John O'Connor
- Foilsithe: 18 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 28 Feabhra 2022

Glactar go forleathan leis go bhfuil John O’Connor ar dhuine de na daoine is feasaí agus is mó taithí in earnáil tithíochta na hÉireann agus tá clú agus cáil air as a chur chuige comhoibríoch ar fud gach earnála - an earnáil phoiblí, an earnáil phríobháideach agus an earnáil neamhbhrabúis.
Is é John iarPríomhoifigeach Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Tithíochta. I measc a chuid ról roimhe seo tá Príomhoifigeach na Comhpháirtíochta Tithíochta Inacmhainne, agus Bainisteoir Feidhmiúcháin na Roinne Tithíochta & Pobail i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Chaith sé seal freisin ag obair i dtionscal na tógála sular aistrigh sé chuig an rialtas áitiúil. Is Innealtóir Cairte é agus tá cáilíochtaí aige i réimsí eile, rialachas agus bainistiú tionscadail ina measc.
Tá an-taithí aige i mbainistíocht, i bhforbairt agus i seachadadh díreach tithíochta, go mór mór i réimse na tithíochta sóisialta, na tithíochta inacmhainne agus na dtionscadal athnuachana. Chomh maith leis sin, tá spéis ar leith aige i réimsí na hinbhuanaitheachta, an imeasctha, an mhíchumais agus na gcaighdeán tógála.
Bhí John ar réimse leathan bord agus coistí; agus bhí ina chathaoirleach ar roinnt díobh. Tá sé ar an mBord Cláir um Chosaint Idirnáisiúnta i láthair na huaire.