Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Ailbhe O’Neill

Is abhcóide í Ailbhe O’Neill a bhfuil an-taithí aici i réimsí an dlí bunreachtúil agus rialála. Tá comhairle tugtha aici maidir le réimse leathan reachtaíochta a bhaineann le cearta réadmhaoine agus tugtar treoir rialta di gníomhú i gcúrsaí a bhaineann le dlí bunreachtúil agus tráchtála.

Bhí sí ina comhairleoir dlí ag na Coimisiúin Reifrinn a bunaíodh don Tríochadú Leasú ar an mBunreacht (glacadh leis an gConradh um Chobhsaíocht Fhioscach) agus don Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cúirt Achomhairc a chruthú) agus ag Coimisiún Imscrúdúcháin Nyberg.

Is Ollamh Cúnta i Scoil an Dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath í Ailbhe, agus díríonn a cuid léachtaí agus ábhar taighde ar chearta réadmhaoine agus rialála agus tá foilseacháin foilsithe aici sa bhaile agus go hidirnáisiúnta sna réimsí sin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat