Eolas faoi Bheartais
- Foilsithe: 4 Aibreán 2019
- An t-eolas is déanaí: 3 Aibreán 2025
- Plean Gníomhaithe Straitéiseach Éire Shláintiúil 2021-2025
- An Creat Éire Shláintiúil
- An Creat um Ionad Oibre Sláintiúil
- Creat Campais Shláintiúil
- Gníomhaíocht choirp
- Murtall
- Caitheamh tobac
- Alcól
- Sláinte ghnéis
- Ailse chraicinn
- Vitimín D
- An Suirbhé Éire Shláintiúil
- An Creat Torthaí Éire Shláintiúil
- An Plean Náisiúnta um Chur Chun Cinnna Meabhairshláinte
Plean Gníomhaithe Straitéiseach Éire Shláintiúil 2021-2025
Solathraíonn an Plean Gníomhaithe Straitéiseach Éire Shláintiúil 2021-2025 clár oibre soiléir i dtaca le conas is féidir linn leanúint orainn ag obair le chéile chun go mbeidh sláinte mhaith ann, rochtain ar sheirbhísí, timpeallachtaí sláintiúla, agus teacht aniar chun a chinntiú go mbainfidh gach duine leas as an tsláinte fisiciúil agus meabhrach agus as an bhfolláine, agus go mbainfidh siad barr a gcumais amach.
An Creat Éire Shláintiúil
Seoladh an Creat Éire Shláintiúil in 2013 agus déantar cur síos ann ar cheithre phríomhaidhm le haghaidh feabhas a chur ar shláinte agus folláine:
- méadú a chur ar sciar na ndaoine a bhfuil sláinte mhaith acu ag gach céim den saol
- laghdú a dhéanamh ar neamhionannas sláinte
- an pobal a chosaint ar bhagairtí ar shláinte agus folláine
- timpeallacht a chruthú inar féidir le gach duine agus gach earnáil den tsochaí ról a imirt ó thaobh Éire shláintiúil a bhaint amach
An Creat um Ionad Oibre Sláintiúil
Tá sé mar aidhm ag an gCreat um Ionad Oibre Sláintiúil tacú le fás cur chuige éifeachtach chun sláinte agus folláine san ionad oibre a fheabhsú.
Is garsprioc thábhachtach é an Creat seo maidir le folláine san ionad oibre in Éirinn agus cuirfidh sé ar ár gcumas tionscnaimh reatha a aithint agus a fheabhsú, chun comhroinnt taithí agus foghlama a éascú, agus chun na tacaíochtaí agus na huirlisí riachtanacha a sholáthar d’eagraíochtaí agus do chomhlachtaí chomh maith.
Creat Campais Shláintiúil
Glacann Campas Sláintiúil le tuiscint iomlánaíoch ar shláinte, glactar le cur chuige an champais uile agus déantar iarracht timpeallacht foghlama agus cultúr eagraíochtúil a chruthú a fheabhsaíonn sláinte agus folláine a phobail agus a chuireann ar chumas daoine barr a gcumais a bhaint amach. Is treoir é an creat seo a bhfuil sé mar aidhm leis gach Institiúid Ard-Oideachais in Éirinn a ghríosú agus a spreagadh chun iarracht a dhéanamh cur chuige an champais uile a fhorbairt maidir le sláinte agus folláine.
Gníomhaíocht choirp
Leis an bPlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp, cruthaítear níos mó deiseanna do dhaoine chun go mbeidh siad gníomhach ar bhealaí a oireann dá saol laethúil agus do riachtanais, cúinsí agus spéiseanna daoine aonair.
Déantar é sin ar na bealaí seo a leanas:
- na bacainní a chuireann srian le daoine páirt a ghlacadh a bhaint, agus spreagadh a thabhairt do dhaoine bealaí a aithint chun na bacainní sin a shárú
- feabhas a chur ar chomhoibriú trasearnála ag an leibhéal náisiúnta, áitiúil agus ag leibhéal an phobail chun gníomhaíocht choirp a spreagadh ag gach leibhéal
- timpeallacht thacúil a spreagadh ina ndéantar gnáthrud de ghníomhaíocht choirp
- deachleachtas a chur chun cinn agus samhlacha nua rannpháirtíochta a aimsiú a chuireann níos mó daoine ag gluaiseacht
Murtall
Tá sé seanbhunaithe anois gur fadhb shuntasach é murtall agus rómheáchan in Éirinn. Tá cuir chuige ilghníomhaireachtaí, il-leibhéal agus comhordaithe ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb chasta sin.
Tá sé mar aidhm ag Beartas agus Plean Gníomhaíochta na hÉireann maidir le Murtall treochtaí murtaill a chasadh thart agus laghdú a dhéanamh ar an ualach iomlán ar dhaoine aonair, teaghlaigh, an córas sláinte agus an tsochaí agus an geilleagar i gcoitinne.
