Maidir leis an gCoimisiún Tithíochta
- Foilsithe: 12 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 8 Iúil 2024
Tá gealltanas i gClár an Rialtais Coimisiún Thithíocht a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna cosúil le tionacht, caighdeáin, inbhuanaitheacht agus ceisteanna chaighdeán na beatha maidir le soláthar tithíochta, a bhfuil tionchar fadtéarmach acu ar phobail.
Tá sé leagtha amach sa phlean Tithíocht do Chách an rialtais go gcruthaíonn an Coimisiún deis chun tógáil ar an mbeartas atá leagtha amach sa Phlean, ag breathnú go straitéiseach agus go fadtéarmach ar na gnéithe tithíochta seo, thar thréimhse ama breisithe iar-2030, chomh maith le breathnú ar shaincheisteanna aitheanta eile atá oiriúnach do dhianscrúdú.
Tá gealltanas i gClár an Rialtais freisin go reáchtálfar reifreann ar thithíocht. Tá sé beartaithe go n-oibreoidh an Coimisiún Tithíochta chun moltaí a chur chun cinn maidir leis an reifreann ar thithíocht atá luaite i gClár an Rialtais.
Is Coimisiún neamhreachtúil é an Coimisiún agus tá sé faoi cheangal ama (go dtí deireadh Iúil 2023). Féachfaidh an Coimisiún le comhdhearcadh a chothú maidir le saincheisteanna atá tábhachtach do pháirtithe leasmhara. Rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin phoiblí agus déanfar tuilleadh plé struchtúrtha le linn obair an Choimisiúin Tithíochta.
Déan teagmháil leis an gCoimisiún Tithíochta
The Housing Commission Secretariat
- Seoladh:
- Custom House, Dublin, D01 W6X0
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost: