An Dr Laura Mannion
- Foilsithe: 2 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 4 Deireadh Fómhair 2023
Síciatraí comhairleach agus iar-Stiúrthóir Cliniciúil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte is ea an Dr Mannion. Is comhalta í de Choláiste Síciatraithe na hÉireann agus is Ánra í de Choláiste Ríoga na Síciatraithe. Tá cúlra fairsing i gcleachtas cliniciúil aici agus bhí sí ina Léachtóir Sinsearach le Síciatracht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus baint leanúnach aici le Síciatraithe a oiliúint le Coláiste Síciatraithe na hÉireann. Ceapadh í mar chomhalta den Bhord neamhreachtúil Parúil sa bhliain 2017.