English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Feachtas Faisnéise an Bhoird Parúil d’íospartaigh

  • Ó: An Bord Parúil

  • Foilsithe: 2 Nollaig 2024
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá an Bord Parúil ag rith feachtais eolais thar trí sheachtain i Mí na Samhna 2023. Tá sé mar sprioc ag an bhfeachtas íospartaigh de choireanna tromchúiseacha a chur ar eolas faoi a gceart chun tuairimí a chur isteach sa phróiseas parúil agus an gá chun dhul i dteagmháil leis an mBord chun an ceart sin a fheidhmiú.

Is é a bheidh i gceist leis an bhfeachtas ná ionadaí fhógra 30 soicind ar stáisiúin raidió náisiúnta agus áitiúla.

Na híospartaigh atá mar cheart acu a nguth a bheith sa phróiseas parúil ná íospartaigh de choireanna tromchúiseacha – nó a muintir, sa chás gur bhfuair an t-íospartach bás, nuair atá pianbhreith saoil á chaitheamh ag duine, mar thoradh ar an gcoir.

Tá sé mar chuspóir ag an bhfeachtas aird na n-íospartach a tharraingt go bhfuil guth acu sa phróiseas parúil. Na céimeanna páirteach sa phróiseas sin ná:

  • Ag comhlíonadh na foirme chlárúcháin chun clárú leis an mBord Parúil. Tá an fhoirm ar fáil ag an Suíomh gréasáin an Bhoird Parúil
  • Rachaidh an Bord Parúil i dteagmháil le híospartaigh chun ceist a chur orthu an bhfuil fonn orthu aighneacht a dhéanamh maidir leis an duine atá tar éis iarratas a chur isteach chuig an mBord chun athbhreithniú a dhéanamh ar a phianbreith.
  • Treoróidh an Bord Parúil íospartaigh tríd an phróiseas chun aigneacht a dhéanamh.
  • D’fhéadfadh aighneachtaí a dhéanamh go pearsanta nó i scríobhnóireacht agus tá an Bord Parúil geallta chun a dhícheall a dhéanamh ionas go bhfuil íospartaigh in ann a n-aighneachtaí a dhéanamh ag am, áit agus i bhformáid a n-oireann an t-íospartach atá bainteach.
  • D’fhéadfadh íospartaigh leas a bhaint as chúnamh dlí saor in aisce chun cabhair a thabhairt dóibh ag déanamh a n-aighneachta.
  • Tá sé tábhachtach d’íospartaigh a bheith ar an eolas go bhfuil aighneachtaí íospartach cuirthe ar fáil don iarratasóir parúil mar pháirt den phróiseas parúil.
  • Más mian leo, d’fhéadfadh íospartaigh a bheith cuirthe ar eolas faoi thoradh an iarratais parúil nuair atá cinneadh an Bhoird déanta.

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Bord Parúil atá bunaithe faoin Acht Parúil 2019.

Ba chomhair ceisteanna meáin a sheoladh chuig [ríomhphost press@paroleboard.gov.ie]