Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Michelle Norris

Is Ollamh le Beartas Sóisialta í Michelle Norris agus is í atá ina Stiúrthóir ar Institiúid um Beartas Poiblí i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Díríonn ag cuid teagaisc agus taighde ar pholasaithe tithíochta agus ar athghiniúint uirbeach, go háirithe ar:

• thithíocht shóisialta a bhainistiú agus a mhaoiniú

• eastáit tithíochta sóisialta agus limistéir láruirbeacha a athnuachan.

Tá ceannaireacht glactha aici ar bhreis is 20 tionscadal taighde maidir leis na saincheisteanna sin agus tá 200 foilseachán curtha i dtoll a chéile aici ar na torthaí.

Tá dlúthcheangal aici le lucht déanta beartas in Éirinn agus thar lear. Cheap an Taoiseach ina chomhalta neamhspleách í den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach sa bhliain 2011 agus arís sa bhliain 2016. Cheap an tAire Tithíochta chuig bhord eatramhach na Gníomhaireachta Forbartha Talún í sa bhliain 2018.

Idir na blianta 2012 agus 2021 bhí sí ina cathaoirleach ar bhord na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe, gníomhaireacht rialtais a chuireann maoiniú ar fáil do thithíocht shóisialta agus inacmhainne in Éirinn.

Bhí sí ar dhuine de thriúr príomhúdar Housing2030 ar mar a fheabhsaíonn lucht déanta beartas torthaí maidir le tithíocht inacmhainne. Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip, UN Habitat (Clár na Náisiún Aontaithe um Lonnaíochtaí don Duine) agus Housing Europe a choimisiúnaigh an tuarascáil sin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat