Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Patricia King

Is í Patricia Ard-Rúnaí ICTU. Bhí sí ina Leas-Uachtarán ar SIPTU tráth agus bhí sí ar dhuine de bheirt a bhí ina Leas-Uachtarán ar an gComhdháil.

Tá breis is 25 bliain caite aici ina hoifigeach lánaimseartha le SIPTU, is í Patricia an chéad oifigeach mná náisiúnta sa cheardchumann ó tharla gur ceapadh ina Leas-Uachtarán í i mí Bealtaine 2010.

Tá ionadaíocht déanta aici ar oibrithe i ngach réimse den gheilleagar, sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon. Bhí Patricia ina hidirbheartaí ceannais i ndáil le Comhaontú Pháirc an Chrócaigh agus Comhaontú Bhóthar Haddington araon. Bhí ról ceannaireachta aici le linn dhíospóid Irish Ferries (2005/6) agus le linn idirbheartaíochtaí ina dhiaidh sin trína ndearnadh ollchóiriú ar an dlí i leith cearta fostaíochta agus trínar bunaíodh an tÚdarás Náisiúnta Cearta Fostaíochta (NERA).

Tá Patricia ar bhoird na Comhairle Printíseachta, an Bhoird Seirbhíse Cúirteanna agus na Comhairle Comhairlí um Athrú Aeráide.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat