Faisnéis d’íospartaigh
- Foilsithe: 1 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Samhain 2024
- Conas clárú
- Na daoine a thagann faoin sainmhíniú ar ‘Íospartach’
- Cad is parúl ann?
- Fógra faoi iarratas ar pharúl
- Scéim um Chúnamh Dlíthiúil
- Aighneachtaí
- Aighneacht a dhéanamh i bpearsa
- Fógra faoi bhreith ón mBord
- Sonraí Teagmhála
Más rud é gur duine thú a d’fhulaing coir thromchúiseach agus go bhfuil pianbhreith saoil á cur isteach ag duine mar gheall ar an gcoir sin, tá an ceart agat chun do thuairimí a chur in iúl sa phróiseas parúil.
Líon isteach an fhoirm seo chun clárú linn. Déanfaimid teagmháil leat chun a fhiafraí díot an mian leat aighneacht a dhéanamh nó nach mian agus treoróimid thú tríd an bpróiseas.
Is féidir aighneacht a dhéanamh i bpearsa nó i scríbhinn. Déanfaimid ár ndícheall é sin a éascú ag am agus in áit atá oiriúnach duit agus i bhformáid atá oiriúnach duit.
Féadfaidh tú leas a bhaint as ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce mar chabhair.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go gcuirtear aighneachtaí ó íospartaigh ar áireamh san fhaisnéis a sholáthraítear don iarratasóir ar pharúl mar chuid dá (h)athbhreithniú parúil.
Más rud é nach bhfuil iarratas ar pharúl déanta fós ag an duine atá ag cur na pianbhreithe isteach nó nach bhfuil an íostréimhse lena gceadaítear dó/di iarratas a dhéanamh curtha isteach aige/aici, féadfaidh tú clárú fós agus déanfaimid teagmháil leat má dhéanann sé/sí iarratas agus nuair a dhéanann sé/sí iarratas.
Conas clárú
Chun clárú, priontáil agus líon isteach an fhoirm seo agus tabhair cruthúnas céannachta agus mionsonraí faoin mbaint atá agat leis an gcás atá i gceist.
Is féidir linn cóip den fhoirm a chur sa phost chugat, más gá.
Is féidir leat an fhoirm a sheoladh le ríomhphost chugainn ag vlo@paroleboard.gov.ie nó í a chur sa phost chugainn ag 6/7 Sráid Hanover Thoir, Baile Átha Cliath 2, D02 W320
Má bhíonn aon cheisteanna agat, is féidir leat glaoch a chur orainn ag 003531 474 8770 nó ag 00353 1474 8767.
Na daoine a thagann faoin sainmhíniú ar ‘Íospartach’
Sainmhínítear “íospartach” san Acht Parúil, 2019, mar a leanas:
1. Duine a d’fhulaing díobháil, lena n-áirítear díobháil fhisiciúil, mheabhrach nó mhothúchánach nó caillteanas eacnamaíoch, ar chion choiriúil ar ina leith atá téarma príosúnachta saoil á chur isteach ag an bpríosúnach ba chúis léi go díreach;
2. Na daoine de theaghlach aon duine ar chion choiriúil ba chúis go díreach lena bhás nó lena bás agus a d’fhulaing díobháil, lena n-áirítear díobháil fhisiciúil, mheabhrach nó mhothúchánach nó caillteanas eacnamaíoch mar thoradh díreach ar an gcion sin.
Meastar gur duine den teaghlach thú i gcás gur duine de na daoine seo a leanas thú:
- céile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir de chuid an íospartaigh
- leanbh nó leasleanbh de chuid an íospartaigh
- tuismitheoir nó seantuismitheoir de chuid an íospartaigh
- deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar nó deirfiúr leasghaolmhar de chuid an íospartaigh
- ua nó banua de chuid an íospartaigh
- aintín, uncail, nia nó neacht de chuid an íospartaigh
- aon duine eile a bhí i gcleithiúnas ar an íospartach.
- duine a bhfuil baint sách dlúth aige/aici leis an íospartach chun gur cóir don Bhord déileáil leis/léi mar dhuine den teaghlach.
I gcásanna inar mian le níos mó ná duine amháin den teaghlach aighneacht a dhéanamh, is féidir go n-iarrfaimid ar an teaghlach duine amháin den teaghlach a ainmniú chun aighneacht a dhéanamh chun an Bhoird.
Mura féidir leis an teaghlach teacht ar chomhaontú ar cé a dhéanfaidh aighneacht, is féidir go n-ainmneoimid níos mó ná duine amháin den teaghlach.
Ní bheidh duine den teaghlach i dteideal na gceart a thugtar d’íospartaigh leis an Acht i gcás gur cúisíodh é/í i mbás an íospartaigh nó go bhfuil sé/sí faoi imscrúdú maidir le bás an íospartaigh.
Cad is parúl ann?
Is é is parúl ann duine a scaoileadh as príosún faoi choinníollacha áirithe.
Má dheonaítear parúl dó/di, caithfidh an duine coinníollacha uile a (h)ordaithe parúil a chomhlíonadh. Beidh pianbhreith saoil á cur isteach aige/aici fós ach beidh sé/sí ag déanamh amhlaidh sa phobal. Féadfar an duine a fhilleadh ar phríosún má athchiontaíonn sé/sí nó má sháraíonn sé/sí aon cheann de choinníollacha an ordaithe parúil.