Caitheamh tobac
Is é caitheamh tobac an chúis is mó le bás inchoiscthe in Éirinn. Faigheann 5,500 duine ar a laghad bás mar gheall ar úsáid tobac in Éirinn gach bliain.
Seoladh an straitéis Éire atá Saor ó Thobac i nDeireadh Fómhair 2013. Leagtar amach inti sprioc go mbeidh ráta caite tobac níos lú ná 5% in Éirinn faoi 2025, agus beidh an tír ina sochaí saor ó thobac, a bheag nó a mhór.
Alcól
Imríonn alcól tionchar ar do cholainn agus d'inchinn, méadaíonn sé go leor rioscaí sláinte agus is féidir leis damáiste a dhéanamh do do shláinte intinne.
Ní hamháin go mbíonn tionchar ag mí-úsáid alcóil agus pátrúin dhochracha an óil ar shláinte na ndaoine a ólann an iomarca, ach déanann siad dochar do theaghlaigh agus don tsochaí i gcoitinne chomh maith.
Sláinte ghnéis
Is creat straitéiseach maidir le sláinte agus folláine ghnéis mhuintir na hÉireann é An Straitéis Náisiúnta Sláinte Gnéis 2015 – 2020.
Is í fís na Straitéise sin go mbeidh sláinte agus folláine ghnéis mhaith ag gach duine in Éirinn agus go mbeidh rochtain acu ar fhaisnéis, oideachas agus seirbhísí ar ardchaighdeán.
Glacann an straitéis le cur chuige cúrsa saoil i leith sláinte ghnéis, cur chuige a aithníonn an tábhacht a bhaineann le gnéasacht shláintiúil a fhorbairt le linn an óige agus na hógántachta, agus a dhéanann forbairt ar an mbunchloch sin chun go mbeidh sláinte agus folláine ghnéis ag daoine le linn na haosachta agus nuair atá siad níos sine.
Ailse chraicinn
Is é ailse chraicinn an cineál ailse is coitianta in Éirinn. Diagnóisítear os cionn 11,000 cás ailse craicinn gach bliain. Tá an líon sin dhá uair níos mó ná an líon a bhí ann 10 mbliana ó shin agus táthar ag súil leis go méadóidh sé faoi dhó arís faoi 2043. Ach is féidir cosc a chur leis an gcuid is mó d'ailsí craicinn.
Vitimín D
Ní fhaigheann daoine in Éirinn a ndóthain vitimín D óna n-aiste bia nó ó éifeacht solas na gréine ar a gcraiceann. Molann an Roinn Sláinte forlíontaí vitimín D do gach duine. Braitheann an méid atá uait ar d’aois, ton craicinn, do chás agus an t-am den bhliain.
An Suirbhé Éire Shláintiúil
Is cuid de shuirbhé aghaidh ar aghaidh a riarann agallóirí, arna choimisiúnú ag an Roinn Sláinte, é an Suirbhé Éire Shláintiúil. Is cuid den Chreat Éire Shláintiúil 2019-2025 é, creat a cheaptar chun feabhas a chur ar shláinte agus folláine na ndaoine a chónaíonn in Éirinn.
Is iad cuspóirí an tsuirbhé sin:
- sonraí reatha agus inchreidte a chur ar fáil agus a thuairisciú d'fhonn feabhas a chur ar mhonatóireacht agus measúnú ar thionscnaimh bheartais éagsúla faoin gCreat
- tacú le agus feabhas a chur ar chumas na hÉireann chun go leor dá hoibleagáidí tuairiscithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh
- páirt a ghlacadh sa Chreat Torthaí le haghaidh Éire Shláintiúil agus cuidiú le measúnú agus monatóireacht a dhéanamh ar thairbhí na straitéise foriomláine um leasú sláinte, agus chun na tairbhí sin a fhíorú
- monatóireacht dhírithe a cheadú, más gá, a bhfuil cur chuige dírithe ar thorthaí aici agus a mbeidh freagrúlacht agus lúfaireacht níos fearr ann ó thaobh ceaptha beartais de dá barr
- tacú leis an Roinn Sláinte maidir le gníomhaíochtaí leanúnacha rannpháirtíochta agus ardaithe feasachta i réimsí beartais éagsúla agus tacú le tuiscint níos fearr ar thosaíochtaí beartais
An Creat Torthaí Éire Shláintiúil
Forbraíodh an Creat Torthaí Éire Shláintiúil chun monatóireacht a dhéanamh ar spriocanna agus táscairí feidhmíochta Éire Shláintiúil, agus chun iad a chur chun cinn.
Tá an Creat Torthaí bunaithe ar shamhail choincheapúil sláinte agus folláine a thugann le chéile stádas sláinte, torthaí sláinte agus cinntithigh sláinte agus folláine ar fud an tsaoil.