English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí an Choimisiúin Tithíochta

  • Ó: An Coimisiún Tithíochta

  • Foilsithe: 20 Márta 2023
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 20 Márta 2023
  • Dúnadh na haighneachtaí: 8 Bealtaine 2023
  • An t-eolas is déanaí: 27 Aibreán 2023

Consultation is closed

Tá an comhairliúchán seo á dhéanamh thar ceann an Choimisiúin Tithíochta. Is é is cuspóir leis an gcomhairliúchán bonn eolais a chur faoi bhreithniú an Choimisiúin Tithíochta ar bheartas fadtéarmach tithíochta i ndiaidh 2030. Faigh rochtain ar Théarmaí Tagartha an Choimisiúin Tithíochta.

Tá tuairimí sonracha á lorg ag an gCoimisiún maidir le gach ceann de na réimsí seo a leanas:

  • soláthar tithíochta inbhuanaithe fadtéarmach a choinneáil ar bun agus cothromaíocht agus rogha tionachtaí a sholáthar
  • costas agus cáilíocht na tithíochta, lena n-áirítear na cúiseanna leis na costais
  • cumas na hearnála tógála freastal ar riachtanais soláthair tithíochta
  • inacmhainneacht cóiríochta príobháidí ar cíos
  • an inacmhainneacht teach a cheannach do cheannaitheoirí céaduaire
  • tithíocht tuaithe
  • tithíocht shóisialta a rialáil
  • ról na gComhlachtaí Ceadaithe Tithíochta sa soláthar tithíochta

Tríd an gcomhairliúchán seo a dhéanamh, beidh deis agat aiseolas a thabhairt ar cheann amháin de na réimsí thuas, ar chuid díobh nó orthu uile, ag brath ar do rogha féin.

Coinneofar gach freagra a thabharfaidh tú go hiomlán faoi rún. Ní nascfar freagraí ar an gcomhairliúchán le duine ar bith. Ag brath ar do chuid freagraí, d’fhéadfadh sé go nglacfadh sé thart ar 15 nóiméad chun an comhairliúchán a chríochnú.

Mairfidh an comhairliúchán ó Dé Luain an 20 Márta 2023, go dtí Dé Luain 8 Bealtaine 2023. D’fhéadfadh sé nach mbreithneofaí aighneachtaí ar bith a gheofar i ndiaidh an dáta sin.

Faigh rochtain ar an gceistneoir.