Fógra faoi iarratas ar pharúl
Tabharfaidh an Bord Parúil fógra d’íospartaigh chláraithe faoi iarratas ar pharúl. Tabharfaimid cuireadh duit chun páirt a ghlacadh sa phróiseas parúil.
Tabharfaimid faisnéis duit freisin faoin tseirbhís cúnaimh dhlíthiúil atá ar fáil duit chun cabhrú leat sa phróiseas parúil. Tabharfar cúnamh dlíthiúil saor in aisce.
Féadfaidh tú a roghnú d’ionadaí dlíthiúil féin a úsáid freisin. Má roghnaíonn tú an rogha sin, gheobhaidh d’ionadaí dlíthiúil an ráta socraithe faoi Scéim an Bhoird Parúil um Chúnamh Dlíthiúil.
Scéim um Chúnamh Dlíthiúil
Tá Scéim um Chúnamh Dlíthiúil i bhfeidhm ag an mBord Parúil agus féadfaidh sé cúnamh dlíthiúil d’íospartaigh chláraithe a eagrú saor in aisce, fiú má tá sé ar acmhainn an íospartaigh íoc as. Eagróimid é sin ar do shon sula ndéanfaidh tú d’aighneacht.
Féadfaidh tú a roghnú d’ionadaí dlíthiúil féin a úsáid freisin. Má roghnaíonn tú an rogha sin, gheobhaidh d’ionadaí dlíthiúil an ráta socraithe faoi Scéim an Bhoird Parúil um Chúnamh Dlíthiúil. Déanfaimid iarracht a chinntiú go bhfaighidh tú an t-ionadaí dlíthiúil céanna do gach cruinniú, ach amháin i gcás go n-iarrfaidh tú orainn duine eile a shannadh.
Más mian leat, féadfaidh d’ionadaí dlíthiúil dul leat chuig do chruinniú leis an mBord.
Na slite inar féidir le hionadaí dlíthiúil cabhrú leat
Oibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil leat chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- feidhm an Bhoird Parúil a leagan amach
- an bhreith a thug an Bord ar pharúl a mhíniú duit.
Déanfaidh sé/sí na nithe seo a leanas freisin:
- formáid d’aighneachta a chomhaontú
- tuarascálacha maidir leis an iarratas ar pharúl a chur i láthair os comhair an Bhoird thar do cheann
- faisnéis i scríbhinn a chur faoi bhráid an Bhoird thar do cheann
- tacaíocht a thabhairt duit ag do chruinniú leis an mBord.
Aighneachtaí
Ní gá duit aighneacht a dhéanamh chun an Bhoird, ach cabhraíonn aighneachtaí leis an mBord a thuiscint conas a chuaigh an choir i bhfeidhm ort.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go gcuirfear aighneachtaí ón íospartach ar fáil don iarratasóir ar pharúl, seachas in imthosca an-eisceachtúil.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin nach bhféadfaidh tú aighneacht a dhéanamh ach amháin a luaithe atá iarratas ar pharúl faighte. Ní fhéadfaimid glacadh le haighneachtaí sula ndéantar iarratas ar pharúl.
Féadfaidh tú na haighneachtaí roimhe uait chun an Bhoird a chur isteach an athuair le haghaidh aon iarratas ar pharúl ina dhiaidh sin, nó féadfaidh tú aighneacht nua a dhéanamh.
Má chinneann tú aighneacht a dhéanamh i bpearsa, déanfaimid ár ndícheall an cruinniú sin a chur ar siúl ag am agus in áit atá oiriúnach duit agus i bhformáid atá oiriúnach duit.
Féadfaidh tú leas a bhaint as ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce mar chabhair.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go gcuirtear aighneachtaí ó íospartaigh ar áireamh san fhaisnéis a sholáthraítear don iarratasóir ar pharúl mar chuid dá (h)athbhreithniú parúil.
Aighneacht a dhéanamh i bpearsa
Le linn aighneacht i bpearsa a dhéanamh, buailfidh tusa agus/nó d’ionadaí dlíthiúil le comhaltaí den Bhord Parúil (beirt chomhaltaí ar a laghad). Is eol dúinn go bhféadfadh an próiseas seo goilleadh ort agus déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go mbeidh tú chomh compordach agus is féidir le linn duit d’aighneachtaí a dhéanamh.
Iarraimid ort ullmhú don phróiseas sin agus smaoineamh ar cad go díreach is mian leat a rá leis an mBord.
Is féidir gur mhaith leat d’aighneacht a phlé le d’ionadaí dlíthiúil. Chun cabhrú leat d’aighneacht a dhéanamh chun an Bhoird, d’fhéadfá smaoineamh ar úsáid a bhaint as ráiteas réamhullmhaithe ina gcumhdaítear gach ceann de na nithe ar mian leat aird an Bhoird a tharraingt orthu.
Freastalóidh ball de Rúnaíocht an Bhoird ar an gcruinniú freisin chun nótaí agus/nó ráiteas forlíontach breise a thógáil.
Fógra faoi bhreith ón mBord
Féadfar fógra a thabhairt duit faoin mbreith ón mBord má ghlac tú páirt sa phróiseas nó má d’iarr tú go gcuirfí ar an eolas thú faoin toradh.
Sonraí Teagmhála
Parole Board
- Seoladh:
- Suite 401, The Capel Building, Mary's Abbey, Dublin 7, D07 N4C6
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 474 8767;
+353 1 474 8770