English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Michael O'Flynn

Michael O'Flynn

Is é Michael O’Flynn Cathaoirleach agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an O’Flynn Group. Bunaíodh an O’Flynn Group i 1978 mar chomhlacht chun tithe a thógáil agus tá anois ar cheann de na comhlachtaí forbartha réadmhaoine is mó in Éirinn.

Tá sárchumas infheistíochta, forbartha agus bainistithe sócmhainní ag an O’Flynn Group sna príomhearnálacha réadmaoine (go háirithe san earnáil chónaithe, cóiríocht do mhic léinn, oifigí, tionscail agus miondíola). Tá clú agus cáil tréan bainte amach ag an nGrúpa thar sáile, go háirithe sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip. Tá saineolas freisin ag an nGrúpa i ngnólachtaí bunaithe ar réadmaoin amhail cóiríocht do mhic léinn.

Tá Michael ina urlabhraí gníomhach i ndáil le spriocanna beartas earnáil réadmhaoine na hÉireann. Is comhalta bunaidh é de Property Industry Ireland agus bhí sé ina Chathaoirleach tráth de bhrainse Chorcaí de Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta.