram vitimín D, braoiníní nó leacht, gach lá idir Oíche Shamhna (an 31 Deireadh Fómhair) agus Lá Fhéile Pádraig (an 17 Márta).

  • cinntigh go bhfuil dóthain iarainn á fháil ag do leanbh

Tairg feoil dhearg do do leanbh 3 huair sa tseachtain agus roghnaigh gránach bricfeasta ina bhfuil breis iarainn (12mg/100g) formhór laethanta na seachtaine. B’fhéidir go mbeadh iarann ag teastáil ó leanaí atá idir 1-3 bhliain d’aois atá beag dá n-aois agus b’fhéidir gur cheart duit labhairt le gairmí sláinte chun comhairle a fháil.

Treoirlínte maidir le bia sláintiúil do leanaí níos sine agus daoine fásta

D’fhéadfadh sé a bheith deacair cinneadh a dhéanamh maidir leis an méid bia ba cheart duit a thabhairt do do leanbh mar go mbraitheann sé ar a (h)aois agus leibhéil ghníomhaíochta. Túsphointe maith é an méid bia agus rud éigin is féidir leat béim a leagan air de réir a chéile do gach ball den teaghlach.

Mar threoir ghinearálta, ba cheart do leanbh 5 bliana d’aois thart ar leath an méid bia a itheann duine fásta a ithe. Itheann go leor daoine fásta níos mó bia ná mar a theastaíonn uathu. Bain triail as méideanna níos lú bia a chur ar a bplátaí ar dtús agus is féidir leo tuilleadh a ithe ina dhiaidh sin má tá ocras orthu fós. Is cabhair é plátaí níos lú a úsáid, le haghaidh leanaí agus daoine fásta

Tá an treoir seo ábhartha do gach duine 5 bliana d’aois agus níos sine.

Bia Sláintiúil don Saol a thugtar ar na treoirlínte agus tá an méid seo a leanas le fáil san fhoireann uirlisí:

Pirimid an Bhia


Ionaid Oibre Shláintiúla

Tá tionchar díreach ag ionaid oibre ar fholláine fhisiciúil, intinne, eacnamaíoch agus shóisialta na n-oibrithe agus, dá réir sin, ar shláinte a dteaghlach, a bpobal agus na sochaí.

Tá os cionn 2 mhilliún duine fostaithe in Éirinn, agus, mar sin, is féidir le hionaid oibre ról tábhachtach a dhéanamh ó thaobh an tsláinte a chur chun cinn.

Tá tacaíochtaí a bhaineann le hionaid oibre Shláintiúla ar fáil duit anseo.


Éire Shláintiúil i do leabharlann

Tá leabharlanna poiblí ag soláthar an clár náisiúnta Éire Shláintiúil i do Leabharlann, clár a dhéanann foinse luachmhar faisnéise sláinte sa phobal de leabharlanna.

Áirítear leis an tionscnamh réimse ábhar a bhaineann leis an tsláinte agus folláine agus tá leabhair, acmhainní ar líne agus sraith imeachtaí ar fáil mar chuid de. Tá os cionn 100 teideal sa bhailiúchán leabhar a chlúdaíonn na trí théama de chuid Éire Shláintiúil – Ith go Maith, Smaoinigh go Maith, Bí go Maith.

Faigh eolas ar conas rochtain a fháil ar thacaíochtaí Éire Shláintiúil i do leabharlann anseo.


Cothú cíche

Tá sé mar aidhm ag an gclár 'We're Breastfeeding Friendly' (Táimid ag Tacú le Cothú Cíche) feabhas a chur ar shláinte agus folláine máithreacha atá ag cothú cíche, a mbabaithe agus a dteaghlach trí ghnólachtaí, eagraíochtaí agus pobail a thacaíonn le cothú cíche a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Is í aidhm an chláir 'We're Breastfeeding Friendly':

  • tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí, pobail agus suímh seirbhíse poiblí fáilte a chur roimh mháithreacha agus teaghlaigh atá ag cothú cíche
  • tacaíocht a thabhairt do mháithreacha agus teaghlaigh atá ag cothú cíche a bheith gníomhach sa phobal
  • tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí le linn na tréimhse saoil tábhachtaí sin ina mbeirtear páiste dóibh
  • tacú le cultúr láidir cóngarachta - idir gníomhaireachtaí agus laistigh de phobail (agus dar ndóigh, idir an mháthair, an teaghlach, an babaí agus an pobal)

Léigh níos mó